Skip to Content

Inrochtaineacht an Láithreáin Ghréasáin

Táimid i ESB tiomanta go hiomlán láithreán gréasáin atá inrochtana ar fud an domhain a sholáthar dár gcustaiméirí go léir. Cloínn an láithreán gréasáin le treoirlínte chaighdeán Inrochtaineachta Gréasán WCAG 2.0 Level-AA. Tógadh é le HTML5, agus tá sé oiriúnach do JAWS. Bíonn plé againn le roinnt eagraíochtaí míchumais chun inrochtaineacht agus inúsáidteacht ár láithreán gréasáin a mheas agus a thástáil.

 

Socruithe an Láithreáin Ghréasáin

Má mheasann tú go bhfuil méid an téacs ar an láithreán gréasáin seo ró-bheag le léamh go héasca, féadfaidh tú an mhéid a athrú chun freastal ar do riachtanais. Beidh a roghanna inrochtaineachta féin ag baint leis an mbrabhsálaí atá in úsáid agat maidir le hábhar íoslódála saor in aisce chun do roghanna inrochtaineachta féin a mhéadú agus do thaithí bhrabhsála a fheabhsú.

D'fhéadfadh gá a bheith le breiseáin chun roinnt den ábhar ar an láithreán seo a chur ag obair ar do bhrabhsálaí cosúil, físeáin mar shampla.  Is féidir an méid sin agus treoracha cabhracha eile ar conas do thaithí ar líne a fheabhsú a fháil ar Brabhsáil Ghréasáin Níos Fearr: Leideanna maidir le do Ríomhaire a Chur in Oiriúint.

Déan teagmháil linn

Bímid i gcónaí ag lorg bealaí chun seirbhís do chustaiméirí a leasú agus a fheabhsú, lena n-áirítear ár láithreáin ghréasáin. Má bhíonn aon deacrachtaí agat rochtain a fháil ar an láithreán gréasáin, déan teagmháil le do thoil le hOifigeach Rochtana ESB, trí d'fhiosrúchán a sheoladh nó a chur ar ríomhphost chuige.

Oifigeach Rochtana ESB

Niall O’Hanlon

Oifigeach Rochtana ESB

Ceannoifig ESB

27 Sráid Mhic Liam Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

D02 KT92

Ríomhphost: niall.ohanlon@esb.ie

Ról an Oifigigh Rochtana ESB

Is é ról an Oifigigh Rochtana é cabhrú le custaiméirí agus fostaithe ESB faoi mhíchumas rochtain níos éasca a fháil ar sheirbhísí agus eolas ESB.

Áirítear air sin:

• Comhlíontacht leis an Acht um Míchumas 2005 a chinntiú agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní rochtana do chustaiméirí agus d'fhoireann ESB.

• Dea-chleachtas inrochtaineachta a chur chun cinn maidir le cumarsáid, seirbhís do chustaiméirí, teicneolaíocht faisnéise, foirgnimh agus soláthar.

• Idirchaidreamh ar chúrsaí míchumais le custaiméirí, fostaithe, línte gnó ESB, comhlachtaí reachtúla agus grúpaí atá ionadaíoch ar dhaoine faoi mhíchumas.

Conas Gearán a Dhéanamh maidir le Neamhchomhlíonadh an Achta um Míchumas 2005.

Féadfaidh tú gearán a dhéanamh chuig an ESB faoin Acht um Míchumas 2005, má mheasann tú gur theip orainn Ailt 25 go dtí 29 (an dá alt sin san áireamh) den Acht a chomhlíonadh. Ní mór gach gearán a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór baint a bheith acu le seirbhísí iomchuí arna sonrú san Acht.

Má cheapann tú go bhfuil forais agat gearán a dhéanamh faoin Acht, seol do ghearán ar aghaidh i scríbhinn chuig an Oifigeach Rochtana ag an seoladh thuas. Cuirfear ar aghaidh é chuig an Aonad Gnó ESB ábhartha lena imscrúdú agus a fhreagairt.

Déantar gach imscrúdú de réir Chód Cleachtais um Chomhdheiseanna agus Ilchineálacht BSL. Luaitear ann:

"Tá ESB tiomanta do bheartas cothroime agus cothromais ina gcleachtais fostaíochta, agus sa tslí a bpléitear leis an bhfoireann agus le custaiméirí ... Déileálfar lenar gcustaiméirí ar bhealach cóir, macánta agus trédhearcach agus déanfar na prionsabail a bhaineann le cothroime agus cothromas a chothabháil inár n-idirbhearta gnó go léir."

Roghanna Imscrúdaithe Breise

Mura bhfuil tú sásta le toradh ár n-imscrúdaithe, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh an cheist a atreorú chuig leibhéal níos airde i ESB lena hathbhreithniú.

Mura bhfuil tú sásta leis an dara freagra sin, féadfaidh tú do ghearán (agus ár bhfreagraí) a atreorú chuig an Ombudsman lena bhreithniú.

Oifig an Ombudsman,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Fón: 01 639 5600
Íosghlao: 1890 223030
Rphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie

Tuilleadh léitheoireachta