Skip to Content

Foireann Feidhmiúcháin ESB 

Díríonn an Fhoireann Feidhmiúcháin ar chur chun feidhme straitéis ESB, ar fhorbairtí teicneolaíochta agus tráchtála, ar chur chun feidhme clár, ar fheidhmíocht airgeadais agus iomaíoch, ar fhorbairt daoine, ar rialachas, ar fhorbairt eagraíochta agus ar bheartais ar fud an Ghrúpa. 

Baill na Foirne

Paddy Hayes
Ceapadh Paddy Hayes ina Phríomhfheidhmeannach i mí Lúnasa 2021. Bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar ESB Networks roimhe sin, agus ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin sa Rannóg Giniúna agus Margaí Mórdhíola. Is innealtóir cairte é agus tá máistreacht san Innealtóireacht aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, chomh maith le máistreacht sa riarachán gnó ó Ollscoil Warwick. 
Jim Dollard
Ceapadh Jim Dollard chun phost an Stiúrthóra Feidhmiúcháin sa Rannóg Giniúna agus Trádála i mí na Bealtaine 2018. Bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an Ionad Seirbhíse Gnó agus ar Electric Ireland roimhe sin.  Bainisteoir ginearálta Electric Ireland ab ea Jim chomh maith. Cuntasóir is ea é, a chuir sé tús lena ghairm bheatha in ESB siar in 1992. Bhí roinnt poist ardbhainistíochta aige ar fud an Ghrúpa ó shin i leith, lena n-áirítear Rialaitheoir Gníomhach Airgeadais an Ghrúpa agus Rialaitheoir Airgeadais ESB Energy International. 
Pat Fenlon
Ceapadh Pat Fenlon ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Rannóg Réiteach Custaiméirí, i mí Mheán Fómhair 2022. Roimhe sin, bhí Pat ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin i Rannóg Airgeadais agus Tráchtála an Ghrúpa. Bhí roinnt poist shinsearacha airgeadais agus bainistíochta ginearálta aige ar fud ESB chomh maith, lena n-áirítear Bainisteoir Ginearálta Electric Ireland, Bainisteoir Athraithe Chorparáidigh agus Bainisteoir Airgeadais agus Tráchtála an Ghrúpa. Is comhalta de Chuntasóirí Cairte Éireann é agus d'oibrigh sé le PwC i mBaile Átha Cliath sula ndeachaigh sé isteach in ESB in 1993.
Marie Sinnott
Is í Marie Sinnott Grúp-Rúnaí Cuideachta ESB. Sular ceapadh in 2019 í, ba í Marie Grúpcheann Comhlíonta agus Bainistíochta Riosca Fiontair ESB, ról ina raibh sí freagrach as na próisis chriticiúla bainistíochta riosca agus géarchéime a fhorbairt agus a threorú do Ghrúpa ESB. Bhí roinnt róil bainistíochta sinsearaí eile aici chomh maith i gcaitheamh a gairme, iad i réimsí amhail bainistíocht tionscadal, bainistíocht athraithe agus soláthar. Is céimí tráchtála de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath í, tá MSc aici sa Léann Beartais Eacnamaíoch ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, chomh maith le Dioplóma Iarchéime sa Rialachas Corparáideach ó Scoil Smurfit. Tá Marie ar Bhord na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha freisin. 
Marguerite Sayers
Ceapadh Marguerite Sayers mar Leas-Phríomhfheidhmeannach ESB i mí Iúil 2022. Díreach roimhe sin, bhí sí ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin sa Rannóg Réiteach Custaimeirí ó 2018. D’oibrigh sí i róil theicniúla agus bhainistíochta éagsúla in ESB le breis agus 30 bliain, lena n-áirítear Bainisteoir Giniúna agus Ceann Bainistíochta Sócmhainní do ESB Networks agus Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks CGA. Tá céim bainte amach aici san Innealtóireacht Leictreach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.  Is Innealtóir Cairte í, chomh maith le bheith ina Comhalta agus Iar-Uachtarán ar Innealtóirí Éireann, Comhalta d'Acadamh na nInnealtóirí, ball de bhord Energy UK agus Gobharnóir ar Iontaobhas an Irish Times.
Geraldine Heavey
Ceapadh Geraldine Heavey chun phost an Stiúrthóra Feidhmiúcháin sa Rannóg Seirbhísí Fiontair i mí an Mheithimh 2018. Bainisteoir na Grúp-Rannóige Airgeadais agus Tráchtála ab ea í roimhe sin. D’oibrigh sí i bpoist éagsúla airgeadais agus bhainistíochta in ESB ó 1993 i leith, lena n-áirítear Rialtóir Airgeadais san Ionad Seirbhíse Gnó agus in Electric Ireland, Bainisteoir, Rialtóir Trádála agus Airgeadais ESB, Giniúint Cumhachta ESB. Is cuntasóir í agus tá máistreacht aici sa Riarachán Gnó ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is comhalta seachtrach de Bhord Tráchtála Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í agus tá sí ina cathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta. 
Nicholas Tarrant
Ceapadh Nicholas Tarrant mar Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks i mí Mheán Fómhair 2021. Roimhe sin bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin sa Rannóg Innealtóireachta agus Mórthionscadal. Thosaigh Nicholas le ESB in 1993 agus bhí roinnt poist bainistíochta sinsearaí aige ó shin, lena n-áirítear Bainisteoir na Rannóige Giniúna, áit a raibh sé freagrach as an bpunann ghiniúna 4,800MW a bhí ag ESB, agus príomhbhainisteoir Chiste Teicneolaíochta Glaine Novus Modus, ciste de chuid ESB arbh fhiú €200 milliún é. Is innealtóir cairte é in Institiúid Innealtóirí na hÉireann agus tá MSc sa Bhainistíocht aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.