Skip to Content

Róil TF

D’fhonn ár gcumas TF / Teicneolaíochta a fheabhsú i roinnt réimsí, táimid sa tóir ar Ghairmithe TF / Teicneolaíochta a bhfuil fios a ngnó acu le bheith i gceannas ar an aistriú chuig fuinneamh inacmhainne iontaofa atá neodrach ó thaobh carbóin de – saol níos fearr a mbainfimid go léir tairbhe as.

Maidir leis an Teicneolaíocht Faisnéise in ESB

Tá róil againn faoi láthair sna réimsí seo a leanas:

Bainistiú athruithe

Néalríomhaireacht agus infreastruchtúr

Sonraí agus anailísíocht

Seachadadh digiteach

Dearadh Digiteach agus Forbairt

SAP Teicniúil / Feidhmiúil

Tástáil agus Cáilíocht

Cuir Aithne ar an bhFoireann

Rhianne Fahey Ceannaire Oifige Tionscadal Digiteach
Thosaigh mé le ESB in 2015 mar fhochéimí. Cuireadh fáilte mhór romham, tugadh tacaíocht dom agus mhothaigh mé ar an bpointe go raibh de chumhacht agam barr feabhais a bhaint amach. Tar éis dom aithne a chur ar na daoine agus cur amach a fháil ar an gcultúr agus ar na pleananna spreagúla a bhí ann ó thaobh TF de, bhí sé breá soiléir dom gur theastaigh uaim a bheith ag obair anseo. 
Tar éis dom céim a bhaint amach in 2017, d'fhill mé ar ESB, áit ar tugadh an deis dom oibriú in go leor róil agus réimsí éagsúla i Seachadadh TF, an t-aistriú a rinne mé le déanaí go Digiteach ina measc.  Aithníodh go luath go raibh an mianach ceart ionam agus níorbh fhada gur tugadh róil dhúshlánacha nua agus tuilleadh freagrachtaí dom, rudaí atá tar éis a lorg a fhágáil ar mo ghairm go dtí seo. Tá cluaisíní croí orm a bheith ag obair i réimse chomh dinimiciúil sin a bhíonn ag athrú de shíor. Is iontach an fuinneamh a thagann le gach tionscadal nua agus is deis iontach iad ar fad le fás agus forbairt i mo shaol gairmiúil agus pearsanta araon. Ní chreidfeá cé chomh bródúil agus atá mé as na tionscadail a raibh baint agam féin agus ag m’fhoireann leo agus táim ag tnúth go mór lena bhfuil i ndán dúinn ar an aistear seo.
Matt Funge Speisialtóir TF i Riar CO Linux
Tá mé ag obair le ESB le nach mór dhá bhliain anuas. Thosaigh mé i mí na Nollag 2019 agus chaith mé trí mhí in Oifigí Gateway sular tháinig Covid ar an bhfód. Tá mé ag obair ón mbaile ó mhí an Mhárta 2020. Bhí baint agam le roinnt tionscadail thábhachtacha le linn dom a bheith anseo, ar nós Electric Ireland SMART Cutover agus Paisteáil Slándála agus Chomhlíonta Red Hat Linux. Nuair a bhí ar an eagraíocht cuid mhaith den fhoireann a aistriú ón obair ar an láthair go dtí an chianobair, léirigh sí solúbthacht iontach in ainneoin na ndúshlán ollmhór a bhí le sárú le húsáideoirí a chur ag obair ar bhealach go hiomlán nua. Chuaigh sé sin i bhfeidhm go mór orm. Cé nach bhfuil mé ag obair le ESB ach le píosa, tá tugtha faoi deara agam cé chomh comhghleacúil agus cairdiúil agus atá an cultúr oibre in ainneoin gur eagraíocht an-mhór í. Is maith liom go ndéanann an comhlacht beart de réir a bhriathair maidir leis an gcothromaíocht idir an saol agus an obair, agus go ndéanann gach uile iarracht i ndáiríre an coincheap a chur i bhfeidhm. 
Ar deireadh, tugann sé uchtach dom gur measann ESB gur ar a chrannsa a thiteann sé aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide anseo in Éirinn agus thar lear, agus go bhfuil fís á cur chun cinn aige le fostaithe agus custaiméirí araon a spreagadh lena saol a dhícharbónú. 
Dimpy Jain Anailísí Sonraí
Thosaigh mé ar Fhoireann Seirbhísí Fiontraíochta ESB i mí Dheireadh Fómhair 2020 mar anailísí sonraí agus, déanta na fírinne, bhí sé ar cheann de na cinntí ab fhearr a rinne mé riamh. Tugann mo bhainisteoir agus mo chuid comhghleacaithe an-tacaíocht dom – ós rud é go raibh muid go léir ag obair ón mbaile nuair a thosaigh mé, bhí mé an-bhuíoch go ndearna siad iarracht ar leith fáilte a chur romham. Bhí mé páirteach i roinnt tionscadail iontacha ó shin, agus rud eile, bhí mé in ann obair a dhéanamh orthu ar mo rogha bealach. Tá iontas orm faoin gcultúr oibre, faoin tsaoirse agus faoi na deiseanna a thugann ESB i gcomhair fás pearsanta agus gairmiúil araon, m.sh. cruinnithe duine le duine le do bhainisteoir, seisiúin oiliúna bheo a shocrú, ábhair chúrsa a chur ar fáil, srl. Níor chreid mé na rudaí maithe go léir a chuala mé faoi ESB, ach tar éis dom a bheith anseo le bliain anois, is féidir liom a rá go cinnte go bhfuil siad go léir fíor. Más spéis leatsa dul isteach in ESB, gheobhaidh tú neart deiseanna le do bhealach féin a dhéanamh agus le heolas a chur ar réimsí éagsúla gnó ar fud na heagraíochta. Molaim ESB go hard mar fhostóir.
Vijay Melwani Ceannaire Táirge sna Réitigh Chustaiméara
Tar éis dom a bheith ag obair le cúig bliana anuas in ESB mar Bhainisteoir Tionscadal agus ag obair dom anois mar Cheannaire Táirge do Electric Ireland, is féidir liom a rá go gcuireann ESB cuid mhaith deiseanna ar fáil le tacú le d’fhás agus d’fhorbairt mar dhuine. Is é nádúr ghnó ESB go bhfuil sé chomh leathan agus chomh héagsúil sin go dtugtar an deis duit scileanna nua a fhorbairt agus teicneolaíochtaí agus bealaí oibre nua a fhoghlaim i ré nua na bhfóntas digiteach. Thairis sin, ó thaobh Seachadadh TF agus Bainistíocht Táirgí agus Tionscadal de, is iontach an clár forbartha gairme atá i bhfeidhm ag ESB. 
Grad Ireland 2021 - Winner - Utilities, energy, renewables
Grad Ireland 2021 - Best Internship programme - Bronze
Diversity Charter Ireland
Engineers Ireland - CPD Accredited Employer

Apply Now for IT/Tech Roles

Déan iarratas anois

Tuilleadh léitheoireachta