Skip to Content

Tar ag obair linn

Tá saol níos fearr dár gcustaiméirí á chur ar fáil ag ESB ó 1927 i leith. Is é ár dtiomantas leanúnach i leith na nuálaíochta, na hinbhuanaitheachta agus na freagrachta sóisialta a spreagann muid i gcónaí, faoi mar a rinneadh ón tús.

Is é an misean a bhí againn i gcónaí forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus thionsclaíoch na hÉireann a chur chun cinn ar bhealach inbhuanaithe. Is iomaí sampla praiticiúil dár misean atá ann. Ina measc, tá leictriú na bpobal tuaithe in 1946 nó oscailt ár gcéad feirme gaoithe in 1998. Táimid ar thús cadhnaíochta le fíordhéanaí ó thaobh bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha in Éirinn de.

Young woman and wind mills

Bíodh is nach bhfuil aon athrú tagtha ar ár misean ó shin, tá na dúshláin atá le sárú againn níos práinní ná riamh mar thoradh ar an téamh domhanda. Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, tá ár gcion féin á dhéanamh le sochaí a chruthú bunaithe ar fhuinneamh ísealcharbóin, inacmhainne ar féidir brath air. Ar an gcaoi sin, athrófar saol daoine agus cuirfear ar ár gcumas dul chun cinn sóisialta agus eacnamaíoch a dhéanamh.

Ach córais fuinnimh atá cliste agus inbhuanaithe a fhorbairt, tá sé mar aidhm againn ár sprioc maidir le neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2040. Ar an tslí, cabhróimid lenár gcomhpháirtithe agus lenár gcustaiméirí an rud céanna a dhéanamh.

Tá infheistíochtaí á ndéanamh againn i ndaoine agus sa teicneolaíocht araon chun an saol níos fearr sin a bhaint amach. Táimid sa tóir ar scoth na ndaoine a bhfuil buanna éagsúla acu chun cabhrú linn réitigh nuálacha a chur ar fáil ar mhaithe le domhan ísealcharbóin a bhaint amach.

 

Tar ag obair linn

Bhí áit i gcónaí ag ESB do smaointeoirí forásacha atá tiomanta do dhifríocht a dhéanamh. Táimid an-bhródúil as an leictreachas a thabhairt chomh fada le gach teach agus pobal in Éirinn. Anois, tá ár dtodhchaí ag brath ar an gcaoi a ngintear an leictreachas sin.

Ár dTreoirphrionsabail

Bí mar chuid de Todhchaí Níos Gile ag ESB. Tóg níos mó ná an chéad chéim eile i do ghairm bheatha. Seasamh agus cuidigh le hathrú inbhuanaithe a bhrú chun cinn bunaithe ar fhreagracht shóisialta. Táimid ag lorg daoine cumasacha atá ag iarraidh a bheith linn mar choimeádaithe thodhchaí fuinnimh na hÉireann. Tá meas againn ar uaillmhian, tugaimid luach saothair do mhisneach agus is mór againn ionracas. Ina dhiaidh sin cuirimid timpeallacht oibre ilghnéitheach spreagúil ar fáil le buntáistí móra.

 

A gCuirimid ar Fáil 

Is iontach an áit oibre é ESB, agus beidh tú ag obair taobh le daoine cásmhara misniúla atá ag obair as lámha a chéile chun ceann de dúshláin uathúla ár linne a shárú.

Pacáiste Sochar

Cuirimid Pacáiste Sochar breá ar fáil anuas ar an mbuntuarastal iomaíoch a gheobhaidh tú. Déanfaimid é sin mar aitheantas ar a chasta agus ar a thábhachtaí atá an obair a bheidh ar siúl agat in ESB. Cuimsítear leis an bpacáiste sin sochair shaoire agus deiseanna cianoibre a chabhróidh leat an chothromaíocht oibre is saoil a chothabháil.

Tacóimid le d’fhorbairt leanúnach ghairmiúil agus phearsanta freisin, agus tá réimse seirbhísí folláine againn chun aire a thabhairt do do shláinte fhisiciúil agus do mheabhairshláinte.

Obair chliste in ESB

Déanaimid beart de réir ár mbriathair maidir lenár bhfostaithe. Mar chuid dár dtiomantas i leith stíl mhaireachtála atá freagrach go sóisialta, tacaímid go hiomlán leis an obair sholúbtha, leis an obair hibrideach agus leis an gcianobair.

Táimid ar cheann de bhunaitheoirí an Chomhaontais Cianoibre, Grow Remote, agus Taisteal Cliste. Cabhraíonn siad sin go léir lenár bhfostaithe agus leis an timpeallacht araon.

ESB i do Phobal 

Is é saol níos fearr dár bhfostaithe, dár gcustaiméirí agus – rud tábhachtach – dár bpobail an fhís atá againn. Beidh na deiseanna seo a leanas agat nuair a thiocfaidh tú ag obair in ESB:

  • Tacú le carthanais agus le heagraíochtaí pobail ar fud na hÉireann trínár gCiste um Fhuinneamh do na Glúnta
  • Am a thabhairt suas ar son cúiseanna maithe trínár dTionscnamh Tacaíochta Oibre Deonaí
  • Síntiúis charthanacha a bhailiú, agus déanfaidh an chuideachta na síntiúis sin a mheaitseáil
  • An chéad ghlúin eile a spreagadh ach páirt a ghlacadh sna Tionscnaimh Ama Léimh agus Ama Comhairimh i scoileanna áitiúla

Is Fostóir Comhionannas Deiseanna é ESB

Tá an-bhród orainn gur timpeallacht oibre éagsúil agus uilechuimsitheach é ESB.

Cothaímid an nuálaíocht, rannpháirtíocht fostaithe, an chruthaitheacht agus an comhoibriú a bhíonn ag teastáil le saol níos fearr a bhaint amach.

Creidimid go dtéann ionad oibre cuimsitheach chun tairbhe do ESB, dár gcuid daoine, dár gcuid custaiméirí, dár bpobail, agus dár bpáirtithe leasmhara.

Rud atá tábhachtach, tagann na rudaí seo a leanas chun cinn mar thoradh ar an gcuimsitheacht:

  • Na daoine is fearr a earcú ón ngrúpa iarrthóirí is leithne is féidir, daoine atá ina léiriú ar éagsúlacht na gcustaiméirí agus na gcliant atá againn
  • Éagsúlacht smaointeoireachta, dearcthaí agus eispéireas
  • Fostaithe atá idir shásta agus ghafa lena gcuid oibre
  • Riachtanais na gcustaiméirí a thuiscint agus freastal orthu
  • Cinnteoireacht éifeachtach, réiteach fadhbanna, nuálaíocht agus cruthaitheacht



Do you want to work for a vibrant, successful and innovative organisation?

Apply Now

Tuilleadh léitheoireachta