Skip to Content

Innealtóireacht ag ESB

Tá saol níos fearr i ndán dúinn. Nuair a thiocfaidh tú ag obair in ESB, beidh tú páirteach i bhfoireann thiomnaithe atá ag díriú isteach ar aistriú na hÉireann i dtreo na neodrachta carbóin. Tairbheoidh tú de bhealaí cliste solúbtha oibre, san oifig féin, ar an láithreán, nó in áiteanna oibre cianda. Ní stopfaidh tú riamh de bheith ag foghlaim ag an obair, agus leanfaidh tú de do scileanna gairmiúla a fhorbairt ó thús deireadh do ghairme le ESB agus cuirfear meantóireacht, oiliúint agus oideachas ar fáil duit.

Telecoms masts with ESB Engineering personnel

 

Beidh deiseanna ann freisin obair dheonach a dhéanamh trínár gclár fairsing freagrachta sóisialta corparáidí. Soláthrófar pacáiste cuimsitheach duit ina gcuimseofar tuarastal iomaíoch, bónas, ranníocaíocht phinsin, saoire fhlaithiúil teaghlaigh, agus réimse sochair eile.

Tá réimse deiseanna innealtóireachta ar fud Ghrúpa ESB faoi láthair, lena n‑áirítear róil sa Rannóg Innealtóireachta agus Mórthionscadal, sa Rannóg Giniúna, sa Rannóg Trádála agus sa Rannóg Líonraí. Is sa Rannóg Innealtóireachta agus Mórthionscadal – ár n‑ionad barr feabhais innealtóireachta – atá formhór na ról. Is é is cuspóir don Rannóg na mórthionscadail agus na réitigh innealtóireachta a chur ar fáil d’fhonn a bheith chun tosaigh san aistriú chuig fuinneamh inacmhainne iontaofa atá neodrach ó thaobh carbóin de.Tá clár uaillmhianach infheistíochta á chur i bhfeidhm againn, ag féachaint le hiontaofacht an bhonneagair leictreachais a chinntiú agus cuspóirí dícharbónaithe a bhaint amach.

Leis na hathruithe sin, tá deiseanna iontacha á gcruthú againn i réimse disciplíní innealtóireachta:

  • Innealtóireacht eischósta
  • Innealtóireacht leictreach
  • Innealtóireacht shibhialta
  • Innealtóireacht mheicniúil
  • Pleanálaithe Líonra
  • Coimisiúnú,
  • Bainistíocht Tionscadal
  • Maoirseacht Tionscadal
  • Sainróil, mar shampla Suirbhéirí Cainníochta, Speisialtóirí Comhshaoil agus Pleanála

Ba bhreá linn scéala a fháil uait dá mbeadh spéis agat teacht ag obair in eagraíocht ina gcuirtear ar a gcumas do na baill foirne a bheith misniúil, cásmhar, díocasach agus iontaofa.

Cliceáil anseo le hiarratas a dhéanamh anois

Beimid sa tóir ar scoth na ndaoine le teacht ag obair linn ar fud 2022 chun ár gcláir oibre uaillmhianacha a sheachadadh.

Mura n‑éiríonn leat ról a oireann go paiteanta duit féin a aimsiú, tá próiseas iarratais ar siúl againn faoi láthair le haghaidh deiseanna san innealtóireacht leictreach ghinearálta agus san innealtóireacht shibhialta.

Bí cinnte seiceáil linn go rialta le haghaidh folúntais a bheidh ann amach anseo.

Innealtóireacht in ESB

Tá céim a dó d’Fheirm Ghaoithe Abhainn Einne i gContae Mhaigh Eo á forbairt ag ESB faoi láthair in éineacht le Bord na Móna, ár gcomhpháirtí sa chomhfhiontar.

Nuair a bheidh an tionscadal curtha i gcrích, beidh toilleadh giniúna suiteáilte 172MW ag an bhfeirm ghaoithe.

 

Más spéis leat cur isteach ar cheann ar bith den iliomad deiseanna atá ar fáil againn sa Rannóg Innealtóireachta agus Mórthionscadal, téigh chuig leathanach na bhfolúntas reatha anseo

Déan iarratas anois

Grad Ireland 2020- Winner - Utilities, Energy, Renewables

Grad Ireland 20202 - bronze - The Gradireland diversity recruitment award
Diversity Charter Ireland
Engineers Ireland 2020 - CPD Accredited employer

Tuilleadh léitheoireachta