Foireann Feidhmiúcháin ESB
Díríonn an Fhoireann Feidhmiúcháin ar chur chun feidhme straitéis ESB, ar fhorbairtí teicneolaíochta agus tráchtála, ar chur chun feidhme clár, ar fheidhmíocht airgeadais agus iomaíoch, ar fhorbairt daoine, ar rialachas, ar fhorbairt eagraíochta agus ar bheartais ar fud an Ghrúpa.
Baill na Foirne
Marguerite Sayers
Ceapadh Marguerite Sayers mar Leas-Phríomhfheidhmeannach ESB i mí Iúil 2022. Díreach roimhe sin, bhí sí ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin sa Rannóg Réiteach Custaimeirí ó 2018. D’oibrigh sí i róil theicniúla agus bhainistíochta éagsúla in ESB le breis agus 30 bliain, lena n-áirítear Bainisteoir Giniúna agus Ceann Bainistíochta Sócmhainní do ESB Networks agus Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks CGA. Tá céim bainte amach aici san Innealtóireacht Leictreach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Is Innealtóir Cairte í, chomh maith le bheith ina Comhalta agus Iar-Uachtarán ar Innealtóirí Éireann, Comhalta d'Acadamh na nInnealtóirí, ball de bhord Energy UK agus Gobharnóir ar Iontaobhas an Irish Times.