Skip to Content
Paul Mulvaney
I mí na Bealtaine 2018 ceapadh Paul Mulvaney ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin sa Rannóg um Sheachadadh do Chustaiméirí, ESB Networks. Bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin sa Rannóg Nuálaíochta roimhe sin. Thosaigh Paul le ESB in 1985 agus bhí roinnt poist bainistíochta sinsearaí aige sa Rannóg Giniúna Cumhachta le caitheamh na mblianta. Bhí sé ina Bhainisteoir Cláir sa Rannóg Athraithe Chorparáidigh, leis. Ceapadh mar Stiúrthóir Bainistíochta ecars in 2009 é agus mar cheann Rannóg Dáileacháin agus Seirbhísí Custaiméara ESB Networks Teo. in 2012. Tá céim san Innealtóireacht Mheicniúil ag Paul agus chuir sé an tArdchlár Bainistíochta i gcrích i Scoil Ghnó IESE, Ollscoil Navarra. Comhalta de chuid Institiúid na Stiúrthóirí (RA), bronnadh Stiúrthóir Cairte na Bliana ar Paul sa bhliain 2020. 
Diversity Charter Ireland Accreditation Mark
Graphic from gradIreland highlighting how ESB was awarded a Silver mark for Best Student Marketing Campaign
Graphic from gradIreland highlighting how ESB was awarded a Bronze mark for Best Internship Programme
Engineers Ireland - CPD Accredited Employer Mark