Taithí Ghairme
Ceapadh ina Phríomhfheidhmeannach é i mí Lúnasa 2021. Roimhe sin, bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Ghnó Giniúna agus Margaí Mórdhíola ESB agus ansin ina Stiúrthóir Bainistíochta ar ESB Networks. Is Comhalta d’Institiúid Innealtóirí Éireann é agus tá céim mháistreachta aige san innealtóireacht ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, chomh maith le Máistreacht sa Riarachán Gnó ó Ollscoil Warwick. D’oibrigh Paddy i dtionscal na cruach sa Ríocht Aontaithe sular bhog sé go dtí an earnáil fuinnimh in 1999 chun ceannaireacht a ghlacadh ar chomhfhiontar Synergen idir ESB agus Statoil.
Ceapacháin Sheachtracha
Comhalta de Bhord Stiúrthóirí na hInstitiúide Taighde um Chumhacht Leictreach (EPRI). Cathaoirleach ar Thionscnamh na nDoirse Oscailte.