• ESB has partnered with Trinity College Dublin to ensure that lessons from the project are available to all future sustainable mobility projects. Based on data collected from ESB eBikes, TCD will publish academic papers detailing the scheme’s carbon savings along with its key learnings.
18 LÚNASA 18
Treoirthionscadal Rothar Leictreach le haghaidh Moil Comaitéirí i mBaile Átha Cliath fógartha ag ESB
• Mar chuid den tionscnamh, cuirfear 112 rothar leictreach ar fáil i 14 stáisiúin ar fud Bhaile Átha Cliath d’úsáid phoiblí
• Tá an treoirthionscadal deich mí mar pháirt de ghealltanas an ESB i leith spriocanna chun an córas iompair a leictriú
17 Lúnasa 2022
Sheol ESB a threoirthionscadal rothar leictreach inniu i mbruachbhailte comaitéireachta éagsúla i mBaile Átha Cliath i gcomhar le Bleeper agus Moby, dhá cheann de na soláthraithe micrea-shoghluaisteachta is mó in Éirinn, le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar chomhpháirtí taighde, le Dogpatch Labs mar chomhpháirtí nuálaíochta agus le Interreg Iarthuaisceart na hEorpa mar chomhpháirtí cómhaoinithe.
Beidh an clár píolótach, ESB eBikes, ar siúl ó inniu Dé Céadaoin an 17 Lúnasa go ceann deich mí. Tá 112 rothar agus 14 stáisiún luchtaithe i gceist leis i gcuid de na suíomhanna comaitéireachta is gnóthaí i mBaile Átha Cliath in áiteanna éagsúla i gContae Átha Cliath Theas, Dún Laoghaire - Ráth an Dúin, Fionnghlas agus Fine Gall.
Is iad Bleeper agus Moby a dhéanfaidh na rothair leictreacha a chothabháil agus a fheidhmiú agus cuirfidh ESB an bonneagar don luchtú ar fáil. Tá scéim rothar leictreacha ESB Bleeper ar fáil ó inniu ar aghaidh. Tá teacht ar an scéim ar aip Bleeper. Beidh scéim Moby ag feidhmiú sna seachtainí atá romhainn. Beidh teacht ar an scéim sin ar an aip ESB eBikes.
Tá ESB tar éis fóirdheontas a chur ar fáil don chostas cíosa lae, ó €5 aníos in aghaidh an lae, mar aon le síntiús míosúil €30, lena dheimhniú go mbeidh teacht ag cách ar an tionscnamh.
Agus í ag labhairt mar chuid de sheoladh threoirthionscadal ESB eBikes, arsa Marguerite Sayers, Stiúrthóir Feidhmiúcháin ESB um Straitéis, Nuálaíocht agus Bunathrú chun Feabhais: “Cúpla bliain ó shin chuir ESB an clár gorlainne X_Potential ar bun le smaointe gnó a fhorbairt a bheadh nuálach, inbhuanaithe agus inmharthana ar bhonn tráchtála. Tá an-bhród orainn inniu smaoineamh mar sin a chur os bhur gcomhair - is é sin ár gclár píolótach eBike le haghaidh rothair leictreacha. Coincheap nua in Éirinn atá ann a ceapadh agus a forbraíodh mar chuid de X_Potential. Tá an infheistíocht i mbonneagar soghluaisteachta inbhuanaithe ísealcharbóin mar léiriú ar a thiomanta atáimid do bheith ceannródaíoch san aistriú chuig saol glan nialasach amach anseo. I gcás an tionscadail seo, tá ríméad orainn a bheith mar chuid den chlár níos leithne eHUBS atá ag Interreg Iarthuaisceart na hEorpa agus go mbeidh Baile Átha Cliath ag dul isteach le cathracha i mBallstáit eile mar Amstardam agus Manchain.”
Mar chuid den chlár eHUBS, cuirtear maoiniú ar fáil le haghaidh rothair leictreacha sráide, rothair leictreacha lastais, scútair leictreacha agus carranna leictreacha, agus é mar aidhm dó treoirphlean a fhorbairt lena athchruthú i gcathracha agus i réigiúin eile chun truailliú aeir, plódú agus astaíochtaí CO2 a laghdú agus, san am céanna, margadh a fhorbairt le haghaidh soláthraithe seirbhísí comhroinnte tráchtála leictrea-shoghluaisteachta atá ag teacht le beartas áitiúil. Agus tionscadal seo na rothar leictreach againn, tá ESB go bródúil le bheith mar chomhpháirtí sa chlár eHUBS. Beimid ag obair i gcomhar le comhpháirtithe eile sa chuibhreannas fad a mhairfidh an clár píolótach chun forbairt bhreise a dhéanamh ar fhuascailtí íseal-astaíochtaí comhroinnte iompair eile ar fud na hÉireann agus na hEorpa.
Mar chomhpháirtí straitéiseach taighde sa tionscadal, déanfaidh Coláiste na Tríonóide, BÁC, anailís ar iompraíocht comaitéirí i dtaca le haistriú ríomhshoghluaisteachta ó charranna príobháideacha go fuascailt chomhroinnte ísealcharbóin chomh maith le patrúin soghluaisteachta a shainaithint, coigilteas carbóin a ríomh agus an fhéidearthacht tráchtála a mheas bunaithe ar na sonraí a bhaileofar ó ESB eBikes.
Le tuilleadh eolais a fháil, féach www.esb.ie/ebikes
Tá íomhánna ceangailte leis seo (íomhánna ardtaifigh ach iad a iarraidh). Grianghrafadóir: ESB/Johnny Savage
CRÍOCH/
Nótaí don eagarthóir:
Áiteanna:
Láithreán 1: Bóthar an Chuain, Dún Laoghaire, Contae Bhaile Átha Cliath
Láithreán 2: Bóthar Bhinn Trí Charraig, Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath, BÁC 18
Láithreán 3: Bóthar an Chuain, Binn Éadair, Baile Átha Cliath, BÁC 13
Láithreán 4: An tSráid Mhór, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath
Láithreán 5: Bóthar Uí Mhaoilíosa, Fionnghlas Thiar, Baile Átha Cliath 11
Láithreán 6: Crowne Plaza Aerfort BÁC, Páirc na Coille Thuaidh, Seantrabh, BÁC 9
Láithreán 7: Crowne Plaza Bhaile Átha Cliath – Lár an bhaile, Baile Bhlainséir, BÁC 15
Láithreán 8: Óstán Maldron, Bóthar an Náis, Crois an Fhearainn Nua, BÁC 22
Láithreán 9: Bóthar Mhullach Íde, Mullach Íde, Co. Bhaile Átha Cliath
Láithreán 10: Bóthar an tSeanbhábhúin, Tamhlacht, BÁC 24
Láithreán 11: Bóthar Lomáin, Na Ballaí Buí, Co. Bhaile Átha Cliath
Láithreán 12: Bóthar Pheadair, Baile Bhailcín, BÁC 12
Láithreán 13: Campas Gnó na Páirce Thiar, Gort na Silíní, BÁC 12
Láithreán 14: Bóthar Theach na Giúise, Tamhlacht, BÁC 24
• Déanann Interreg Iarthuaisceart na hEorpa (www.nweurope.eu) comhoibriú trasnáisiúnta a chothú le go mbeidh ról geilleagrach ag Iarthuaisceart na hEorpa agus le go mbeidh sé mealltach mar áit oibre agus chónaithe agus cuid mhór nuálaíochta, inbhuanaitheachta agus comhtháthaithe sa réigiún.
• Agus iad lánfheidhmeach, déanfaidh Bleeper agus Moby na 112 rothar leictreach a chothabháil agus a fheidhmiú. Cuirfidh ESB 14 cinn de mhoil leictreacha mar phointí luchtaithe ar fáil agus stáisiún luchtaithe ag gach ceann acu le haghaidh ocht rothar leictreacha i mbruachbhailte na cathrach.
• Tá seirbhís na rothar leictreach ar fáil ar an aip Bleeper ar fhóin phóca agus beidh teacht uirthi roimh i bhfad ar an aip ESB eBikes (arna cur ar fáil ag Moby) ag brath ar an áit.
• Tá obair déanta ag an ESB i gcomhar le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, lena dheimhniú go mbeidh na nithe a fuarthas amach ón tionscadal ar fáil nuair a dhéanfar aon tionscadail amach anseo a bhainfidh leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe. Tá Coláiste na Tríonóide, BÁC, chun sonraí arna mbailiú ó ESB eBikes a úsáid le páipéir acadúla a fhoilsiú ina dtabharfar eolas faoin laghdú ar úsáid carbóin mar gheall ar an scéim chomh maith leis na príomhnithe a fhoghlaimeofar.