Skip to Content

Cosaint Sonraí agus AIE

I ESB, is mór againn do phríobháideacht agus táimid tiomanta go hiomlán do do chuid faisnéise a choinneáil príobháideach. Ó thaobh faisnéis phearsanta a sholáthar agus a choinneáil, tá cearta suntasacha agatsa mar aon le freagrachtaí suntasacha a bheith orainne.

 

Tá sé tábhachtach go bhfuil a fhios agat go díreach mar a dhéanaimid leis an bhfaisnéis phearsanta a chuireann tú féin agus daoine eile ar fáil dúinn, na cúiseanna a bhailímid í agus an bealach a théann sé go léir i bhfeidhm ortsa. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a ndéanann ESB do shonraí pearsanta a bhainistiú, féach ar an mír Príobháideachas Sonraí (esbnetworks.ie) ar shuíomh gréasáin ESB. Más mian leat cóip de do shonraí a fháil, comhlánaigh iarratas agus cuir isteach é trínár bhfoirm iarratais ar líne. 

Ríomhphost:dpo@esb.ie

Seoladh Poist: Oifigeach Cosanta Sonraí, ESB, 27 Sráid Mhic Liam Íochtarach, Baile Átha Cliath 2D02 KT92.


Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

Rialacháin CE (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2014 – 2018

Is údarás poiblí é ESB chun críocha Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2014-2018 (na Rialacháin RFC). Faoi na Rialacháin RFC, tá tú i dteideal rochtain a iarraidh ar fhaisnéis faoin gcomhshaol atá á coinneáil ag ESB nó thar a cheann. Cliceáil anseo chun faisnéis bhreise a fháil maidir leis na Rialacháin RFC.

 

Le hiarratas ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a dhéanamh ar ESB, seol ríomhphost chuig AIERequests@esb.ie

nó scríobh chuig:

Comhordaitheoir ESB ar Iarratais um RFC

Ceannáras ESB
27 Sráid Mhic Liam Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 KT92
Éire

Ba cheart gach iarratas:

a bheith déanta i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach,

a lua go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC,

d’ainm, seoladh agus sonraí teagmhála ábhartha eile a lua,

an fhaisnéis faoin gcomhshaol a theastaíonn uait a fháil ó ESB a leagan amach ar bhealach chomh sonraithe agus is féidir, agus

má tá rochtain uait ar an bhfaisnéis faoin gcomhshaol i bhfoirm nó ar bhealach áirithe, sonraigh an fhoirm nó an bealach rochtana atá ag teastáil.

Nuair a dhéantar iarratas ar ESB faoi na Rialacháin RFC agus (i) níl an fhaisnéis faoin gcomhshaol a iarradh i seilbh ESB agus (ii) creideann ESB go bhfuil nó go bhféadfadh an fhaisnéis bheith i seilbh Údaráis Phoiblí eile, faoi na Rialacháin RFC, aistreoidh ESB d’iarratas chomh luath agus is féidir go dtí an tÚdarás Poiblí ábhartha faoi Airteagal 7(6) de na Rialacháin RFC.  I gcásanna mar sin cuirfear ar an eolas tú go bhfuil d’iarratas arna aistriú.

Mar a bhforáiltear dó sna Rialacháin RFC, déanfaidh ESB iarracht d’iarratas a fhreagairt chomh luath agus is féidir.  Tráth nach déanaí ná mí tar éis dúinn an t-iarratas a fháil tabharfaimid freagra agus cinneadh nó cuirfimid in iúl duit go bhfuil d’iarratas arna aistriú againn go hÚdarás Poiblí eile nó cuirfimid in iúl duit go bhfuil gá le mí bhreise (mar a bhforáiltear dó sna Rialacháin RFC) chun déileáil le d’iarratas.

Táillí:
D'fhéadfadh sé go ngearrfaí táillí as doiciméid a fhótachóipeáil.  Seo a leanas na táillí: Fótachóip: €0.04 an leathanach A4

Uaireanta Gnó:
Is iad na huaireanta gnó atá ag oifig RFC ná Luan go hAoine: 9am go 5pm.

Tuilleadh léitheoireachta