Skip to Content


Cé Muid Féin

Táimid faoi threoir ag tiomantas seasmhach chun todhchaí níos gile a sholáthar dá gcustaiméirí agus do na pobail a bhfreastalaímid orthu. Tá ESB ar an gcomhlacht fuinnimh is mó le rá in Éirinn ó bunaíodh siar in 1927 é. Bíonn sé mar sprioc againn i gcónaí difear a dhéanamh agus is mian linn an taithí agus an seasamh uathúil atá againn a úsáid chun dul i ngleic leis na dúshláin is mó atá roimh an tsochaí, lena n-áirítear an t-athrú aeráide.

Leigh nios mo
Is fóntas láidir éagsúlaithe muid atá ag feidhmiú ar fud an mhargaidh leictreachais: idir ghiniúint, tarchur, dáileadh agus soláthar. Oibrímid freisin in earnálacha gaolmhara eile inar féidir linn difear a dhéanamh, lena n‑áirítear teileachumarsáid, luchtú feithiclí leictreacha, iarfheistiú tí agus a thuilleadh nach iad.

Ár gCuspóir

Táimid ag obair chun soláthar fuinnimh atá bunaithe ar leictreachas iontaofa, inacmhainne atá saor ó charbóin a chur ar fáil sa todhchaí. Táimid ag tógáil ar an obair atá déanta againn le níos mó ná céad bliain chun athrú mór a dhéanamh ar shaolta daoine agus chun dul chun cinn sóisialta agus eacnamaíoch a chumasú. Is é seo an cuspóir atá againn.

Leanfaimid orainn ag baint leasa as ár gcumas agus as ár n-acmhainní chun solas agus fuinneamh a thabhairt do phobail in Éirinn agus ar fud na cruinne. Tá Díocas Orainn Difríocht a Dhéanamh agus astaíochtaí neodracha a bhaint amach faoi 2040.

Leigh nios mo

Ár dTiomantas don Inbhuanaitheacht

Táimid ag bogadh chun cinn maidir le freagracht shóisialta agus chomhshaoil, ag cothú éiteas slán sábháilte inbhuanaithe atá i gcomhréir lenár luachanna.

Ár gCiste um Fhuinneamh do na Glúnta

Leis an gciste seo, leithdháiltear €1m in aghaidh na bliana do charthanachtaí ar oileán na hÉireann a oibríonn i réimse na huilechuimsitheachta sóisialta go príomha (rochtain ar oideachas agus fostaíocht). Ina theannta sin, tacaíonn an ciste le charthanachtaí a oibríonn i réimse na heaspa dídine.

Tacú le Pobail

Táimid tiomanta do thacaíocht a thabhairt don phobal, saolta daoine a fhorbairt, agus dul chun cinn sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil a chumasú. Tá sé mar aidhm againn todhchaí níos fearr a chruthú agus a chur ar fáil do chách trínár n-urraíochtaí, lena n-áirítear an urraíocht a dhéanaimid ar STEM, ar na healaíona agus ar an aistriú fuinnimh.