Áit iontach is ea ESB le bheith ag obair ann. Beidh daoine cairdiúil, spreagúil thart ort agus iad ar fad ag obair le chéile chun dul i ngleic le cuid de dhúshláin mhóra ár linne.
Déan iarratas anois![ESB and Employer Branding](https://cdn.esb.ie/media/images/default-source/banners/768x464.png?sfvrsn=6a361279_2)
![](https://cdn.esb.ie/media/images/default-source/2-col-spotlight/esb-network-technicians-climbing-poles.jpg?sfvrsn=54340d2_0)
![](https://cdn.esb.ie/media/images/default-source/careers/in-technology-research-facility-female-project-manager-talks-with-picture.jpg?sfvrsn=71b4759e_0)
Bhí áit riamh ag ESB do smaointeoirí forásacha ar mian leo difríocht a dhéanamh.
Leigh nios mo![](https://cdn.esb.ie/media/images/default-source/3-col-spotlights/professional-heavy-industry-engineerworker-wearing-safety-uniform-and-picture-id1290244425.jpg?sfvrsn=d924f721_4)
Táimid ag lorg daoine cumasacha ar mhaith leo a bheith ag obair linn chun todhchaí fuinnimh na hÉireann a chosaint. Is mór againn daoine uaillmhianacha, agus tá ardmheas againn ar dhaoine misniúla macánta. Mar chúiteamh, cuirimid ar fáil timpeallacht oibre éagsúil agus spreagúil, a bhfuil sochair iontacha le fáil ann.
Foghlaim níos mó![](https://cdn.esb.ie/media/images/default-source/careers/businesswoman-working-at-modern-officetechnical-price-graph-and-red-picture-id1286815175.jpg?sfvrsn=8f01eaa6_2)
Chun ár n-acmhainní TF / Teicneolaíochta a fheabhsú thar roinnt réimsí, táimid ag lorg Gairmithe TF / Teicneolaíochta cumasacha chun páirt lárnach a ghlacadh san aistriú chuig córas fuinnimh ísealcharbóin iontaofa, inacmhainne - todhchaí níos gile ar mhaithe le cách.
Foghlaim níos mó![](https://cdn.esb.ie/media/images/default-source/careers/the-businesswoman-in-glasses-standing-near-the-display-picture.jpg?sfvrsn=2d59e433_0)
Déanann ár bhfoirne airgeadais straitéis ESB a mhúnlú agus a sheachadadh agus cuireann siad lenár láidreacht ó thaobh airgeadais de. Faigh amach conas is féidir páirt a ghlacadh i bhfoireann ardfheidhmíochta a thugann deiseanna duit scileanna nua a fhorbairt.
Foghlaim níos mó![](https://cdn.esb.ie/media/images/default-source/3-col-spotlights/close-up-man-hands-using-a-calculator-and-laptop-computer-for-with-picture-id1179960354-(2).jpg?sfvrsn=30301401_3)
Táimid ar thóir daoine a bhfuil tallanna éagsúla acu chun réitigh nuálacha a aimsiú don todhchaí ísealcharbóin, daoine sna réimsí seo a leanas: soláthar, cuntasaíocht airgeadais, anailís tráchtála, acmhainní daonna agus seirbhís do chustaiméirí.
![](https://cdn.esb.ie/media/images/default-source/3-col-spotlights/esb-staff-pictures3ac828ffe5c54046bb05ccb2226309f8.jpg?sfvrsn=130d6841_0)
Tá ESB Networks ag lorg leictreoirí cáilithe le teacht ag obair linn mar Theicneoirí Líonra.
![](https://cdn.esb.ie/media/images/default-source/3-col-spotlights/civil-engineers.jpg?sfvrsn=a0b62d23_0)
Aithnímid an luach a bhaineann le poist a thairiscint do phrintísigh, d’oiliúnaithe agus do chéimithe mar bhealach chun scileanna criticiúla a fhorbairt agus chun tallanna éagsúla a mhealladh isteach inár ngnólacht.