Skip to Content

Coistí Bhord ESB

Tá Coistí bunaithe ag an mBord, agus téarmaí tagartha sainithe go soiléir ag baint le gach ceann acu, chun tacú leis lena fhreagrachtaí maoirseachta. Coinnítear an Bord ar an láneolas faoi ghníomhaíochtaí gach coiste trí thuarascálacha foirmiúla ó choistí agus trí mhiontuairiscí, rud a thugann deis do chomhaltaí an Bhoird cead cainte a bheith acu.  

Bíonn tuilleadh eolais sa Tuarascáil Bhliantúil faoi Choistí ESB, lena n-áirítear sonraí faoi cé chomh minic a reáchtáiltear cruinnithe agus faoina ngníomhaíochtaí. Cliceáil anseo chun Torthaí, Cur i Láthair agus Nuashonruithe d’Infheisteoirí ESB a fheiceáil

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi Choistí Bhord ESB agus a dtéarmaí tagartha thíos.

An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca

Cuidíonn an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca leis an mBord a chuid freagrachtaí a chomhlíonadh maidir le nochtadh ghnóthaí airgeadais ESB agus maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht riosca fiontair agus rialú inmheánach.

Is é an tUasal Michael Barry atá ina chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca.

Is iad seo a leanas comhaltaí an Choiste:

  • Michael Barry, Cathaoirleach
  • Annette Flynn
  • Paul Lynam
  • Alf Smiddy, Stiúrthóir Neamhspleách Sinsearach

ESB Group Audit Risk Committee Terms of Reference

PDF | 296KB

An Coiste Airgeadais agus Infheistíochta

Tacaíonn an Coiste Airgeadais agus Infheistíochta leis an mBord agus é ag déanamh maoirseacht ar bhuiséid, ar fheidhmíocht airgeadais, ar thograí infheistíochta agus dífheistíochta, ar chisteán agus ar nithe eile

Is é Paul Lynam atá ina chathaoirleach ar an gCoiste Airgeadais agus Infheistíochta. 

Is iad seo a leanas comhaltaí an Choiste:

  • Paul Lynam, Cathaoirleach
  • Michael Barry
  • Annette Flynn
  • Paddy Hayes, Príomhfheidhmeannach
  • Gráinne O'Shea

Finance Investment Committee Terms of Reference 2023

PDF | 230KB

An Coiste Custaiméirí, Margaíochta agus Nuálaíochta

Cuidíonn an Coiste Custaiméirí, Margaíochta agus Nuálaíochta leis an mBord a fhreagrachtaí maoirseachta a chomhlíonadh i ndáil leis na réimsí straitéiseacha ríthábhachtacha a bhaineann le tús áite a thabhairt do chustaiméirí, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus teicneolaíocht.

Is í Aisling Curtis atá ina cathaoirleach ar an gCoiste Custaiméirí, Margaíochta agus Nuálaíochta.

Is iad seo a leanas comhaltaí an Choiste:

Aisling Curtis, Cathaoirleach
Owen Kilmurray
Sara Venning
Trevor Walsh
Marguerite Sayers

ESB Group Customer, Innovation and Brand Committee Terms of Reference

PDF | 251KB

An Coiste Sábháilteachta, Inbhuanaitheachta agus Cultúir

Cuidíonn an Coiste Sábháilteachta, Inbhuanaitheachta agus Cultúir leis an mBord a fhreagrachtaí maoirseachta a chomhlíonadh maidir le sábháilteacht, sláinte agus an comhshaol. Tacaíonn an Coiste freisin leis an mBord maoirseacht a sholáthar i réimsí an chultúir, na freagrachta sóisialta corparáidí, na rannpháirtíochta fostaithe, na héagsúlachta agus an ionchuimsithe.

Is í Sara Venning atá ina cathaoirleach ar an gCoiste Sábháilteachta, Inbhuanaitheachta agus Cultúir. 

Is iad seo a leanas comhaltaí an Choiste:

Sara Venning, Cathaoirleach
Aisling Curtis
Paddy Hayes, Príomhfheidhmeannach
Karen Halpenny
Alf Smiddy, Stiúrthóir Neamhspleách Sinsearach

Safety, Sustainability and Culture Committee Terms of Reference

PDF | 272KB

An Coiste Luach Saothair agus Forbartha Bainistíochta

Tacaíonn an Coiste Forbartha Luach Saothair agus Bainistíochta leis an mbord agus é ag déanamh maoirseacht ar luach saothair, Téarmaí agus Coinníollacha, pleanáil agus forbairt comharbais don Phríomhfheidhmeannach, do na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus do Rúnaí na Cuideachta.

Is é Cathaoirleach an Bhoird, Terence O'Rourke, atá ina chathaoirleach ar an gCoiste Luach Saothair agus Forbartha Bainistíochta.

Is stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin iad comhaltaí uile an choiste. Is iad seo a leanas comhaltaí an Choiste:
• Terence O'Rourke, Cathaoirleach
• Annette Flynn
• Alf Smiddy, Stiúrthóir Neamhspleách Sinsearach

Remuneration and Management Development Committee Terms of Reference

PDF | 300KB