Bainistiú Riosca
Tá bainistíocht riosca éifeachtach ríthábhachtach chun cuspóirí straitéiseacha ESB a bhaint amach agus fás inbhuanaithe fadtéarmach an ghnó a chinntiú. I bhfianaise na n-athruithe gasta atá ar siúl i ESB, tá sé níos tábhachtaí fós athmheasúnú a dhéanamh ar na rioscaí ar bhonn leanúnach agus straitéisí soiléire a chur i bhfeidhm chun iad a bhainistiú. Is ar an mBord atá an fhreagracht fhoriomlán as cur chuige an Ghrúpa i leith riosca.
Go sonrach, tá an Bord freagrach as:
- A chinntiú go bhfuil próiseas leordhóthanach i bhfeidhm chun na príomhrioscaí agus éiginnteachtaí a shainaithint.
- Cultúr iomchuí i leith riosca a leabú ar fud an Ghrúpa.
- Maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas bainistíochta riosca agus ar an bpróiseas bainistíochta géarchéime.
- Measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí is dócha a bheidh bearta agus rialuithe ceartaitheacha na bainistíochta.
Is eol don Bhord nach mór dó ceannaireacht a léiriú maidir le luachanna an Ghrúpa atá mar bhonn taca leis an gcur chuige i leith riosca a mhúnlú agus tacú leo. Is mian leis an mBord a chinntiú go bhfuil scileanna agus inniúlachtaí bainistíochta riosca leordhóthanacha ar fáil sa ghnó agus go mbaintear leas as eolas agus taithí na foirne ar fad i ESB a thuigeann na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí.
Féadfaidh athrú teacht ar inghlacthacht riosca le himeacht ama freisin, agus tá an Bord tar éis breithniú sonrach a dhéanamh ar leibhéal na hinghlacthachta seo agus ar aon imeacht ón inghlacthacht riosca atá leagtha amach agus a bhfuil ESB sásta glacadh leis i ndáil le rioscaí sonracha.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar ár bpróifíl riosca agus inghlacthacht riosca, léigh an tuarascáil bhliantúil is déanaí (2023)
Chun tuilleadh eolais a fháil ar rioscaí aeráide agus rioscaí gaolmhara, léigh an tuarascáil is déanaí ar inbhuanaitheacht (2022)