Skip to Content

Ár gCuspóir

Ó bunaíodh in 1927 é, tá rún daingean ag ESB an tsochaí a bhrú chun cinn agus an saol a fheabhsú dár gcuid custaiméirí agus pobal. Léiriú ar an gcuspóir sin is ea ár dtiomantas le dul i ngleic le cuid de na dúshláin is mó atá le sárú againn mar shochaí, an t-athrú aeráide ina measc. Chuige sin, tá ár gcion féin a dhéanamh leis an tsochaí a aistriú chuig fuinneamh ísealcharbóin, inacmhainne ar féidir brath air. Táimid ag cur lena bhfuil á dhéanamh againn le breis agus céad bliain le saol daoine a athrú chun feabhais agus dul chun cinn agus athrú sóisialta agus eacnamaíoch a chumasú ag an am céanna.

windmills on a hill with sunset

Táimid ag saothrú ar mhaithe leis an aistriú i dtreo fuinneamh nua bunaithe ar leictreachas iontaofa inacmhainne atá neodrach ó thaobh carbóin de.

Táimid ag cur lena bhfuil á dhéanamh againn le breis agus céad bliain le saol daoine a athrú chun feabhais agus dul chun cinn agus athrú sóisialta agus eacnamaíoch a chumasú ag an am céanna. is é seo ár gcuspóir.

Leanfaimid orainn ag cur ár gcuid saineolais agus acmhainní chun tairbhe le solas agus fuinneamh a thabhairt chuig pobail anseo in Éirinn agus ar fud na cruinne.

Tá díocas orainn difríocht a dhéanamh agus glanmhéid nialasach astaíochtaí a bhaint amach do ESB faoi 2040.


An tAthrú Aeráide

Tá a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil an t-athrú aeráide ar cheann de dúshláin ollmhóra ár linne. Tá na droch-iarmhairtí ag éirí níos soiléire an t-am ar fad farraigí ag ardú, ganntanais uisce agus cur isteach ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais, cuir i gcás. Beidh ról bunathraitheach ag an leictreachas sa troid in aghaidh an athraithe aeráide. Is féidir leis astaíochtaí carbóin ón earnáil fuinnimh a laghdú, chomh maith le hastaíochtaí gás ceaptha teasa eile atá díobhálach.

Glanmhéid nialasach astaíochtaí

Tá ESB ag gníomhú go práinneach dírithe le glanmhéid nialasach astaíochtaí a bhaint amach faoi 2040. Táimid ag cur an bhonneagair agus na seirbhísí i bhfeidhm a chuirfidh ar chumas ár gcuid custaiméirí agus na sochaí i gcoitinne saol níos inbhuanaithe a bheith acu. Táimid ag iarraidh cothromaíocht a bhaint amach idir an saothar seo agus an cúram bunúsach atá orainn le leictreachas inacmhainne ar féidir brath air a chur ar fáil ar son ár gcuid custaiméirí, an phobail agus an gheilleagar.

child at solar panel

Ár Straitéis i dTreo 2040

Is é ‘Díocas orainn Difríocht a Dhéanamh: Glanmhéid Nialasach a Bhaint Amach faoi 2040’ straitéis ESB agus leagtar amach go soiléir conas an neodracht carbóin a bhaint amach ar bhealach ina dtacaítear lenár gcustaiméirí agus ina gcinntítear fás leanúnach ESB agus ár gcumas infheistíocht a dhéanamh.

worker on windfarm

Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe

Tacaíonn ár straitéis go díreach le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a fhéachann le saol níos fearr agus níos inbhuanaithe a bhaint amach do chách faoi 2030.

Tá ESB ag díriú ar thrí cinn de na spriocanna a bhaineann le réimsí inar féidir linn fíordhifríocht bhuan a dhéanamh.

Sprioc 7:

Rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus nua-aimseartha do chách.

Sprioc 9:

Bonneagar athléimneach a thógáil, tionsclú uilechuimsitheach inbhuanaithe a chur chun cinn, agus an nuálaíocht a chothú.

Sprioc 13:

Bearta práinneacha a ghlacadh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus lena thionchar.

“Anseo in ESB, tá díocas orainn difríocht a dhéanamh agus díreoimid ár gcuid iarrachtaí ar na réimsí sin inar féidir linn an difríocht is mó a dhéanamh – leictreachas inbhuanaithe, iontaofa agus inacmhainne a chruthú agus a nascadh – agus ar thacú leis na custaiméirí agus na pobail ar a bhfreastalaímid chun neodracht carbóin a bhaint amach. Ach sprioc shoiléir faoi cheangal ama a leagan amach chun neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2040, mar aon le sprioc atá bunaithe ar an eolaíocht a leagan amach le haghaidh 2030, tá rún daingean againn ár gcion féin a dhéanamh chun beart práinneach a ghlacadh le dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus saol níos fearr a chur ar fáil do chách.”
Paddy HayesPRÍOMHFHEIDHMEANNACH ESB