Skip to Content

Acmhainní oideachais

Tá rún daingean ag ESB tacú leis an oideachas mar bhealach leis an gcumhacht a thabhairt do dhaoine óga barr a gcumais a bhaint amach agus le cumasú dóibh ag an am céanna na scileanna is gá a fhorbairt le measúnú criticiúil a dhéanamh ar an saol mórthimpeall orthu agus le fadhbanna an tsaoil a réiteach ar bhealach cruthaitheach, nuálach amach anseo.

Chuige sin, tugaimid maoiniú do thionscnaimh agus cláir oideachais tríd an gCiste um Fhuinneamh do na Glúnta agus trí Chistí Pobail Feirme Gaoithe dár gcuid.

Tá ár gclár oideachais ar leith againn freisin – Generation Tomorrow – ina dtacaímid le comhpháirtithe atá ag obair i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta, na n-ealaíon agus na matamaitice (STEAM).

 


 
Cainéal ESB ar YouTube

Ar ár gcainéal ar YouTube tá go leor físeáin oideachasúla againn faoi ghiniúint an leictreachais, faoi líonraí cliste agus faoin bhfuinneamh in-athnuaite, chomh maith le turgnaimh eolaíochta a mbainfidh leanaí scoile neart spraoi astú.

Tá an seinnliosta iomlán le fáil anseo
 
Cén chaoi a ngintear leictreachas?

Tá na prionsabail eolaíocha agus theicniúla atá taobh thiar de ghiniúint an leictreachais briste síos againn le míniú mionsonraithe a thabhairt ar an gcaoi a dtáirgtear fuinneamh ag feirm ghaoithe atá againn sa Cnoc an Turlaigh, Contae Chill Mhantáin.

Foghlaim níos mó
 
Oideachas Sábháilteachta

Trí na cláir oideachasúla atá againn do dhaltaí bunscoile agus do scoláirí meánscoile, tá sé mar aidhm againn leanaí agus déagóirí a chur ar an eolas faoin tsábháilteacht leictreachais.

Foghlaim níos mó
Leas a Bhaint as Cumhacht ár nAibhneacha

Tá aibhneacha na hÉireann ar cheann de na gnéithe is suimiúla de thírdhreach na tíre.
Ó 1929 i leith, tá ESB ag baint leas as cumhacht agus acmhainní cúig cinn d’aibhneacha na hÉireann le leictreachas a ghiniúint don phobal ar fad.

Foghlaim níos mó
 

Tuilleadh léitheoireachta