Skip to Content

Gealltanas dár bhFoireann

Gealltanas dár bhFoireann

Áit iontach is ea ESB le bheith ag obair. Beidh daoine cairdiúil, spreagúil thart ort agus iad ar fad ag obair le chéile chun dul i ngleic le ceann de dhúshláin mhóra ár linne

Féach Físeán

Do you want to work for a vibrant, successful and innovative organisation?

Apply Now
Ár gCuspóir agus ár Straitéis video
Ár gCuspóir agus ár Straitéis

Ar mhaith leat a bheith mar chuid d’fhoireann a chuireann todhchaí níos gile ar fáil agus a dhéanann difríocht mhór i saol na milliún daoine gach lá?

Is í ESB an chuideachta fuinnimh is mó in Éirinn. Ó 1927 i leith tá todhchaí níos gile á chur ar fáil againn dár gcustaiméirí agus don phobal. Sa lá atá inniu ann, táimid tiomanta difríocht a dhéanamh agus todhchaí glan-nialasach a bhaint amach faoi 2040, trí leictreachas glan inbhuanaithe a sholáthar.

- Tá os cionn 8,000 duine againn ag obair ar na céadta tionscadal nuálach ar fud na hearnála fuinnimh, agus tá réimse éagsúil tallainne de dhíth orainn chun cabhrú linn ár n-uaillmhianta a bhaint amach
- Tá seirbhísí innealtóireachta de chéad scoth curtha ar fáil againn ar fud an domhain
- Cuirimid an inbhuanaitheacht, spriocanna comhshaoil agus sóisialta i gcroílár na rudaí a dhéanaimid
- Tá níos mó ná €15 milliún infheistithe againn chun tacú le pobail ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta trínár gcláir sochair shóisialta.

Watch Video
Ár Luachanna video
Ár Luachanna

Cad a chiallaíonn sé a bheith misniúil, comhbhách, tiomáinte agus iontaofa?

Tugann ár luachanna misneach dúinn agus treoraíonn siad an bealach a oibrímid ag ESB gach lá. Agus an domhan ag athrú chomh gasta sin, ní raibh gá chomh mór riamh ann le bheith dílis dár luachanna.

Ag ESB beidh tú mar chuid d’fhoireann a bhfuil luachanna comhroinnte aici, foireann a...

- Thugann tosaíocht don chúram, don tsábháilteacht, don tsláinte agus don fholláine
- A bhfuil meas aige ar an neamhspleáchas agus ar bhealaí solúbtha oibre
- A thugann aghaidh ar gach lá le fuinneamh agus le paisean
- Atá cruthaitheach agus ar mhaith leo a bheith nuálaíoch agus comhoibríoch ó lá go lá
- A chuireann an custaiméir i gcroílár gach rud a dhéanann siad
- A thugann ar ais do na pobail a bhfreastalaíonn siad orthu
- A roinneann a gcuid ama agus scileanna trí go leor deiseanna oibre deonacha a chur ar fáil.

Watch Video
Ár bhFoireann video
Ár bhFoireann

Ar mhaith leat a bheith ag obair le daoine atá ardspreagtha, daoine a thacaíonn lena chéile agus atá bródúil as an obair a dhéanann siad?

Is í ár bhfoireann a dhéanann cuideachta ar leith de ESB. Mar chuid d’fhoireann ESB, cruthaíonn ár ndaoine timpeallacht oibre dhearfach chomhbhách lena chinntiú go mbíonn taithí iontach ag gach duine gach lá. Ár bhFís

- Glacadh go fonnmhar le héagsúlacht, uathúlacht agus indibhidiúlacht, ionas gur féidir leat do phearsantacht féin a chur in iúl mar chuid d’fhoireann ESB agus forbairt phearsanta a dhéanamh
- Oibriú le nuálaithe, saineolaithe teicniúla agus gnó agus foghlaim uathu
- Éisteacht lenár bhfoireann agus tuiscint a fháil ar a dtaithí
- An chumhacht a thabhairt dár mbainisteoirí agus dár gceannairí a bhfoirne a spreagadh, agus fuinneamh agus tacaíocht leanúnach a thabhairt dóibh
- Nuálaíocht agus comhoibriú a spreagadh i gcónaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna atá romhainn.

Watch Video
Sochair don Fhostaí

Ar mhaith leat leas a bhaint as ár réimse sochar mealltach agus uathúil? Cuirimid réimse sochar iomaíoch, tréimhsí saoire solúbtha agus go leor eile ar fáil. Lena n-áirítear:

- Pacáiste cúitimh tarraingteach
- Plean pinsin le ranníocaíocht iomaíoch fostóra
- Bónas feidhmíochta bliantúil
- Sochair árachais saoil agus míchumais
- Rátaí laghdaithe leictreachas le Electric Ireland
- Fleisc-am agus obair chumaisc
- Cothromaíocht Oibre is Saoil
- Tacaíochtaí sláinte agus folláine
- Scéim atreorúcháin fostaithe
- Réimse leathan roghanna saoire saoil agus sos gairme
- Rochtain ar scéimeanna árachais ESB
- Scéimeanna coigilteora do chomaitéirí (lena n-áirítear na scéimeanna um Rothaíocht chun na hOibre agus ‘Easi Travel’)

* D’fhéadfadh an pacáiste Sochair a bheith éagsúil ag brath ar an ról atá agat.

Folláine

Ar mhaith tús áite a thabhairt do d’fholláine, agus fíorchothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach trí obair chumaisc a dhéanamh?

Mar eagraíocht a dhéanann cúram dá fostaithe bíonn sláinte, slándáil agus folláine i gcroílár gach rud a dhéanann ESB ó lá go lá.

Ag obair linn is féidir leat leas a bhaint as…
- An iliomad tacaíochtaí slándála agus folláine, lena n-áirítear tacaíochtaí meabhairshláinte amhail an EAP chomh maith le seirbhísí Garchabhrach don Mheabhairshláinte
- Comhghleacaithe agus bainisteoirí tacúla a thuigeann an tábhacht a bhaineann le bheith comhbhách
- Ár gcláir sláinte agus folláine a chothaíonn nósanna sláintiúla inbhuanaithe
- Ár gclubanna spóirt agus sóisialta agus gníomhaíochtaí a chuireann an fholláine coirp agus an caidreamh sóisialta chun cinn.

Fás agus Forbairt

An duine fiosrach tú, an maith leat dúshlán nua a ghlacadh chugat féin agus an bhfuil tú tiomanta don fhoghlaim agus do bharr do chumais a bhaint amach?

Ag ESB, forbraímid in éineacht lenár bhfoireann. Déanaimid infheistíocht leanúnach i do chuid forbartha trí…

- Bheith tiomanta go láidir do dheiseanna forbartha pearsanta agus gairme a chur ar fáil duit
- Deiseanna foghlama ar an láthair ó ghairmithe a bhfuil taithí acu a chur ar fáil
- Deiseanna, lena n-áirítear sealaíocht oibre, a chur ar fáil le cabhrú leat taithí a fháil i rannóga éagsúla den ESB
- Traenáil agus meantóireacht a bhfuil go leor duaiseanna buaite acu a sholáthar
- Réimse leathan clár oiliúna agus oideachais a chur ar fáil
- Deiseanna oiliúna bainistíochta
- Cláir ghorlainne don nuálaíocht
- Sparánachtaí a thabhairt chun cabhrú leat cáilíochtaí agus creidiúnuithe gairmiúla a bhaineann le do phost a bhaint amach, lena n-áirítear Máistreachtaí sa Riarachán Gnó.

Tuilleadh léitheoireachta