Skip to Content

Luathghairmeacha ESB

Ar mhaith leat difríocht a dhéanamh agus todhchaí níos gile a chruthú do chách? Cibé an fágálaí scoile nó coláiste tú, mac léinn nó céimí, agus tú ag obair le ESB foghlaimeoidh tú go leor ónár ngairmithe a bhfuil taithí acu agus ar mhaith leo cabhrú leat do shaol oibre a fhorbairt agus barr do chumais a bhaint amach.

Clár Forbartha ESB do Chéimithe video
Clár Forbartha ESB do Chéimithe

Tá sé mar aidhm ag ár gClár do Chéimithe cabhrú leat barr feabhais a bhaint amach i do ghairm gan mhoill. Ag obair le ESB beidh deis agat dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm agus na scileanna is gá a fhorbairt chun ár gcuspóirí straitéiseacha a bhaint amach.

Cuimsíonn ár gcuid deiseanna do chéimithe réimse disciplíní éagsúla:

- Innealtóireacht - Leictreach, Meicniúil, Sibhialta, Suirbhéireacht Chainníochta
- TF
- Tráchtáil
- Acmhainní Daonna
- Airgeadas
- Margaíocht

Féach Físeán
Cláir ESB d’Fhochéimithe video
Cláir ESB d’Fhochéimithe

Cuireann ESB socrúcháin fochéime ar fáil do mhic léinn ó dhisciplíní éagsúla gach bliain ar feadh tréimhse sé go naoi mí. Is deis iontach í seo chun taithí saoil a fháil a bhaineann le do réimse staidéir.

I measc na ndeiseanna atá againn d’fhochéimithe tá:
- Innealtóireacht
- TF
- Tráchtáil
- Margaíocht
- Acmhainní Daonna
- Airgeadas

Tá an tréimhse iarratais dár gClár d’Fhochéimithe ar oscailt anois. Déan teagmháil leis an oifigeach socrúcháin i do choláiste chun iarratas a dhéanamh.

Féach Físeán
Cláir Phrintíseachta Innealtóireachta/Cheirde ESB

Earcaíonn ESB printísigh ag amanna éagsúla i rith na bliana chun deis a thabhairt dóibh tús a chur lena ngairm bheatha san innealtóireacht leictreach agus mheicniúil. Is clár ceithre bliana é seo ar féidir teastas ceirde leictreach ag ardleibhéal 6 QQI a ghnóthú as. Má chríochnaíonn tú an phrintíseacht seo, gheobhaidh tú Dioplóma BTEC (Leibhéal 3) san Innealtóireacht Mheicniúil nó Leictreach agus Leictreonach chomh maith le Dioplóma Leathnaithe Leibhéal 3.

Buntáistí Chlár Printíseachta ESB

- Bheith ag obair mar chuid d’fhoireann

- Foghlaim sa seomra ranga in éineacht le taithí phraiticiúil

- Oiliúint sa choláiste agus ar an láthair oibre le chéile

- Deis a bheith ag obair taobh istigh agus amuigh faoin spéir.

Clár Printíseachta Gnó ESB

- Printíseacht TF
Clár thar dhá bhliain, i gcomhar le FIT, ina bhfaigheann tú taithí luachmhar i bhForbairt Bogearraí, san Innealtóireacht Líonraí nó sa Chibearshlándáil agus tú ag staidéar go páirtaimseartha d’Ardteastas TF (Leibhéal 6 NFQ).

- Printíseacht mar Theicneoir Cuntasaíochta
Is clár dhá bhliain é seo a reáchtálann Accounting Technicians’ Ireland i gcomhpháirtíocht le SOLAS, agus ina bhfaigheann printísigh taithí phraiticiúil chuntasaíochta le gnólacht agus iad ag freastal ag an am céanna ar an gcoláiste chun Ardteastas QQI Leibhéal 6 sa Chuntasaíocht a bhaint amach. Oibríonn na printísigh ceithre lá sa tseachtain agus freastalaíonn siad ar an gcoláiste lá amháin.

- Printíseacht Earcaíochta
Is clár trí bliana é seo atá a reáchtálann an Chónaidhm Earcaíochta Náisiúnta i gcomhar le Coláiste Náisiúnta na hÉireann agus SOLAS, clár ina bhfaigheann printísigh taithí phraiticiúil ar an earcaíocht agus iad ag freastal ag an am céanna ar an gcoláiste chun Céim BA Onóracha Leibhéal 8 sa Chleachtas Earcaíochta a bhaint amach. Oibríonn na printísigh ceithre lá sa tseachtain agus freastalaíonn siad ar an gcoláiste lá amháin.

Tuilleadh léitheoireachta