Rialuithe inmheánacha ESB
Deartar rialuithe inmheánacha chun a chinntiú go ndéantar na rudaí cearta, ar na cúiseanna cearta, ar an mbealach ceart, agus ag an am ceart.
Deartar iad chun dearbhú réasúnta a thabhairt go ndéantar rioscaí a bhainistiú go cuí, agus go mbaintear cuspóirí amach. Déantar é sin trí bheartais, nósanna imeachta, treoirlínte oibriúcháin, treoracha, córais faisnéise agus próisis mhonatóireachta agus tuairiscithe.
Cé atá freagrach as Córas Rialaithe Inmheánaigh ESB?
Is ar Bhord ESB atá an fhreagracht fhoriomlán as córas rialaithe inmheánaigh an Ghrúpa agus as monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an chórais. Chun a chinntiú go gcomhlíonann na rialuithe inmheánacha an reachtaíocht agus na rialacháin, tá struchtúr eagraíochtúil curtha ar bun ag an mBord a bhfuil nósanna imeachta soiléire oibriúcháin agus tuairiscithe ann, línte freagrachta, teorainneacha údaraithe, leithscaradh dualgas agus údarás tarmligthe.
Rialú Inmheánach
Is ar an mBord atá an fhreagracht fhoriomlán as córas rialaithe inmheánaigh an Ghrúpa. Tá an córas rialaithe inmheánaigh deartha chun cinnteacht réasúnta, ach ní ráthaíocht iomlán, a thabhairt i gcoinne riosca de mhíráiteas ábhartha nó caillteanas. Chun an fhreagracht sin a chomhlíonadh ar bhealach a dhearbhaíonn go gcomhlíontar reachtaíocht agus rialúcháin, tá struchtúr eagraíochtúil curtha ar bun ag an mBord a bhfuil nósanna imeachta soiléire oibriúcháin agus tuairiscithe ann, línte freagrachta, teorainneacha údaraithe, leithscaradh dualgas agus údarás tarmligthe. Tá athbhreithniú déanta ag an mBord ar éifeachtacht chóras rialaithe inmheánaigh an Ghrúpa, lena n-áirítear rialuithe airgeadais, oibriúcháin agus comhlíonta agus córais bainistíochta riosca.
Creat Rialaithe Inmheánaigh ESB
- Cód Eitice a éilíonn ar gach comhalta Boird agus gach fostaí na caighdeáin eiticiúla is airde a choinneáil agus iad i mbun gnó.
- Struchtúr eagraíochtúil atá sainithe go soiléir agus lena mbaineann teorainneacha údaráis agus sásraí sainithe maidir le tuairisciú chuig leibhéil níos airde bainistíochta agus chuig an mBord a thacaíonn chun timpeallacht rialaithe láidir a chothabháil.
- Creat rialachais lena n-áirítear anailís riosca, athbhreithniú ar rialú airgeadais agus ráitis fhoirmiúla bliantúla um chomhlíonadh rialachais ó bhainisteoirí na línte gnó.
- Sraith chuimsitheach beartas agus nósanna imeachta maidir le rialuithe oibriúcháin agus airgeadais.
- Bíonn faomhadh ón mBord ag teastáil le haghaidh tionscadal caipitil mór, agus déanann an Coiste Airgeadais agus Feidhmíochta Gnó monatóireacht ghéar orthu ar bhonn leanúnach. Féadfaidh siad a bheith faoi réir ag iniúchadh i ndiaidh a gcur i gcrích freisin.
- Córais chuimsitheacha buiséadaithe lena mbaineann buiséad bliantúil arna fhaomhadh ag an mBord.
- Córas cuimsitheach tuairiscithe airgeadais.
- Déantar torthaí iarbhír carnacha agus príomhtháscairí feidhmíochta a thuairisciú in aghaidh an bhuiséid agus déanann an Bord breithniú orthu ar bhonn míosúil. Ceistíonn an Bord aon athrú suntasach agus/nó aon athraitheas ábhartha díobhálach agus déantar beart ceartaitheach nuair is cuí.
- Seirbhís líne cabhraí rúnda chun bealach rúnda, gan ainm más gá, a sholáthar don fhoireann chun calaois nó imní eiticiúil a thuairisciú.
Monatóireacht ar Rialú Inmheánach
Déanann Iniúchadh Inmheánach an Ghrúpa athbhreithniú córasach ar na rialuithe seo. Sna hathbhreithnithe seo, cuirtear béim ar na réimsí is mó riosca. Déanann an Bord athbhreithniú ar éifeachtúlacht an chórais rialaithe inmheánaigh, le tacaíocht ón gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca. Áirítear na nithe seo a leanas sa phróiseas a úsáideann an Bord agus an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca chun athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an chórais rialaithe inmheánaigh:
- Feidhm ainmnithe bainistíochta riosca i ESB.
- Athbhreithniú agus breithniú a dhéanamh ar an bpróiseas athbhreithnithe riosca leathbhliantúil agus ar na nuashonruithe rialta ar bhainistíocht riosca.
- Comhairle neamhspleách faoi leordhóthanacht an phróisis bainistíochta riosca atá i bhfeidhm faoi láthair i ESB.
- Athbhreithniú agus breithniú a dhéanamh ar dheimhniúcháin ón mbainistíocht ar oibriú sásúil agus éifeachtach na gcóras rialaithe inmheánaigh, idir chórais airgeadais agus chórais oibriúcháin.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar chlár Iniúchta Inmheánaigh an Ghrúpa agus breithniú a dhéanamh ar a gcuid torthaí agus tuarascálacha.
- Chomh maith leis sin, tuairiscíonn Iniúchadh Inmheánach an Ghrúpa go rialta maidir le stádas na saincheisteanna a ardaíodh roimhe sin óna dtuarascálacha féin agus ó thuarascálacha an iniúchóra sheachtraigh.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascálacha an iniúchóra sheachtraigh ina leagtar amach sonraí de shaincheisteanna rialaithe suntasacha a aithníodh, ag éirí as a chuid oibre mar iniúchóir.