Skip to Content

Eolas faoi ESB

Tá BSL ar an gcomhlacht fuinnimh is mó le rá in Éirinn ó bunaíodh an comhlacht siar in 1927.
Caomhnóirí Thodhchaí Fuinnimh na hÉireann

Is orainne go léir atá an fhreagracht as a bhfuil i ndán d’Éirinn ó thaobh fuinnimh de. Bunaíodh ESB mar chorparáid reachtúil i bPoblacht na hÉireann faoin Acht Leictreachais (Soláthar), 1927. Tá 95 faoin gcéad de ESB faoi úinéireacht Rialtas na hÉireann. Tá na 5 faoin gcéad eile i seilbh iontaobhaithe Plean Scair-Úinéireachta d’Fhostaithe.

Féach Físeán

Cé Muid Féin

Cuirimid muinín sa nuálaíocht, san infheistíocht agus sa saineolas atá ann inár ngnólachtaí éagsúla.

Táimid ag baint tairbhe astu le córais chliste agus inbhuanaithe fuinnimh a fhorbairt d’fhonn dul i ngleic leis an athrú aeráide –ceann de na dúshláin is mó atá roimh an tsochaí sa lá atá inniu ann.

Is mian linn ár gcion féin a dhéanamh leis an tsochaí a aistriú chuig fuinneamh ísealcharbóin, inacmhainne ar féidir brath air.

Ag ESB, táimid ag cur lena bhfuil á dhéanamh againn le breis agus céad bliain le saol daoine a athrú chun feabhais — agus dul chun cinn agus athrú sóisialta agus eacnamaíoch a chumasú ag an am céanna.

Is é sin ár gcuspóir.

 

 

beach with people and windmills


Oibreoimid i dtreo saol níos fearr agus, ar an gcaoi sin, comhlíonfaimid riachtanais fuinnimh ár gcuid custaiméirí. Leis an méid sin a dhéanamh, tabharfaimid le chéile scoth ár gcumais agus scoth na teicneolaíochta. Cuirfimid réitigh nuálacha, inacmhainne ar fáil ar son an tsaoil nua ísealcharbóin seo.

 

 


Glanmhéid nialasach astaíochtaí faoi 2040

Táimid ag baint leas as ár n-acmhainní go léir le saol níos fearr a bhaint amach do chách san am atá le teacht.
Áirítear leis sin infheistíocht shuntasach inár bhfoireann, chomh maith le hoibriú i gcomhar le comhpháirtithe chun muinín a chothú, saol ár gcuid custaiméirí a fheabhsú agus dul chun cinn eacnamaíoch a spreagadh.
Chuige sin, tá ESB ag gníomhú go práinneach dírithe le glanmhéid nialasach astaíochtaí a bhaint amach faoi 2040.
Táimid ag cur an bhonneagair agus na seirbhísí i bhfeidhm le cur ar chumas ár gcuid custaiméirí agus na sochaí i gcoitinne déanamh amhlaidh.





Ár dTreoirphrionsabail

Táimid cróga

Cor cinniúnach é seo dár gcuid custaiméirí, dár dtionscal, agus dár sochaí.
Fúinne atá sé a bheith ar thús cadhnaíochta lenár n-uaillmhian a bhaint amach.
Ní mór dúinn an misneach a bheith againn le beart a dhéanamh de réir ár mbriathair agus an fód a sheasamh ar son a bhfuil ceart.
Tá sé de fhreagracht agus de dheis ag gach duine againn dul i bhfeidhm ar ESB le gur féidir linn go léir a bheith bródúil as mar ghnó

Tá croí againn

Ag ESB, táimid fite fuaite sna pobail a bhfreastalaímid orthu. Tá aithne againn ar na pobail seo, agus ar na daoine a chónaíonn iontu. Tugaimid aire dúinn féin agus dá chéile. Coinnímid an tsábháilteacht i gcuimhne, i gcónaí. Ba mhaith linn a bheith in ann a rá leis an gcéad ghlúin eile go ndearnamar ár ndícheall. Is é an aidhm atá againn ná oidhreacht dhearfach a fhágáil agus saol níos fearr a bhaint amach do chách.

Táimid diongbháilte

Ag ESB, tugaimid aghaidh ar an lá le fuinneamh, paisean agus diongbháilteacht. Is mian linn ár ngnó a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe go fadtéarmach. Déanaimid ár ndícheall fíordhifríocht a dhéanamh ar son ár gcuid custaiméirí, comhghleacaithe agus pobal. Bímid sa tóir i gcónaí ar bhealaí leis na seirbhísí a chuirimid ar fáil dóibh a fheabhsú.

Tá muinín ag an bpobal asainn

Táimid ag obair ón gcéad lá riamh le muinín a thuilleamh agus le dea-cháil a bhaint amach. Le déanamh amhlaidh, tugaimid tús áite do riachtanais ár gcuid custaiméirí agus pobal. Mar gheall air sin, tá an tsochaí ag cur muinín ionainn anois saol níos fearr a bhaint amach. Tá dul chun cinn, fás agus féidearthachtaí á gcumasú againn do na glúnta atá le teacht. Is mór an cúram é. Ní beag an rud í an mhuinín. Caithfear í a thuilleamh, agus caithfidh sí a bheith tuillte.