Ionstraimí Airgeadais Díorthacha
Baineann ESB úsáid as ionstraimí airgeadais díorthacha chun neamhchosaintí a fhálú agus chun rioscaí a laghdú. Ionas go bhféadfaidh ESB conarthaí a dhéanamh maidir le hionstraimí airgeadais díorthacha go dlíthiúil, ní mór do na contrapháirtithe critéir áirithe maidir le creidmheas agus critéir eile a chomhlíonadh. An tAcht um Idirbhearta Airgeadais Cuideachtaí Áirithe agus Comhlachtaí Eile, 1992 (“Acht 1992”), a rialaíonn an úsáid a mbaineann ESB as ionstraimí airgeadais díorthacha.
Eisíonn Aire Airgeadais na hÉireann treoraíocht i ndáil le feidhmiú Acht 1992 ó am go ham. Mí na Nollag 2020 an t-am deiridh a rinneadh sin, nuair a eisíodh Ceanglais agus Coinníollacha an Aire Airgeadais. Tá comhlíonadh Acht 1992 agus comhlíonadh Cheanglais agus Choinníollacha an Aire Airgeadais ina gcodanna lárnacha de chreat rialaithe agus rialachais ESB chun conarthaí a dhéanamh maidir leis na hionstraimí sin.