Comhaltaí Bhord ESB
Faoi láthair tá 12 chomhalta ar Bhord ESB, líon atá comhdhéanta den Chathaoirleach, den Phríomhfheidhmeannach, de sheisear stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin neamhspleácha agus de cheathrar comhaltaí tofa den Bhord Oibrithe.
Maidir leis na comhaltaí Boird:
déanann siad grinnscrúdú neamhspleách, neamhchlaonta ar mhaoirseacht na heagraíochta;
ceistíonn siad rudaí nuair is gá, ach tacaíonn ag an am céanna le baint amach straitéis agus cuspóirí na heagraíochta;
tá na scileanna cuí acu le comhairle mhachnamhach a chur ar fáil ar bhonn breithiúnas agus taithí stuama; agus
cuireann siad a ndóthain ama i leataobh don obair, ar bhealach atá i gcomhréir leis an ról atá acu.
Is iad an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a chinneann ceapadh agus luach saothair chomhaltaí neamhspleácha an Bhoird (an Cathaoirleach ina measc) agus ní fhaigheann siad pinsin ná aon luach saothair eile. Leagtar amach na téarmaí agus coinníollacha ina litir cheapacháin.
Taithí Ghairme
Thosaigh ag obair le ESB i mí an Mhárta 1982. D'oibrigh sé ar feadh os cionn 40 bliain le ESB Networks mar oibrí ginearálta, mar oibrí línte saoiste, mar leictreoir agus mar theicneoir líonra.
Ceapacháin Sheachtracha
Ball gníomhach de Ghrúpa Ceardchumann ESB. Ina Leaschathaoirleach ar Choiste Bhrainse Fuinnimh SIPTU, ina bhall de Choiste Iompair, Fuinnimh, Eitlíochta agus Foirgníochta (TEAC) SIPTU agus ina Chisteoir ar Choiste Náisiúnta na Stiúrthóirí Oibrí.