Skip to Content

Gairmithe

Tá rath orainn de bharr na foirne atá againn. Má oibríonn tú linn, beidh tú ag obair i gcomhar le níos mó ná 9,000 duine a bhfuil todhchaí níos fearr á chur ar fáil acu. Is eol dúinn mar fhoireann cad as ar thángamar agus cá bhfuilimid ag dul. Is fúinne atá sé an bealach ceart go dtí an pointe sin a aimsiú.  Spreagann ár luachanna sinn lenár ndícheall a dhéanamh gach lá ionas gur féidir linn dul ó neart go neart. Féach thíos cuid na deiseanna iontacha atá ar fáil le ESB.

Innealtóireacht

Faoi láthair, tá réimse deiseanna innealtóireachta ar fáil ar fud Ghrúpa ESB, lena n-áirítear poist sna rannóga Innealtóireachta agus Mórthionscadal (EMP), Giniúna agus Trádála, agus poist le ESB Networks. Is é EMP lárionad barr feabhais ESB don Innealtóireacht; Is é an cuspóir atá againn ná mórthionscadail agus réitigh innealtóireachta a sheachadadh mar chuid den aistriú chuig todhchaí buanseasmhach, inacmhainne, atá carbón glan-nialasach.

Is iad seo a leanas na réimsí innealtóireachta a bhfuil folúntas againn iontu faoi láthair: amach ón gcósta, fuinneamh gréine, ceallraí, Pleanáil Líonraí, innealtóireacht Shibhialta, innealtóireacht Leictreach, innealtóireacht Mheicniúil, Comhshaol, Forbairt Sócmhainní, Teileachumarsáid, cairr leictreacha.

Déan iarratas inniu
Dírithe ar Thodhchaí Dhigiteach

Tá ról tábhachtach ag an teicneolaíocht maidir le haistriú ESB ina fhóntas digiteach, ísealcharbóin a éascú, ach is iad ár bhfoireann is mó a chuireann ar ár gcumas an t-aistriú seo a bhaint amach.
Agus beagnach 800 duine ag obair ar fud ár bhfeidhmeanna Seachadta TF agus CIO, le chéile dearaimid, tógaimid agus tacaímid le réimse leathan teicneolaíochtaí agus seirbhísí chun ár aidhm réitigh fuinnimh inbhuanaithe agus iomaíocha a chur ar fáil do chách a bhaint amach.

Is iad seo a leanas na róil Dhigiteacha a bhfuil folúntas againn iontu faoi láthair: Cibearshlándáil, Eolaíocht Sonraí, Intleacht Shaorga, Néal Digiteach, Bainistíocht Tionscadal, Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn.

Déan iarratas inniu
Gnó

Ag ESB, tabharfar an tsaoirse duit forbairt a dhéanamh, dúshlán a thabhairt do dhaoine eile agus iad a spreagadh, agus eolas, scileanna agus caidreamh a chothú a mhairfidh ar feadh an tsaoil.

Tá deiseanna gairme spreagúla ar fáil linn sna réimsí seo a leanas: Acmhainní Daonna, Dlí, Soláthar, Trádáil, Oibríochtaí Custaiméirí, Tráchtáil, Athrú/Claochlú, Bainistíocht Tionscadal agus Airgeadas, Sábháilteacht, Sláinte agus Comhshaol.

Déan iarratas inniu
Airgeadas

Déanann feidhm airgeadais ESB ár straitéis a mhúnlú agus a sheachadadh agus ag cuireann sí lenár n-athléimneacht airgeadais ag an am céanna. Bainimid é seo amach trí bheith inár gcomhpháirtí iontaofa atá treoraithe ag an bhfeidhmíocht trí léargais ghnó a chur ar fáil agus luach i ndeiseanna tráchtála a aithint.

Déan iarratas inniu
The Way We Work at ESB - Our Code
PDF | 1MB