Cóid Rialachais agus Beartais Ghrúpa
Tá sé mar aidhm ag an mBord an Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú 2016 a chomhlíonadh i ngach ponc ábhartha. Is creat do chomhlachtaí tráchtála Stáit é an Cód Cleachtais sin chun dea-chleachtas a chur i bhfeidhm sa rialachas corparáideach.
Ceanglaítear orainn glacadh leis an gCód Cleachtais seo agus ár n-oibríochtaí á bhfeidhmiú againn, agus deimhniú a thabhairt don Aire ábhartha nuair a bheidh sé sin déanta againn.
Déantar foráil sa Chód Cleachtais do gach gné den Chreat Rialachais Chorparáidigh, lena n-áirítear:
- Cóid Iompair do stiúrthóirí agus d’fhostaithe
- An fheidhm iniúchóireachta inmheánaí
- Soláthar
- Diúscairt sócmhainní agus rochtain tríú páirtithe ar shócmhainní
- Bunú fochuideachtaí agus éadálacha ag comhlachtaí stáit
- Éagsúlú
- Breithmheas ar infheistíochtaí
- Luach saothair agus táillí stiúrthóirí
- Socruithe tuairiscithe
- Pleanáil straitéiseach agus chorparáideach
- Comhlíonadh cánach