Comhaltaí Bhord ESB
Faoi láthair tá 12 chomhalta ar Bhord ESB, líon atá comhdhéanta den Chathaoirleach, den Phríomhfheidhmeannach, de sheisear stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin neamhspleácha agus de cheathrar comhaltaí tofa den Bhord Oibrithe.
Maidir leis na comhaltaí Boird:
déanann siad grinnscrúdú neamhspleách, neamhchlaonta ar mhaoirseacht na heagraíochta;
ceistíonn siad rudaí nuair is gá, ach tacaíonn ag an am céanna le baint amach straitéis agus cuspóirí na heagraíochta;
tá na scileanna cuí acu le comhairle mhachnamhach a chur ar fáil ar bhonn breithiúnas agus taithí stuama; agus
cuireann siad a ndóthain ama i leataobh don obair, ar bhealach atá i gcomhréir leis an ról atá acu.
Is iad an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a chinneann ceapadh agus luach saothair chomhaltaí neamhspleácha an Bhoird (an Cathaoirleach ina measc) agus ní fhaigheann siad pinsin ná aon luach saothair eile. Leagtar amach na téarmaí agus coinníollacha ina litir cheapacháin.
Dáta a chéadcheaptha chun an Bhoird:
Samhain 2020 mar Chomhalta Boird agus mar an Cathaoirleach. De bhreis ar a ról mar Chathaoirleach an Bhoird, tá Terence ina chathaoirleach ar an gCoiste Luacha Saothair agus Forbartha Bainistíochta.
Taithí Ghairme:
Comhalta de chuid Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn. Thosaigh sé ag obair le KPMG in 1975, rinneadh comhpháirtí iniúchta de in 1988 agus toghadh ina Chomhpháirtí Bainistíochta é in 2006. Comhalta de Bhord Domhanda, d’Fhoireann Feidhmiúcháin agus de Bhord EMA KPMG, ó 2007 go 2013. Is iomaí scil ghnó atá ar a thoil ag Terence, chomh maith le hardtaithí ar róil tráchtála, airgeadais, chinnteoireachta agus forbartha straitéise ag obair le cliaint in Éirinn agus thar lear.
Ceapacháin Sheachtracha:
Ina Chathaoirleach ar RTÉ faoi láthair, Kinsale Capital Management agus iar-chathaoirleach ar Fhiontar Éireann. Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta in Hibernia REIT Cpt, Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta in The Irish Times Teo. Cathaoirleach ar Fhoras Bainistíochta na hÉireann agus Comhalta Boird de chuid na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha. Bhí sé i gceannas ar Ghrúpa Athbhreithnithe Straitéisigh 2014 na Comhairle Ealaíon agus bhí baint aige le boird roinnt carthanachtaí. Bhronn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Dochtúireacht san Fhealsúnacht
(Honoris Causa) ar Terence i mí Dheireadh Fómhair 2023 mar aitheantas ar a
shaothar ar son an ghnó, an oideachais, na n-ealaíon agus seirbhísí poiblí in
Éirinn.