Skip to Content

Bord ESB   

 

Caitheann ESB an-dúthracht leis na caighdeáin is airde a bhaint amach ó thaobh rialachas corparáideach, ionracas gnó agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara de i ngach a ndéanann sé. 

Feidhmíonn Bord ESB i gcomhréir leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (2016). Is é an ról atá aige ná ceannaireacht agus maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar ESB agus a rath fadtéarmach a chur chun cinn de réir creat rialuithe atá idir éifeachtach agus stuama, a fhágann gur féidir riosca a mheas agus a bhainistiú.  

Is é Bord ESB an príomhfhóram cinnteoireachta don eagraíocht agus, chuige sin, is eisean a dhéanann an straitéis fhoriomlán a fhaomhadh agus a dhéanann monatóireacht leanúnach ar an bhfeidhmíocht. Déanann an Bord cinnte de gur léiriú í an straitéis ar ár gcuspóir agus ár dtreoirphrionsabail, agus go mbíonn sí ag teacht le cultúr ESB. Tarmligeann an Bord freagracht as raon ábhar do choistí éagsúla. Is ag cruinnithe sceidealta den Bhord agus de na coistí, agus trí chuairteanna ar láithreáin, a dhéantar maoirseacht ar ghníomhaíochtaí ESB. 

 

Prionsabail Rialachais an Bhoird 

 

Tá téarmaí tagartha glactha ag Bord ESB le cabhrú leo a gcomhfhreagrachtaí a chomhlíonadh agus le cumasú dóibh agus d’fhoireann bainistíochta feidhmiúcháin ESB feidhmiú de réir creat soiléir rialachais. Déanann an Bord athbhreithniú rialta ar a bpleananna oibre agus coinníonn súil chomh maith ar a bhfeidhmíocht féin. 

 

 

ESB Board Terms of Reference 2021
PDF | 243KB

Cúrsaí atá coimeádta acu féin ag an mBord 

 

Tá an t-údarás le príomhchinntí a cheadú sna hábhair seo a leanas coimeádta acu féin ag an mBord: 

  • Straitéis, buiséid bhliantúla agus ráitis airgeadais bhliantúla agus eatramhacha Ghrúpa ESB 

  • Díbhinní 

  • Mórchaiteachas caipitil agus móriasachtaí 

  • Príomhbheartais 

  • Mórchinntí maidir le sócmhainní a fháil, a dhiúscairt nó a chur as feidhm 

  • Ceapadh an phríomhfheidhmeannaigh 

  • Ceapacháin chun Fhoireann na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin (ar mholadh an Phríomhfheidhmeannaigh) 

  • Ceapadh an Rúnaí Cuideachta 

  • Measúnú agus ceadú chreat rialachais, rialuithe inmheánacha agus bainistíocht riosca an Ghrúpa 

  • Téarmaí mórchonarthaí 

  • Taraifí cónaithe ollmhargaidh 

  • Príomhcheisteanna rialála, dlí, caidrimh thionsclaíoch, cuntasaíochta agus beartais 

Déanann an Bord athbhreithniú bliantúil ar an sceideal seo. 

 

Cód Iompair  

 

Cód Iompair glactha ag an mBord lena gcuirtear Ár gCuspóir agus ár dTreoirphrionsabail i gcroílár na caoi a n-iompróidh comhaltaí an Bhoird iad féin.  Tá iompar eiticiúil agus cothú agus cothabháil na muiníne i lár an aonaigh sa Chód seo.  

 

 

The Board Members' Code of Conduct 2021
PDF | 321KB

 

Eitic in Oifigí Poiblí 

Ina theannta sin, faoi na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001, éilítear ar chomhaltaí an Bhoird ráiteas bliantúil i scríbhinn a thabhairt ar a leasanna ábhartha féin, nó ar leasanna céile, páirtí shibhialta nó linbh leo. Is éard atá i gceist le leasanna ábhartha ná leasanna a d’fhéadfadh tionchar ábhartha a imirt ar an gcomhalta Boird i bhfeidhmiú a fheidhme ar an mBord, nó leasanna a bhféadfadh tairbhe ábhartha a bheith ann ina leith mar thoradh ar chomhlíonadh a róil ag an gcomhalta Boird. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poibl

Éagsúlacht an Bhoird 

 

Tá an Bord lántiomanta, ina thaobh féin agus i dtaobh ESB ina iomláine, don éagsúlacht agus don ionchuimsiú mar chuid thábhachtach den saothar le cuspóirí gnó ESB a bhaint amach. 

Maidir le héagsúlacht an Bhoird, tugann Cathaoirleach an Bhoird, agus é ag cabhrú le scairshealbhóirí rialtais ESB sonraíochtaí a chur i dtoll le chéile le haghaidh ceapacháin chun an Bhoird, aird ar bhuntáistí na héagsúlachta, mar a éilítear leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú agus leis na Treoirlínte gaolmhara maidir le Ceapacháin chun Comhlachtaí Stáit. 

 

 

ESB Board Inclusion and Diversity Policy
PDF | 99KB