Foireann Feidhmiúcháin ESB
Díríonn an Fhoireann Feidhmiúcháin ar chur chun feidhme straitéis ESB, ar fhorbairtí teicneolaíochta agus tráchtála, ar chur chun feidhme clár, ar fheidhmíocht airgeadais agus iomaíoch, ar fhorbairt daoine, ar rialachas, ar fhorbairt eagraíochta agus ar bheartais ar fud an Ghrúpa.
Baill na Foirne
Jim Dollard
Ceapadh Jim Dollard chun phost an Stiúrthóra Feidhmiúcháin sa Rannóg Giniúna agus Trádála i mí na Bealtaine 2018. Bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an Ionad Seirbhíse Gnó agus ar Electric Ireland roimhe sin. Bainisteoir ginearálta Electric Ireland ab ea Jim chomh maith. Cuntasóir is ea é, a chuir sé tús lena ghairm bheatha in ESB siar in 1992. Bhí roinnt poist ardbhainistíochta aige ar fud an Ghrúpa ó shin i leith, lena n-áirítear Rialaitheoir Gníomhach Airgeadais an Ghrúpa agus Rialaitheoir Airgeadais ESB Energy International.