Tacaíonn ESB le Banóglaigh na hÉireann
Is é an misean atá ag Banóglaigh na hÉireann cur ar a gcumas do mhná óga lán a n‑acmhainneachta a bhaint amach mar shaoránaigh fhreagracha den domhan
Féach físeánMar phríomh-eagraíocht Éireannach atá fréamhaithe go domhain sa phobal ó 1927, táimid tiomanta dár ról chun dul i ngleic le cuid de na príomhcheisteanna sóisialta atá roimh Éirinn sa lá atá inniu ann. Faoin gCiste um Fhuinneamh do na Glúnta, íoctar os cionn €1 milliún in aghaidh na bliana le raon leathan tionscnamh pobail a bhaineann le saincheisteanna faoi leith. Is ciste leathbhliantúil é a thugann airgead do charthanachtaí a oibríonn i réimsí na huilechuimsitheachta sóisialta a bhaineann le rochtain ar oideachas, rochtain ar fhostaíocht agus easpa dídine.
Tá an Ciste um Fhuinneamh do na Glúnta ina ghné lárnach dár dtiomantas do thionchar dearfach sóisialta agus comhshaoil a thabhairt chun cinn agus tá sé i gcomhréir le straitéis uileghabhálach na cuideachta agus lena fís maidir le freagracht shóisialta chorparáideach. Tacaíonn an ciste le gníomhartha straitéiseacha atá i gcomhréir lenár gcuspóir agus lenár luachanna. Tá tionscnaimh an chiste ríthábhachtach chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 7, 9 agus 13 na Náisiúin Aontaithe a thabhairt chun cinn, trí ghiniúint fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn, feabhas a chur ar athléimneacht bhonneagair, agus cur ar a gcumas do phobail astaíochtaí neodracha a bhaint amach.
Is é an misean atá ag Banóglaigh na hÉireann cur ar a gcumas do mhná óga lán a n‑acmhainneachta a bhaint amach mar shaoránaigh fhreagracha den domhan
Féach físeánIs é is aidhm linn leis an gCiste um Fhuinneamh do na Glúnta ná tionchar ár n-infheistíochta a uasmhéadú a oiread agus is féidir trí ghlacadh le cur chuige níos straitéisí d’fhonn athruithe a bhaint amach. Níl sa chistiú ach cuid den scéal – ba mhaith linn leas a bhaint as na scileanna agus as an eolas atá againn san eagraíocht le torthaí níos inbhuanaithe, níos dearfaí a bhaint amach chomh maith.
Na baill foirne siúd a thugann suas 20 uair an chloig ar a laghad dá gcuid ama féin in aghaidh na bliana, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar chistiú suas le €250 dá rogha carthanas cláraithe.
Is féidir le carthanais atá ag obair i réimsí an fhéinmharaithe, na heaspa dídine agus na rochtana agus tacaíochta oideachais iarratas a dhéanamh ar an gCiste le cistiú a fháil le haghaidh tionscadal ar leith.
Gach ráithe, cuireann BSL méid ón gCiste ar leataobh i gcomhair a íoctha amach. Ní bhíonn an méid céanna i gceist gach uile ráithe toisc go mbraitheann sé ar líon na n-iarratas a fhaightear agus ar chúinsí séasúracha – d’fhéadfadh sé go mbeadh ní ba mhó cistiúcháin ag teastáil sa gheimhreadh nó in aimsir na Nollag ná sa samhradh.
Déantar na hiarratais a fhaightear le linn na ráithe a mheas ag deireadh na ráithe agus leithdháiltear an cistiú dá réir sin.
Seo a leanas na dátaí deiridh a nglacfar le hiarratais in 2022:
Babhta 1 – an 15 Márta
Babhta 2 – an 2 Meitheamh
Babhta 3 – an 10 Lúnasa
Babhta 4 – an 2 Samhain
Féinmharú a Chosc
Cisteoimid seirbhísí agus tionscadail atá i bun oibre le meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn agus le cumas, scileanna agus oiliúint a fhorbairt d’fhonn idirghabhálacha éifeachtacha a dhéanamh le féinmharú a chosc.
Tá spéis ar leith againn i gcistiú a thabhairt do chláir atá dírithe ar an bhféinmharú i measc na n-óg agus ar chur chun cinn na meabhairshláinte dearfaí do dhaoine óga.
Easpa dídine
Cisteoimid seirbhísí agus tionscadail a rachaidh chun tairbhe do dhaoine gan dídean agus dóibh siúd atá i mbaol a bheith gan dídean.
Oideachas
Cuirfear fáilte roimh thograí ó na heagraíochtaí seo a leanas:
Tionscadail luathbhlianta agus luath-bhunscoile atá dírithe ar chúrsaí litearthachta agus uimhearthachta;
Tograí meánscoile arb aidhm leo eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (STEM) a chur chun cinn;
Cláir um fhilleadh ar oideachas d’aosaigh atá dírithe orthu siúd atá as obair go fadtéarmach.
Ní bhronntar cistiú ar /as:
Daoine aonair ná tiomsaitheoirí airgid aonair
Costais riaracháin ná oibriúcháin
Costais tuarastail
Tiomsú airgid tríú páirtí (m.sh. imeachtaí tiomsaithe airgid)
Fiontair ardriosca
Cistiú cúlghabhálach
Seirbhísí comhairleoireachta pobail
Obair thar lear
Iarratais ó scoileanna aonair ná tionscadail críochnaithe scoile
Ní mór an cistiú ar fad a úsáid faoi chomhair an tionscadail a luadh ar an bhfoirm iarratais agus faoina chomhair sin amháin.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le duine de Riarthóirí an Chiste -
Diane Fannin
T: 01 702 7550
R: efgfund@esb.ie
Fergal Fitzgerald
T: 01 702 7732
R: efgfund@esb.ie
Is féidir, cinnte. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le duine de Riarthóirí an Chiste. Más rud é nár éirigh le d’iarratas, áfach, seans maith go raibh d’iarratas in iomaíocht le tograí maithe eile nó gur éirigh le tionscadail eile a measadh a mbeadh tionchar ní ba mhó ag baint leo. Beidh tú in ann cur isteach ar an gCiste arís an chéad bhabhta eile.
Is féidir, cinnte. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le duine de Riarthóirí an Chiste -
Diane Fannin
T: 01 702 7550
R: efgfund@esb.ie
Fergal Fitzgerald
T: 01 702 7732
R: efgfund@esb.ie
Is féidir, cinnte.
Spreagtar d’eagraíochtaí cistiú neamhspleách áitiúil a bhaint amach i dteannta cur isteach ar an gCiste um Fhuinneamh do na Glúnta d’fhonn a oiread agus is féidir a fháil don tionscadal. Ba cheart d’eagraíochtaí a chur in iúl freisin cá mhéad dá gcuid acmhainní féin atá siad chun a infheistiú sa tionscadal.