Skip to Content

Nochtadh agus Brústocaireacht

I gcomhréir lenár Luachanna, déanann ESB a dhícheall oibriú ar bhealach a léiríonn ár gcuid ionracais, ag cloí le dlíthe agus rialacháin na hÉireann agus na dtíortha eile ina n-oibríonn ESB i gcónaí. Tá ESB tiomanta dár ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach oscailte trédhearcach.

Socruithe Trédhearcachta in Éirinn

Tá gníomhaíochtaí brústocaireachta in Éirinn faoi rialú ag an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 (“an tAcht”).  Agus é ina chuideachta tráchtála leathstáit, bíonn ESB i dteagmháil go rialta le reachtóirí agus le hoifigigh phoiblí eile maidir le hábhair a mbíonn tionchar acu ar ár ngnó.  Má ghlacann ESB páirt i ngníomhaíochtaí brústocaireachta ar gá iad a nochtadh faoin Acht, tugtar faoi na gníomhaíochtaí sin ar bhealach trédhearcach agus de réir cheanglais an Achta.  Tá ESB tar éis clárú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus déantar sonraí faoinár ngníomhaíochtaí brústocaireachta a chur ar fáil go poiblí trí chlár brústocaireachta an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Trédhearcacht agus an AE

Ar leibhéal an AE, tá oibleagáidí trédhearcachta ar leith i bhfeidhm. Faoi na hoibleagáidí seo, éilítear ar eagraíocht clárú ar Chlár Trédhearcachta an AE más mian le lucht na heagraíochta sin tionchar a imirt ar cheapadh nó ar chur chun feidhme bheartais agus phróisis cinnteoireachta institiúidí an AE, agus má thugann an eagraíocht faoi aon cheann de na gníomhaíochtaí ábhartha. Chláraigh ESB le Clár Trédhearcachta an AE agus nochtann sé cad iad na leasanna atá á saothrú, cé atá á saothrú agus cad iad na buiséid atá i gceist leis sin.