Skip to Content

Daoine 

Táimid tiomanta don tsochaí a chur chun cinn agus do thodhchaí de ghlanastaíochtaí nialasacha carbóin a bhaint amach dár gcustaiméirí agus don phobal. Léirítear an tiomantas sin don chuspóir lenár ngealltanas seasmhach chun tacú leis na dálaí sóisialta agus comhshaoil a chuireann ar chumas gach duine dul ó neart go neart. 

ESB sa Phobal 

Táimid ar fáil i ngach pobal in Éirinn agus creidimid go bhfuil ról ríthábhachtach againn maidir le tacú leis na pobail seo todhchaí níos gile a chothú agus trí chabhrú leo a lánacmhainneacht a bhaint amach. Mar chuid dár bPlean Ceannaireachta Inbhuanaitheachta, seo a leanas roinnt de na gníomhaíochtaí atá ar bun againn: 

  • Measúnú Tionchair Pobail a bheith san áireamh i ngach clár caipitil.
  • Cur lenár bpunann tionscnamh atá dírithe ar an bpobal agus a fhaigheann tacaíocht agus urraíocht.
  • Straitéis Rannpháirtíochta le Páirtithe Leasmhara a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do Ghrúpa ESB. 


Ár gCiste um Fhuinneamh do na Glúnta

Faoin gciste seo, íoctar os cionn €1 milliún in aghaidh na bliana le tionscnaimh phobail a bhaineann le saincheisteanna faoi leith. Is ciste leathbhliantúil é a thugann airgead do charthanachtaí a oibríonn i réimsí na huilechuimsitheachta sóisialta a bhaineann le rochtain ar oideachas, rochtain ar fhostaíocht agus easpa dídine.

Tuilleadh Eolais

An Urraíocht a dhéanaimid

Tá sé mar aidhm againn todhchaí níos fearr a chruthú agus a chur ar fáil do chách trínár n-urraíochtaí, lena n-áirítear an urraíocht a dhéanaimid ar STEM, ar na healaíona agus ar an aistriú fuinnimh. I measc na n-urraíochtaí a dhéanaimid tá Bleaist Eolaíochta ESB, Idir Cheol agus Chearnaic agus comhpháirtíocht leis an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha (IIEA).

Tuilleadh Eolais

Cistí Pobail na bhFeirmeacha Gaoithe

Bronnaimid thart ar €1 milliún in aghaidh na bliana le Cistí Pobail na bhFeirmeacha Gaoithe, cistí a chabhraíonn le pobail éirí níos inbhuanaithe trí thacú le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí áitiúla dearfacha.

Learn More

Cás‑Staidéir 

Beocht a chur in ETIM sna scoileanna

Spreagann Bleaist Eolaíochta ESB, arna sheachadadh ag an RDS, fiosracht nádúrtha leanaí trí chumhacht a thabhairt dóibh fiosrú a dhéanamh ar an eolaíocht atá taobh thiar de cheist shimplí a bhfuil suim acu iontu, ag baint úsáide as scileanna riachtanacha an 21ú hAois. Is clár ETIM neamhiomaíoch, don rang iomlán é atá saor in aisce do ranganna bunscoile ón 3ú go dtí an 6ú (Poblacht na hÉireann) agus Eochairchéim 2 (TÉ).

Féach ar an bhFíseán

Lárionad Dalton ag Droichead na Sionainne i gContae Uíbh Fhailí a aistriú chuig Comhairle Chontae Uíbh Fhailí ar mhaithe leis an bpobal áitiúil

D’aistríomar Lárionad Dalton ag Droichead na Sionainne i gContae Uíbh Fhailí chuig Comhairle Chontae Uíbh Fhailí ionas go bhféadfaidh fiontair áitiúla agus/nó an pobal é a úsáid agus, ar deireadh, go mbeidh sé chun tairbhe don phobal. Samhlaítear go rannchuideoidh scála, méid agus acmhainneacht uathúil an lárionaid go dearfach le forbairt inbhuanaithe agus le cúrsaí eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus sláinte an limistéir mháguaird amach anseo.

Tuilleadh Eolais

Cabhrú le saoráid nua lúthchleasaíochta a fhorbairt i gContae Luimnigh

Is mian linn, le cistí pobail na bhfeirmeacha gaoithe, cabhrú le tairbhí fadtéarmacha sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil do chách a sholáthar.

Foghlaim faoin tslí ar chabhraigh ár gciste le tailte Chlub Lúthchleasaíochta Réigiúnach Luimnigh a fhorbairt.

Féach ar an bhFíseán

Plean Ceannaireachta Inbhuanaitheachta

PDF | 1MB

Ár gCustaiméirí a Chumhachtú

Táimid tiomanta do chustaiméirí agus do phobail a chumhachtú, a chumasú agus a thacú chun glanastaíochtaí nialasacha carbóin a bhaint amach faoi 2040. Is léiriú é seo ar ár dtiomantas seanbhunaithe don bhonneagar, na táirgí agus na seirbhísí is déanaí agus is nuálaí a sholáthar chun cabhrú lenár gcustaiméirí saol níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe a chaitheamh.

Conas atáimid ag cumhachtáil ár gcustaiméirí

Rolladh Amach Méadar Cliste

Tá sé de chúram ar ESB Networks an Clár Náisiúnta um Méadrú Cliste a sheachadadh, rud a bhaineann le méadair leictreachais uile na hÉireann a uasghrádú go méadair chliste. Mar chuid den Phlean an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide, tacóidh na méadair chliste le hÉirinn aistriú chuig todhchaí ísealcharbóin trí fhorbairt eangacha cliste a chumasú, agus trí thacú le leictriú na gcóras téimh agus iompair, le giniúint in-athnuaite áitiúil, agus le micrighiniúint.

Tuilleadh Eolais

Na líonraí luchtairí feithiclí leictreacha is mó in Éirinn a thógáil

Tá breis agus €30 milliún á infheistiú againn faoi láthair i mbonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha ar fud oileán na hÉireann agus na Breataine Móire, rud a dhaingníonn ár dtiomantas leanúnach chun leictriú iompair a spreagadh agus líonra den scoth a sholáthar don líon méadaitheach tiománaithe feithiclí leictreacha.

Tuilleadh Eolais

Ag tairiscint iarfheistithe fuinnimh tí

Trí Electric Ireland Superhomes, tá sé beartaithe againn níos mó ná 35,000 domhainuasghrádú fuinnimh tí a sheachadadh faoi 2030 chun tacú le Plean an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide chun ár stoc tithíochta a bhunathrú le haghaidh todhchaí ísealcharbóin.

Tuilleadh Eolais

Ár bhFostaithe

Táimid tiomanta d’fhórsa saothair atá ag éirí níos éagsúlaí a chruthú agus a chothú, mar aon le cultúr cuimsitheach láidir bunaithe ar luachanna, ina mbíonn daoine rannpháirteach, ina n-éiríonn leo agus ina mbraitheann siad go bhfuil baint acu lenár gcuspóir agus lena chéile. Fostaímid níos mó ná 9,000 duine inár n-oibríochtaí go léir faoi láthair, ar oileán na hÉireann agus sa Ríocht Aontaithe.

Féach ar an bhFíseán

Tuilleadh léitheoireachta