Taighde agus Forbairt sa Teicneolaíocht atá ag Teacht Chun Cinn
Téimid i dteagmháil le páirtithe leasmhara seachtracha, le forbróirí agus sainchomhairleoirí teicneolaíochta, le cuideachta nuathionscanta fuinnimh, le heagraíochtaí taighde agus leis an bhfoireann in ESB chun anailís agus measúnú a dhéanamh ar na teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn sna réimsí giniúint leictreachais, solúbthacht, tras-fhuinneamh agus tras-thionscail. Déantar measúnú ar an teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn faoi raon critéar, lena n-áirítear leibhéil réidhe teicneolaíochta, ionchais maidir le tráchtálú, príomhléargais mhargaidh agus an t-idirghníomhú a dhéanaimid le gach teicneolaíocht.
Nuálaíocht san uile ghnó againn
Tugadh sainordú do gach uile aonad gnó inár ngrúpa chun nuálaíocht a dhéanamh agus déantar tionscadail a bhainistiú agus a sholáthar i ngach réimse faoi seach. Cuireann an fhoireann lárnach nuálaíochta tacaíocht ar fáil do dheiseanna idir aonaid ghnó, tá sí i gceannas ar phríomhchláir nuálaíochta agus cinntíonn sí go ndéantar gníomhaíochtaí nuálaíochta a ailíniú agus a chomhordú.
Tá mionsonraí faoi straitéis Nuálaíochta ESB Networks le fáil anseo agus faoi straitéis nuálaíochta Northern Ireland Electricity Networks le fáil anseo.