Skip to Content

Comhaltaí Bhord ESB 

Faoi láthair tá 12 chomhalta ar Bhord ESB, líon atá comhdhéanta den Chathaoirleach, den Phríomhfheidhmeannach, de sheisear stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin neamhspleácha agus de cheathrar comhaltaí tofa den Bhord Oibrithe. 

Maidir leis na comhaltaí Boird:

  • déanann siad grinnscrúdú neamhspleách, neamhchlaonta ar mhaoirseacht na heagraíochta; 

  • ceistíonn siad rudaí nuair is gá, ach tacaíonn ag an am céanna le baint amach straitéis agus cuspóirí na heagraíochta; 

  • tá na scileanna cuí acu le comhairle mhachnamhach a chur ar fáil ar bhonn breithiúnas agus taithí stuama; agus 

  • cuireann siad a ndóthain ama i leataobh don obair, ar bhealach atá i gcomhréir leis an ról atá acu. 

    Is iad an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a chinneann ceapadh agus luach saothair chomhaltaí neamhspleácha an Bhoird (an Cathaoirleach ina measc) agus ní fhaigheann siad pinsin ná aon luach saothair eile. Leagtar amach na téarmaí agus coinníollacha ina litir cheapacháin. 

Terence O'Rourke Cathaoirleach

Dáta a chéadcheaptha chun an Bhoird:
Samhain 2020 mar Chomhalta Boird agus mar an Cathaoirleach. De bhreis ar a ról mar Chathaoirleach an Bhoird, tá Terence ina chathaoirleach ar an gCoiste Luacha Saothair agus Forbartha Bainistíochta. 

Taithí Ghairme:
Comhalta de chuid Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn. Thosaigh sé ag obair le KPMG in 1975, rinneadh comhpháirtí iniúchta de in 1988 agus toghadh ina Chomhpháirtí Bainistíochta é in 2006. Comhalta de Bhord Domhanda, d’Fhoireann Feidhmiúcháin agus de Bhord EMA KPMG, ó 2007 go 2013. Is iomaí scil ghnó atá ar a thoil ag Terence, chomh maith le hardtaithí ar róil tráchtála, airgeadais, chinnteoireachta agus forbartha straitéise ag obair le cliaint in Éirinn agus thar lear. 

Ceapacháin Sheachtracha:
 Ina Chathaoirleach ar RTÉ faoi láthair, Kinsale Capital Management agus iar-chathaoirleach ar Fhiontar Éireann. Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta in Hibernia REIT Cpt, Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta in The Irish Times Teo. Cathaoirleach ar Fhoras Bainistíochta na hÉireann agus Comhalta Boird de chuid na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha. Bhí sé i gceannas ar Ghrúpa Athbhreithnithe Straitéisigh 2014 na Comhairle Ealaíon agus bhí baint aige le boird roinnt carthanachtaí. Bhronn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Dochtúireacht san Fhealsúnacht (Honoris Causa) ar Terence i mí Dheireadh Fómhair 2023 mar aitheantas ar a shaothar ar son an ghnó, an oideachais, na n-ealaíon agus seirbhísí poiblí in Éirinn.

Paddy Hayes
Ceapadh Paddy Hayes ina Phríomhfheidhmeannach i mí Lúnasa 2021. Bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar ESB Networks roimhe sin, agus ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin sa Rannóg Giniúna agus Margaí Mórdhíola. Is innealtóir cairte é agus tá máistreacht san Innealtóireacht aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, chomh maith le máistreacht sa riarachán gnó ó Ollscoil Warwick. 
Michael Barry

Taithí Ghairme
Cuntasóir cairte, a chuaigh faoi oiliúint le PwC, Céimí Tráchtála de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Stiúrthóir Cairte. Chuaigh sé ar scor in 2019 tar éis dó a bheith ina Phríomhoifigeach Airgeadais i mBord na Móna cpt ar feadh 13 bliana. Bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta Eatramhach ar an gcomhlacht in 2017/2018, leis. Roimhe sin bhí roinnt poist shinsearacha airgeadais aige in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe i réimse tionscal, lena n-áirítear cógaisíocht, feistí leighis, forbairt maoine agus fáilteachas.

Ceapacháin Sheachtracha
Comhalta de Bhord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh ó mhí Feabhra 2021.

Annette Flynn

Taithí Ghairme

Gairmréim níos mó ná 25 bliain le Kerry Group cpt agus UDG Healthcare cpt, lena n-áirítear poist éagsúla mar Stiúrthóir Bainistíochta Feidhmiúcháin, Oifigeach Forbartha Corparáidí agus Straitéise agus Rialtóir Airgeadais in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe. Ceaptha ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Bhord UDG Healthcare in 2004. Chuaigh sí ar scor óna gairmréim feidhmiúcháin in 2011 agus tá roinnt stiúrthóireachtaí neamhfheidhmiúcháin aici ó shin le UDG Healthcare cpt, Grafton Group cpt, Irish Life, agus Aryzta AG. Is comhalta í de Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte, tá Baitsiléir Tráchtála aici ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, is Stiúrthóir Cairte cáilithe í agus tá dhá Dhioplóma Ghairmiúla aici sa Ghnó agus sa Chóitseáil Feidhmiúcháin ó Scoil Ghnó Smurfit.

Ceapacháin Sheachtracha

Is Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin í faoi láthair ar The Irish Times DAC agus ar Chomharchumann Dairygold Teo. Bhunaigh sí Highflier Executive Coaching, a dhíríonn ar fheidhmeannaigh shinsearacha, agus tá sí anois ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin air.

Karen Halpenny

Taithí Ghairme

Tá Karen ag obair in ESB International ó 2001 i leith, i réimse na forbartha líne lasnairde go príomha. Faoi láthair, tá sí ag obair mar speisialtóir cáblaí sa Rannóg Innealtóireachta agus Mórthionscadal i réimse na gCáblaí AV. Tá céim Baitsiléara Ealaíon (Onóracha) aici i Straitéis agus Cleachtas na Bainistíochta Acmhainní Daonna ó Choláiste Náisiúnta na hÉireann (NCI) agus ard-dioplóma sa Dlí Fostaíochta Feidhmí ó Scoil Dlí Óstaí an Rí. Tá Teastas sa Bhainistíocht agus sa Chaidreamh Tionsclaíoch aici ó NCI agus Teastas Sláinte agus Sábháilteachta ó UCD.

Ceapacháin Sheachtracha

IarUachtarán ar Aontas Seirbhísí Fuinnimh na hÉireann (ESU) 2017 – 2021, ionadaí an ESU ar Fhóram Ghrúpa na gCeardchumann agus ceapadh le déanaí í mar ionadaí an ESU ar Choiste Sláinte agus Sábháilteachta Chomhdháil na gCeardchumann. Is iontaobhaí í ar Electric Aid, carthanas foirne ESB agus rúnaí ar Choiste Náisiúnta na Stiúrthóirí Oibrí.

 

Owen Kilmurray

Taithí Ghairme
Thosaigh ag obair le ESB i mí an Mhárta 1982. D'oibrigh sé ar feadh os cionn 40 bliain le ESB Networks mar oibrí ginearálta, mar oibrí línte saoiste, mar leictreoir agus mar theicneoir líonra.

Ceapacháin Sheachtracha
Ball gníomhach de Ghrúpa Ceardchumann ESB. Ina Leaschathaoirleach ar Choiste Bhrainse Fuinnimh SIPTU, ina bhall de Choiste Iompair, Fuinnimh, Eitlíochta agus Foirgníochta (TEAC) SIPTU agus ina Chisteoir ar Choiste Náisiúnta na Stiúrthóirí Oibrí.

Paul Lynam

Dáta a chéadcheaptha chun an Bhoird:
Deireadh Fómhair 2016 mar Chomhalta Boird Neamhspleách. 

Dáta Éagtha an Cheapacháin Reatha: 
03/10/2021  

Taithí Ghairme: 
Stiúrthóir Bainistíochta faoi láthair ar Jungheinrich Lift Truck (Ireland), fochuideachta de chuid Jungheinrich AG sa Ghearmáin. Tá taithí breis is 25 bliain aige sa ghnó in Éirinn agus ar fud an domhain. Roimhe seo bhí sé ina Stiúrthóir Oibríochtaí ar an nGnó Tionscail Idirnáisiúnta le Seirbhísí Branda Fuinnimh agus Bonneagair, ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Chlinic Whitfield, ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Siemens Limited Ireland agus ina Phríomhoifigeach Airgeadais ar Siemens Limited Ireland (2008-2010). Chaith sé 14 bliana sa Ghearmáin i róil éagsúla bhainistíochta le Smurfit Group agus Kappa Packaging. Tá BSc aige san eolaíocht anailíseach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, dioplóma iarchéime sa staidéar gnó ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Máistreacht sa Riarachán Gnó ó Ollscoil na Cathrach, Seattle. 

Ceapacháin Sheachtracha: 
Stiúrthóir do Jungheinrich Lift Truck Limited faoi láthair, agus ina stiúrthóir tráth do Siemens Ireland agus do chuideachtaí a bhaineann le Clinic Whitfield. 

Gráinne O'Shea

Taithí Ghairme
Thosaigh le ESB mar innealtóir iarchéime in 1989. Tá bunchéim agus máistreacht aici san innealtóireacht ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus DCU faoi seach, chomh maith le dioplóma sa Bhainistíocht Sócmhainní ón Institiúid um Bainistíocht Sócmhainní. D'oibrigh Gráinne mar Innealtóir Cairte (Innealtóirí Éireann) i Rannóg Giniúna agus Soláthair Cumhachta ESB Networks. Is Bainisteoir Straitéise Gnó í in ESB Networks faoi láthair.

Ceapacháin Sheachtracha

Ionadaí na hÉireann ar an gComhthionól Ginearálta agus ar Ghrúpa Comhairleach Straitéiseach Eintiteas AE do OCDanna (an tEintiteas Eorpach d’Oibreoirí Córas Dáileacháin). Ina Leaschathaoirleach ar Mheitheal Eurelectric um Rialáil agus Custaiméirí Líonra agus ina comhalta den Choiste Dáileacháin agus Éascaithe Margaidh. Comhalta de Choiste Beartais agus Rialála Oibreoirí Córas Dáileacháin na hEorpa (E.DSO). Comhalta de Choiste Beartais Chumann Leictreachais na hÉireann. IarChathaoirleach ar fhobhrainse ESB Networks de Chumann Gairmithe na hEarnála Fuinnimh (ESPA). Ina stiúrthóir tráth ar Fheirm Ghaoithe Fullabrook de chuid ESB agus ar Fheirm Ghaoithe Dharaidh Braoin de chuid ESB (2012-2016).

 

Alf Smiddy

Dáta a chéadcheaptha chun an Bhoird: 
Deireadh Fómhair 2016 mar Chomhalta Boird Neamhspleách 

Dáta Éagtha an Cheapacháin Reatha: 
03/10/2021  

Taithí Ghairme:
 Cuntasóir cairte, a chuaigh faoi oiliúint le PwC. Cathaoirleach agus Stiúrthóir Bainistíochta Beamish & Crawford cpt ar feadh breis agus 12 bhliain agus ar Bhord a mháthairchuideachta, Scottish & Newcastle (UK) Ltd. Ball de Chomhairle Feidhmiúcháin Náisiúnta Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, Stiúrthóir Chomhlachas Tráchtála Chorcaí, Cathaoirleach ar Choiste Rialtais Áitiúil Chorcaí agus d’fhóin ar Bhord Údarás Aerfort Chorcaí. Comhalta de chuid Institiúid Margaíochta na hÉireann. Céim sa tráchtáil ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, máistreacht sa cheannaireacht feidhmiúcháin ó Boston College agus Ollscoil Uladh. 

Ceapacháin Sheachtracha: 
Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin Neamhspleách agus an Stiúrthóir a bhfuil freagracht ainmnithe air as rannpháirtíocht an fhórsa saothair ag The Dalata Hotel Group Cpt, Cathaoirleach agus/nó Stiúrthóir ar chuideachtaí neamhspleácha éagsúla, lena n-áirítear Aperee Ltd agus Granite Digital, Stiúrthóir de chuid Rethink Ireland agus Oxfam Ireland

Sara Venning

Ceapacháin Sheachtracha:
POF Uisce Thuaisceart Éireann agus comhalta boird de chuid Uisce Thuaisceart Éireann Tá MEng san Innealtóireacht Leictreach agus Leictreonach aici ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Chuaigh sí isteach i Líonraí Leictreachais Thuaisceart Éireann mar innealtóir iarchéime, áit a raibh roinnt poist éagsúla aici, Bainisteoir Oibríochtaí Custaiméirí ina measc, sular thosaigh sí ag obair le hUisce TÉ in 2010. Comhalta d'Institiúid na nInnealtóirí Sibhialta.

Ceapacháin Sheachtracha

Comhalta boird de chuid Institiúid an Uisce agus Uachtarán ar  Choiste WaterAid TÉ.

 

Trevor Walsh

Taithí Ghairme
Is Maoirseoir Seirbhíse Teicniúla in ESB Networks é Trevor faoi láthair. D'oibrigh sé roimhe seo mar Bhainisteoir Córais, Maoirseoir Seirbhíse do Chustaiméirí, Oifigeach Oiliúna agus Teicneoir Líonra. Thosaigh Trevor ag obair in ESB mar leictreoir printíseach agus tá breis agus 20 bliain de thaithí aige leis an gcomhlacht.

Ceapacháin Sheachtracha
Ina Chathaoirleach ar Bhrainse Maoirseoirí Teicniúla ESB Connect ó 2018 i leith. Ionadaí ar Ghrúpa Ceardchumann ESB ó 2015.