Taithí Ghairme
Breis is 20 bliain de thaithí in earnálacha na teileachumarsáide agus na teicneolaíochta, lena n-áirítear poist sna margaí domhanda, réigiúnacha agus Éireannacha. Bhí poist aici roimhe seo le Microsoft mar Stiúrthóir Straitéise agus Inbhuanaitheachta, Stiúrthóir Réiteach Comhpháirtithe Domhanda agus Stiúrthóir Tráchtála. Is Ceannaire Margaidh do Chomhghuaillíochtaí Straitéiseacha PwC í faoi láthair. Tá Máistreacht san Eacnamaíocht Ghnó aici ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC), rinne sí staidéar i Scoil Sonraí agus Intleachta Saorga Insead agus is céimí í de chuid Chlár Ceannaireachta Inbhuanaitheachta Ollscoil Cambridge, 2022.
Ceapacháin Sheachtracha
Comhalta de Bhord Ghrúpa Aerfort na Sionainne. Bhí poist neamhfheidhmiúcháin aici roimhe seo sa Ríocht Aontaithe, san Ísiltír, san Afraic Theas agus le déanaí bhí sí ar Bhord an Ospidéil Náisiúnta Máithreachais agus bhí ról comhairleach aici ar Chomhairle Fhoras Bainistíochta na hÉireann. Tá Aisling ar Ghrúpa Stiúrtha ‘30% Technology’ le ceithre bliana anuas.