Skip to Content

Foireann Feidhmiúcháin ESB 

Tá 10 duine ar Fhoireann Feidhmiúcháin ESB agus an fhreagracht orthu as oibríochtaí Ghrúpa ESB ó lá go lá. Tá folúntas ann faoi láthair do Stiúrthóir Feidhmiúcháin sa Rannóg Innealtóireachta agus Mórthionscadal.  

Baill na Foirne

Paddy Hayes
Ceapadh Paddy Hayes ina Phríomhfheidhmeannach i mí Lúnasa 2021. Bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar ESB Networks roimhe sin, agus ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin sa Rannóg Giniúna agus Margaí Mórdhíola. Is innealtóir cairte é agus tá máistreacht san Innealtóireacht aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, chomh maith le máistreacht sa riarachán gnó ó Ollscoil Warwick. 
Jerry O’Sullivan
Ceapadh Jerry O’Sullivan mar Leas-Phríomhfheidhmeannach BSL i mí Dheireadh Fómhair 2014. Ba é Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks Teo. é roimhe sin. Ceapadh Jerry ina Chathaoirleach ar ESB Networks CGA in 2010. Thosaigh sé le BSL siar in1981 agus bhí roinnt post aige i réimsí amhail Tógáil Stáisiún Cumhachta, Dáileadh agus Tarchur, Miondíol, Déanamh Conarthaí, Margaíocht agus Seirbhís do Chustaiméirí. Ceapadh mar Cheann na Rannóige Seirbhísí Líonra in 2002 é agus mar Cheann na Rannóige Inbhuanaitheachta agus Córas Líonra in 2008. Tá céim aige san Innealtóireacht Shibhialta ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, tá sé ina chomhalta de chuid Innealtóirí Éireann agus ina bhall de bhord comhairleach Institiúid Fuinnimh an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. 
Jim Dollard
Ceapadh Jim Dollard chun phost an Stiúrthóra Feidhmiúcháin sa Rannóg Giniúna agus Trádála i mí na Bealtaine 2018. Bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an Ionad Seirbhíse Gnó agus ar Electric Ireland roimhe sin.  Bainisteoir ginearálta Electric Ireland ab ea Jim chomh maith. Cuntasóir is ea é, a chuir sé tús lena ghairm bheatha in ESB siar in 1992. Bhí roinnt poist ardbhainistíochta aige ar fud an Ghrúpa ó shin i leith, lena n-áirítear Rialaitheoir Gníomhach Airgeadais an Ghrúpa agus Rialaitheoir Airgeadais ESB Energy International. 
Pat Fenlon
Ceapadh Pat Fenlon ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin i Rannóg Airgeadais agus Tráchtála an Ghrúpa i mí Iúil 2016. Roimhe sin, bhí roinnt poist shinsearacha airgeadais agus bainistíochta ginearálta aige ar fud ESB, Bainisteoir Ginearálta Electric Ireland, Bainisteoir Athraithe Chorparáidigh agus Grúp-Bhainisteoir Airgeadais agus Tráchtála ina measc. Tá sé ina chomhalta de chuid Chuntasóirí Cairte Éireann agus d’oibrigh sé in PwC sular thosaigh in ESB in 1993.  
Marie Sinnott
Is í Marie Sinnott Grúp-Rúnaí Cuideachta ESB. Sular ceapadh in 2019 í, ba í Marie Grúpcheann Comhlíonta agus Bainistíochta Riosca Fiontair ESB, ról ina raibh sí freagrach as na próisis chriticiúla bainistíochta riosca agus géarchéime a fhorbairt agus a threorú do Ghrúpa ESB. Bhí roinnt róil bainistíochta sinsearaí eile aici chomh maith i gcaitheamh a gairme, iad i réimsí amhail bainistíocht tionscadal, bainistíocht athraithe agus soláthar. Is céimí tráchtála de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath í, tá MSc aici sa Léann Beartais Eacnamaíoch ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, chomh maith le Dioplóma Iarchéime sa Rialachas Corparáideach ó Scoil Smurfit. Tá Marie ar Bhord na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha freisin. 
Marguerite Sayers
Ceapadh Marguerite Sayers ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin sa Rannóg Réiteach Custaiméirí i mí na Bealtaine 2018. Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks Teo. a bhí inti roimhe sin. D’oibrigh sí i bpoist éagsúla theicniúla agus bhainistíochta in ESB ó bhí 1991 ann, lena n-áirítear Bainisteoir sa Rannóg Giniúna agus Ceann na Rannóige Bainistíochta Sócmhainní in ESB Networks. Tá céim aici san Innealtóireacht Leictreach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, dioplóma sa Chuntasaíocht agus Airgeadas ó Ollscoil Luimnigh agus dioplóma sa Bhainistíocht Tionscadal ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Is innealtóir cairte agus comhalta de chuid Innealtóirí Éireann í. Bhí sí ina huachtarán ar Innealtóirí Éireann tráth chomh maith. 
Geraldine Heavey
Ceapadh Geraldine Heavey chun phost an Stiúrthóra Feidhmiúcháin sa Rannóg Seirbhísí Fiontair i mí an Mheithimh 2018. Bainisteoir na Grúp-Rannóige Airgeadais agus Tráchtála ab ea í roimhe sin. D’oibrigh sí i bpoist éagsúla airgeadais agus bhainistíochta in ESB ó 1993 i leith, lena n-áirítear Rialtóir Airgeadais san Ionad Seirbhíse Gnó agus in Electric Ireland, Bainisteoir, Rialtóir Trádála agus Airgeadais ESB, Giniúint Cumhachta ESB. Is cuntasóir í agus tá máistreacht aici sa Riarachán Gnó ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is comhalta seachtrach de Bhord Tráchtála Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í agus tá sí ina cathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta. 
Nicholas Tarrant
Ceapadh Nicholas Tarrant mar Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks i mí Mheán Fómhair 2021. Roimhe sin bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin sa Rannóg Innealtóireachta agus Mórthionscadal. Thosaigh Nicholas le ESB in 1993 agus bhí roinnt poist bainistíochta sinsearaí aige ó shin, lena n-áirítear Bainisteoir na Rannóige Giniúna, áit a raibh sé freagrach as an bpunann ghiniúna 4,800MW a bhí ag ESB, agus príomhbhainisteoir Chiste Teicneolaíochta Glaine Novus Modus, ciste de chuid ESB arbh fhiú €200 milliún é. Is innealtóir cairte é in Institiúid Innealtóirí na hÉireann agus tá MSc sa Bhainistíocht aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.