Skip to Content

Clár Iarchéime ESB

Deis iontach ár gclár iarchéime a bhfuil duaiseanna buaite acu agus atá saindírithe ar chéimithe barr feabhais a bhaint amach i do ghairm. Tabharfaidh gairm leis an ESB deis duit forbairt ghairmiúil a dhéanamh agus na scileanna riachtanacha a fhorbairt chun cabhrú le hÉirinn a huaillmhianta aeráide a bhaint amach. 

 

Tá líon teoranta spásanna ar fáil sa Chlár Iarchéime Innealtóireachta. Tá tuilleadh sonraí faoin gclár le fáil thíos, lena n-áirítear nasc chuig an bpróiseas iarratais.


An méid atá le rá ag ár gCéimithe video
An méid atá le rá ag ár gCéimithe

Tá ár gCéimithe tiomanta do dhifríocht a dhéanamh Foghlaim tuilleadh faoin taithí a fuair siad le ESB agus faoina bhfuil á thairiscint againn.

Féach Físeán
Ár dTairiscintí video
Ár dTairiscintí

- Sealaíocht oibre struchtúrtha
- Tascanna dúshlánacha
- Foghlaim agus forbairt fhiúntach
- Taithí a bheith ag obair ar thionscadail mhóra
- Taithí ar ghnéithe éagsúla dár ngnó
- Meantóireacht phearsanta i rith do thurais ghairmiúil
- Tuarastal agus pacáiste sochar iomaíocha

Féach Físeán
Innealtóireacht

Beidh tú mar chuid d’fhoireann ardspreagtha, ardoilte a dhéanann tionscadail agus réitigh mhóra innealtóireachta a sheachadadh agus a threoraíonn an t-aistriú chuig todhchaí buanseasmhach, inacmhainne, atá carbón glan-nialasach.

Cuimsíonn ár ndisciplíní Innealtóireachta an Innealtóireacht Leictreach, Mheicniúil, Shibhialta agus an tSuirbhéireacht Chainníochta.

Acmhainní Daonna

Tá rath orainn mar eagraíocht de bharr na foirne atá againn. Tá ról tábhachtach ag ár bhfeidhm Acmhainní Daonna i mealladh, i gcoinneáil agus i bhforbairt na n-oibrithe is cumasaí dá bhfuil ann.

Tabharfar deis duit do shaineolas Acmhainní Daonna a fhorbairt trí bheith ag obair i sainréimsí éagsúla ar fud gach réimse den ghnó.

Airgeadas

Déanann ár bhfeidhm airgeadais ár straitéis a mhúnlú agus a sheachadadh agus cuireann sí lenár n-athléimneacht airgeadais ag an am céanna. Bainimid é seo amach trí bheith inár gcomhpháirtí iontaofa atá treoraithe ag an bhfeidhmíocht trí léargais ghnó a chur ar fáil agus luach i ndeiseanna tráchtála a aithint.

Tabharfar tacaíocht duit tríd an gcóras sealaíochta oibre chun do cháilíocht ACA a bhaint amach.

Teicneolaíocht Faisnéise

Déanfaidh tú ár gcórais fhairsing TF a dhearadh, a sheachadadh agus a thacú. Oibríonn ár bhfoireann le ceann de na bonneagair TF agus teileachumarsáide is forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de sa tír, córas a thacaíonn leis na céadta feidhmchlár tríú páirtí, saincheaptha agus néalríomhaireachta, le córais láithreán gréasáin agus córais fiontair ar scála mór.

Leagann ár gclár amach an bealach chuig trí dheis ghairmiúla ar leith, lena n-áirítear deiseanna sa réimsí Feidhmiúla, Bainistíochta Tionscadal agus Teicniúla.

Tráchtáil

An féidir leat tú féin a shamhlú ag forbairt táirgí a mheallann agus a choinníonn custaiméirí, a chuireann ar chumas ESB a sciar den mhargadh a choinneáil agus a sciar a mhéadú i margadh atá fíoriomaíoch?

Díreofar isteach ar do chuid scileanna réitigh fadhbanna, ar do chuid smaointeoireachta criticiúil a fhorbairt, ar thuiscint níos fearr a thabhairt duit ar an gcothromaíocht atá le baint amach idir luachanna agus rioscaí, agus forbrófar do chumas cinnteoireachta. Anuas air sin, forbraíonn an clár scileanna cumarsáide agus do chumas mar thionchaire, scileanna bunúsacha don idirbheartaíocht éifeachtúil - scileanna a bheidh ríthábhachtach duit chun go n-éireoidh leat mar cheannaire gnó tráchtála.

Margaíocht

Beidh tú mar chuid d’fhoireann atá freagrach as pleananna straitéiseacha margaíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun brandaí éagsúla agus spriocanna gnó ESB a chur chun cinn. Soláthraíonn an fhoireann sraith iomlán de thionscnaimh a bhfuil gradaim bainte amach acu, ó fhorbairt agus chur i bhfeidhm pleananna margaíochta go feidhmeanna margaíochta digiteacha.

An Próiseas Iarratais agus Agallaimh

Don chlár Innealtóireachta, beidh ar iarratasóirí measúnú inniúlachta a dhéanamh agus agallamh bunaithe ar inniúlacht a dhéanamh ina dhiaidh sin.

Do gach cineál feidhm ghnó eile, beidh ar iarratasóirí measúnú inniúlachta a dhéanamh agus físagallamh bunaithe ar inniúlacht a dhéanamh ina dhiaidh sin.

Do you want to work for a vibrant, successful and innovative organisation?

Apply Now
Graphic from gradIreland highlighting how ESB was awarded a Silver mark for Best Student Marketing Campaign
Graphic from gradIreland highlighting how ESB was awarded a Bronze mark for Best Internship Programme
Diversity Charter Ireland Accreditation Mark
Engineers Ireland - CPD Accredited Employer Mark

Tuilleadh léitheoireachta