Skip to Content

Tacú leis na hEalaíona 

D’aithin ESB i gcónaí an ról ríthábhachtach atá ag ealaíontóirí i dtaobh an dul chun cinn sóisialta agus eacnamaíoch a thaifeadadh agus a léirmhíniú, caidreamh a chothú le pobail, agus an nuálaíocht agus an chruthaitheacht a spreagadh



Ciste Ealaíon ESB i dTreo Saol Níos Fearr

Cuirtear Ciste Ealaíon ESB i dTreo Saol Níos Fearr ar fáil i gcomhpháirtíocht le Business to Arts. Is fiú €250,000 an ciste, agus tacaíonn sé le healaíontóirí atá ag obair le heagraíochtaí ar thionscadal ealaíon cruthaitheach chun a bpobail a mhealladh ar bhealach dearfach maidir leis an athrú aeráide, an inbhuanaitheacht agus an aistriú fuinnimh i dtreo na neodrachta carbóin. Roghnaíodh cúig thionscadal i réimse na hamharclainne, na filíochta, an cheoil, an damhsa, na dealbhóireachta, na garraíodóireachta, na n-amharcealaíon agus fuaimdhreacha le haghaidh an chistiúcháin.

Féach Físeán

Faoi na Tionscadail

 

Comhoibriú ealaíon ildisciplíneach idir Sunday’s Child Theatre Company agus Lime Tree Theatre |Bell Table i Luimneach atá sa tionscadal seo, agus cruthófar leis féile ealaíon agus aeráide i Luimneach a mheallfaidh an pobal chun plé a dhéanamh ar an athrú aeráide agus chun féachaint ar a mbeidh i gceist le todhchaí níos inbhuanaithe trí mheán foirmeacha ealaíne éagsúla lena n‑áirítear an fhilíocht, an ceol agus an amharclannaíocht.

Beidh an fhéile ar siúl i mBealtaine 2022, agus tá sé mar aidhm shonrach ag an lucht eagraithe pobail imeallaithe agus faoi mhíbhuntáiste i Luimneach a mhealladh trí cheardlanna agus trí thionscnaimh for-rochtana eile.

Comhpháirtíocht atá ann idir an Theatre Royal agus Comhairle Contae Phort Láirge ina ndéanfar struchtúr sailí le haghaidh pailneoirí le Elaine McDonagh a shuiteáil i ngarraí bithéagsúlachta taobh leis an Theatre Royal. Beidh an dealbh agus an garraí ar an gcéad chéim d’aistear glas an Theatre Royal faoi thionscnamh na nEalaíon Glas in Éirinn, agus tá sé ag teacht le Straitéis Comhairle Contae Phort Láirge maidir leis an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus le spriocanna na Comhairle go mbeadh Port Láirge ar an gcéad chathair dhícharbónaithe in Éirinn faoi 2040. Cuirfear tús leis an obair ar an tionscadal i Márta 2022, agus tá sé beartaithe an obair a thabhairt chun críche faoi Dheireadh Fómhair 2022 nuair a chuirfidh an Theatre Royal tús le cláir for-rochtana sa phobal trína nglacfaidh daltaí scoile, daoine a fhreastalaíonn ar an amharclann agus ealaíontóirí páirt i gceardlanna agus trí thurais oideachais bunaithe ar an mbithéagsúlacht agus ar chosaint an chomhshaoil

Comhpháirtíocht atá ann idir David Beattie, ealaíontóir, agus Amharc-Ionad na hEalaíne Comhaimseartha i gCeatharlach, agus suiteálfar grianpháinéil ar theach gloine lándaite a bheidh ag lonrú sa dorchadas. An cuspóir atá ann is ea croílár poiblí a chruthú chun daoine a mhealladh sa díospóireacht maidir leis an athrú aeráide, cúram don timpeallacht, agus cleachtais inbhuanaithe. Déanfar teagmháil le raon páirtithe leasmhara sa cheantar, lena n‑áirítear Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach, Carlow Collect, Comhairle Contae Cheatharlach, agus Líonra Comhshaoil Cheatharlach, agus déanfar forbairt ar stair Cheatharlach mar cheann de na chéad bhailte in Éirinn ina raibh leictreachas ar fáil agus mar áit bhreithe John Tyndall.

Comhpháirtíocht atá ann idir Christopher Steenson, ealaíontóir fuaime, agus Nerve Centre, Derry, chun iniúchadh a dhéanamh ar réitigh ar ghéarchéim na haeráide trí fhéachaint ar an gcaidreamh uathúil atá againn anseo in Éirinn leis an aimsir.Oibreoidh Nerve Centre ar thionscadal rannpháirtíochta idirghlúine chun smaointe, tuartha agus réitigh nuálacha mhuintir Dhoire maidir leis an aeráid, agus samhlófar freisin an chuma a bheidh ar an gcathair 400 bliain amach anseo agus an chaoi a rachaidh an aimsir i bhfeidhm air sin. Déanfar é sin a athrú ina shaothar ealaíne fuaime tumthach a bhainfidh go sonrach le ballaí stairiúla Dhoire. Rachfar i mbun oibre ar an tionscadal i samhradh na bliana 2022, agus tá an saothar ealaíne le seoladh i samhradh na bliana 2023.

Comhpháirtíocht atá ann idir Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath agus Lightscape, sainchuideachta soilsithe / theicneolaíochta Éireannach, ina bhféachfar ar théamaí na hinbhuanaitheachta agus an cheangail idir daoine. Tionscadal taibhealaíne ildisciplíneach agus idirghníomhach atá ann ina dtugtar le chéile soilse, teicneolaíocht agus damhsa le triúr cóiréagrafaithe éagsúla le haghaidh taibhléirithe beo i gCeannoifig nua BSL ag 27 Sráid Mhic Liam i mBaile Átha Cliath, nó gar don cheannoifig, mar chuid d’Fhéile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath, 2023. Chun an taibhléiriú a chruthú, iarrfaidh na healaíontóirí ar an bpobal machnamh a dhéanamh ar théamaí na hinbhuanaitheachta agus an cheangail idir daoine. Tá ‘Todhchaí athraitheach’ ina chuid den tionscnamh ‘Pulse in the City’ de chuid na Féile Damhsa faoina dtabharfaidh an Fhéile an damhsa lasmuigh d’amharclanna agus os comhair an phobail idir 2022 agus 2024.

For more information, click here
Miondrámaí i dTreo Saol Níos Fearr

Chuamar i gcomhar le Fishamble in 2021:
The New Play Company in 2021 ar an dúshlán ‘Miondrámaí i dTreo Saol Níos Fearr’. Ceapadh an tionscadal mar dheis chun léiriú cruthaitheach a thabhairt ar gach tuairim ar an aistriú chuig an bhfuinneamh ísealcharbóin agus chun a shamhlú céard go díreach atá i ndán dúinn in Éirinn, agus chun an méid sin ar fad a dhéanamh trí ‘Mhiondrámaí’ nach faide ná 600 focal. Cuireadh breis is 350 iarratas isteach, agus as an deichniúr drámadóirí ar na ngearrliosta, roghnaíodh Signe Lury, Eva-Jane Gaffney, agus Niall Murphy agus rinne Fishamble a ndrámaí a léiriú, a chur ar stáitse, agus a scannánú in Amharclann Uí Raghallaigh ar Shráid na Danmhairge Mhór, Baile Átha Cliath.

Tionscadail agus Comhpháirtithe

Tacaíonn ESB le roinnt tionscadail ealaíon i gcomhar le comhpháirtithe amhail an Ceoláras Náisiúnta (Quavers to Quadratics), Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath (Sruth Bounce-Live), Féile Scannán Chorcaí (Clár Scannán agus Meabhairshláinte Illuminate agus Intinn ) agus go leor leor eile.  

Tacaímid le saothar Amharclann na Mainistreach trí chaomhnóireacht chorparáideach. Táimid bródúil as bheith inár mball de Business to Arts agus mar urraitheoir ar Ghradaim Bhliantúla Business to Arts.

tiny-plays-girls-in-theatre
Bailiúchán Ealaíne ESB

Is cúis bhróid do ESB é go dtacaíonn sé leis na healaíona in Éirinn. Ó tháinig ar an bhfód muid, táimid ag coimisiúnú ealaíontóirí chun garspriocanna agus forbairtí tábhachtacha i stair ár gcomhlachta a thaifeadadh, amhail an saothar de chuid Martin Gale a dhéanann ceathracha bliain oscailt Chnoc an Turlaigh a chomóradh. Tá an bailiúchán is mó agus is suntasaí de phictiúir de chuid an ealaíontóra Seán Céitinn againn freisin. 

Ó 2007 i leith, tá sármhaitheas sna hamharcealaíona aitheanta agus ceiliúrtha ag ESB ag taispeántas bliantúil an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga trí ‘Ghradaim Chéitinn/ESB as Sár-Shaothar Ealaíne ’ agus trí ‘Ghradam Uí Mhóráin/ESB as Sár-Dhealbhóireacht’.

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann/Ionad ESB um an Staidéar ar Ealaín na hÉireann

2 performers at the national gallery

 

Is in Ionad ESB um an Staidéar ar Ealaín na hÉireann  atá leabharlann agus cartlann ealaíne Éireannaí an Ghailearaí lonnaithe, rudaí atá ríthábhachtach le hamharc-oidhreacht chultúrtha na hÉireann a chaomhnú.  

 

Ó bunaíodh in 2002 é, tá na bailiúcháin seo úsáidte ag raon leathan taighdeoirí agus staraithe chun cur lenár gcomhthuiscint ar stair na healaíne in Éirinn.   

Leanann foireann an Ionaid orthu ag breathnú ar dheiseanna agus ar thionscadail nua d’fhonn cur lena gcuid bailiúchán agus acmhainní agus, ar an gcaoi sin, suim in ealaín na hÉireann agus sa stair a bhaineann léi a chothú.    

Ina measc siúd bhí tionscadal a fuair tacaíocht ó ESB, ‘Guthanna Ealaíontóirí: Saol na Paindéime’. Mar chuid den tsraith, a raibh Donal Maguire, coimeádaí an Ionaid, i gceannas uirthi, rinneadh taifead ar chuntais ealaíontóirí ar a saol agus a saothar le linn phaindéim COVID-19.  

Is féidir leat breathnú ar na cuntais ó bhéal anseo.