Clár ranga uile STEM é atá neamhiomaíoch agus saor in aisce do ranganna bunscoile ón 3ú go dtí an 6ú rang (Poblacht na hÉireann) agus d’Eochairchéim 2 (Tuaisceart Éireann). Cabhraíonn sé le múinteoirí cur le muinín na ndaltaí sa mhatamaitic agus san eolaíocht trí eispéireas iontach atá idirghníomhach agus lán le spraoi laistigh den seomra ranga.
Cláir STEAM
Trínár gclár oideachais STEAM, darb ainm Generation Tomorrow, tacaíonn ESB le comhpháirtithe a chuireann cláir STEAM ar fáil do dhaoine óga d’fhonn a bhfiosracht, a gcruthaitheacht agus a bhfonn fionnachtana a spreagadh.
Tá ár gcomhpháirtithe meáite ar dhaoine óga a chumhachtú le príomhscileanna an 21ú haois a fhorbairt, rud a chabhróidh leo fadhbanna a réiteach ar bhealach cruthaitheach, nuálach amach anseo agus a bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus rannpháirteacha, a bheidh in ann roghanna feasacha a dhéanamh le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le mórdhúshláin dhomhanda eile.
Bleaist Eolaíochta ESB
Spreagann Bleaist Eolaíochta ESB, arna cur ar fáil ag an RDS, an fhiosracht nádúrtha a bhíonn as broinn le gach leanbh tríd an gcumhacht a thabhairt dóibh breathnú go mion ar an eolaíocht atá taobh thiar de shaincheist shimplí a bhfuil spéis acu inti, agus leas á bhaint acu ag an am céanna as scileanna atá riachtanach san 21ú haois.
Baineann na leanaí úsáid as modhanna fionnachtana eolaíochta chun an eolaíocht atá taobh thiar de shaincheist a dtionscadail a fhiosrú sa seomra ranga. Ansin cuireann siad a gcuid torthaí i láthair ag ceann de thrí imeacht sárthaispeántais i mBaile Átha Cliath, i Luimneach agus i mBéal Feirste.
Faigh tuilleadh eolais ag www.esbscienceblast.com
Is clár nuálaíoch é Quavers to Quadratics, arna sheachadadh ag an gCeoláras Náisiúnta, a fhiosraíonn an trasnú idir shaol an cheoil agus na heolaíochta trí shraith ceardlanna praiticiúla do scoileanna DEIS. Mic léinn ollscoile oideachais eolaíochta agus ceoil a stiúrann agus a dhear na ceardlanna.
Treoraíonn turgnamh agus súgradh na ceardlanna. Tugtar isteach na dea-chreathadh a iompraíonn fuaim chuig ár gcluasa. Ligeann Seeing Sound do pháistí go leor cineálacha fuaimthonnta a shamhlú ag baint úsáide as trealamh eolaíoch. Spreagtar iad le ‘triail a bhaint as’ ina seomraí ranga le cibé uirlisí ceoil atá ar fáil acu. Iniúchann na páistí cén fáth a ndéantar uirlisí éagsúla mar atá siad agus na ‘pearsantacht cheoil’ a bhíonn orthu dá bharr. Ar deireadh, iarrann Cruthú Fuaime ar na páistí a n-uirlisí ceoil féin a dhearadh, a dhéanamh agus a sheinm. Ghlac breis agus 4,400 dalta páirt in Quavers to Quadratics i scoileanna ar fud na tíre anuraidh. Tuilleadh eolais anseo.
Is fiontar sóisialta agus carthanas é Kinia a bhaineann leas as an teicneolaíocht leis an gcruthaitheacht a spreagadh d’fhonn cur le scileanna, mianta agus deiseanna daoine óga.
Cuireadh Kinia ar bun i mí Iúil 2021, tráth ar tháinig le chéile Oideachas Camara Éireann, TechSpace agus na cláir de chuid Fhorbairt Oideachais Suas a bhí dírithe ar Éirinn.
Tá ESB ag tacú le hOideachas Camara Éireann ó bhí 2014 ann, rud a chabhraigh leis Clár STEAM TechSpace a fhorbairt agus a bhrú chun cinn ar fud na hÉireann.
Ó shin i leith, tá oiliúint i bhforbairt ghairmiúil na teicneolaíochta cruthaithí curtha acu ar níos mó ná 900 oideachasóir ar fud na n-earnálacha oideachais foirmiúla agus neamhfhoirmiúla araon, oiliúint lena gcuirtear ar a gcumas tacú le daoine óga scileanna luachmhara a fhorbairt in STEAM, sa Ríomhaireacht Chruthaitheach agus sna Meáin Dhigiteacha.
Tá tuilleadh le léamh anseo faoi thionchar na tacaíochta a thugann ESB do Kinia.
Scéal Shaun
Bhí an t-imní scartha ar Shaun “MC” Samra, as Fionnghlas, Co. Bhaile Átha Cliath, rud a d’fhág nach raibh sé in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí scoile ná iarscoile. Thug a mháthair, Amanda, é chun bualadh leis an oibrí óige Mick McCullough in Ionad Acmhainní Óige Fhionnghlaise. D’inis Mick dó faoin gclár TechSpace agus bhain leas as an tsuim a bhí ag Shaun sa rapáil le hé a mhealladh le bheith páirteach ann.
Chum Shaun rap dar teideal “Anxiety” faoin drochthionchar a bhí ag an imní air féin agus ar a theaghlach araon. Bhronn BSL Gradam TechSpacer na Míosa air i mí an Mheithimh 2020 agus bhain sé TechSpacer na Bliana ina dhiaidh sin ag TechFest Cruthaitheach ESB, 2020.
Breathnaigh ar Shaun agus é ag labhairt faoin gcaoi ar chabhraigh TechSpace leis an lámh in uachtar a fháil ar an imní agus leas a bhaint as a ghrá don rapáil – anseo.
Is é guth Shaun atá taobh thiar de #FlipTheScript freisin, beochan rap a bhfuil sé mar aidhm aici a léiriú cén chaoi a dtugann cláir Kinia cumhacht do dhaoine óga luí isteach ar na rudaí a bhfuil grá acu dóibh agus barr a gcumais a bhaint amach trí úsáid chruthaitheach na teicneolaíochta. Léirítear sa bheochan chruthaitheach seo cén chaoi ar féidir gnéithe diúltacha, mar dhea, d’iompraíocht déagóirí a athrú ó bhonn ina ngnéithe dearfacha ach na huirlisí agus an tacaíocht chuí a bheith ar fáil.
Tacaíonn ESB le TechFest Cruthaitheach chomh maith, is ceiliúradh bliantúil ar shaothar cruthaitheach daoine óga ar fud líonra Kinia. Bíonn sé ar siúl i mí Dheireadh Fómhair gach bliain.
Bhí ESB ina phríomhpháirtí i bhfeachtas éigeandála Covid-19 Tech2Students, faoi stiúir Camara Éireann (Kinia anois) agus Chlár Rochtana Choláiste na Tríonóide, faoinar cuireadh maoiniú, tacaíocht chumarsáide agus tacaíocht lóistíochta faoi stiúir oibrithe deonacha ar fáil. Idir Aibreán 2020 agus Meitheamh 2021, d’éirigh le hAchainí Tech2Students ní ba mhó ná €750,000 a thiomsú agus bronnadh 4,500 gléas ar dhaoine óga a bhí i ngátar
Watch Video