Skip to Content

Printísigh Innealtóireachta

Tá todhchaí níos gile romhat. Ag obair le ESB, beidh tú mar chuid d’fhoireann dhíograiseach atá dírithe ar aistriú Éireann chuig geilleagar carbóin glan-nialasach a bhrú chun cinn.

Ag ESB, beidh deis agat tairbhe a bhaint as modhanna oibre cliste, solúbtha, ag obair ar an láthair nó ó chian. Cuirtear deiseanna meantóireachta, oiliúna agus oideachais ar fáil ar an láthair oibre go leanúnach le go mbeidh tú in ann do chuid scileanna gairmiúla a fhorbairt le linn do ghairmréim le ESB.

Cuimsíonn ár bpacáiste cuimsitheach tuarastal iomaíoch, bónais, ranníocaíocht phinsin, saoire teaghlaigh fhlaithiúil, agus réimse sochar eile.

Tá ár bhfoirne innealtóireachta roinnte ina dtrí réimse gníomhaíochta ar leith:

  • Is é cuspóir na foirne Innealtóireachta agus Mórthionscadal (EMP) mórthionscadail agus réitigh innealtóireachta a sheachadadh mar chuid den aistriú chuig todhchaí buanseasmhach, inacmhainne, atá carbón glan-nialasach.
  • Ag ESB Networks, déanaimid cinnte de go soláthraítear leictreachas de lá agus d’oíche chuig tithe agus gnólachtaí na 2.3 milliún custaiméir atá againn ar bhealach atá slán agus éifeachtúil. 
  • Is é Giniúint agus Trádáil (GT) úinéir agus oibritheoir stáisiúin chumhachta ESB, stáisiúin a tháirgeann cuid mhaith de chumhacht leictreach na hÉireann. Ceannaíonn an fhoireann Trádála na breoslaí atá ag teastáil chun stáisiúin chumhachta ESB a oibriú agus díolann sí an leictreachas a tháirgtear ar an margadh. Chomh maith leis sin, forbraíonn GT tionscadail nua giniúna fuinnimh  in Éirinn agus sa RA trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí éagsúla m.sh. fuinneamh gaoithe ar an gcladach agus amach ón gcósta, fuinneamh gréine, ceallraí agus réitigh stórála eile.     
    Disciplíní Innealtóireachta

    - Amach ón gCósta
    - Leictreach
    - Sibhialta
    - Meicniúil
    - Pleanálaithe Líonraí
    - Coimisiúnú,
    - Bainistíocht Tionscadal
    - Maoirseacht Tionscadal
    - Róil do Speisialtóirí amhail Suirbhéirí Cainníochta, Speisialtóirí Comhshaoil agus Pleanála.

    Do you want to work for a vibrant, successful and innovative organisation?

    Apply Now