Cóid Rialachais agus Beartais Ghrúpa
Tá sé mar aidhm ag an mBord an Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú 2016 a chomhlíonadh i ngach ponc ábhartha. Is creat do chomhlachtaí tráchtála Stáit é an Cód Cleachtais sin chun dea-chleachtas a chur i bhfeidhm sa rialachas corparáideach.
Ceanglaítear orainn glacadh leis an gCód Cleachtais seo agus ár n-oibríochtaí á bhfeidhmiú againn, agus deimhniú a thabhairt don Aire ábhartha nuair a bheidh sé sin déanta againn.
Déantar foráil sa Chód Cleachtais do gach gné den Chreat Rialachais Chorparáidigh, lena n-áirítear:
- Cóid Iompair do stiúrthóirí agus d’fhostaithe
- An fheidhm iniúchóireachta inmheánaí
- Soláthar
- Diúscairt sócmhainní agus rochtain tríú páirtithe ar shócmhainní
- Bunú fochuideachtaí agus éadálacha ag comhlachtaí stáit
- Éagsúlú
- Breithmheas ar infheistíochtaí
- Luach saothair agus táillí stiúrthóirí
- Socruithe tuairiscithe
- Pleanáil straitéiseach agus chorparáideach
- Comhlíonadh cánach
Cóid Eile
Comhlíonann ESB Cód Rialachais Chorparáidigh na Ríochta Aontaithe agus an Iarscríbhinn maidir le Rialachas Corparáideach in Éirinn ar bhonn deonach (a mhéid agus is infheidhme go réasúnta ós rud é gur corparáid reachtúil é ESB). Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Tuarascáil Rialachais an Bhoird sa chuid Rialachais den Tuarascáil Bhliantúil. Is féidir cóip de chód na Ríochta Aontaithe a fháil ar shuíomh gréasáin FRC www.frc.org.uk agus tá cóip d’Iarscríbhinn na hÉireann le fáil ag www.ise.ie.