Skip to Content

An Slabhra Soláthair agus an Geilleagar Ciorclach 

An sprioc atá againn ná ardchaighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus rialachais agus ceannaireacht inbhuanaitheachta a lánpháirtiú inár ngníomhaíochtaí foinsithe go léir.  Seo a leanas roinnt dár bpríomhghníomhaíochtaí:   

  • Comhoibriú le daoine eile ionas go dtabharfaimid tacaíocht do sholáthróirí oiliúint agus dea‑chleachtas a fháil agus a sholáthair.
  • Ár gcuid próiseas a ailíniú le Caighdeán Treorach an ISO um Sholáthar Inbhuanaithe (ISO 20400).
  • Ár mbeartais soláthair, nósanna imeachta agus caighdeáin díchill chuí a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le bunchód an Tionscnaimh um Thrádáil Eiticiúil agus le Treoracha is infheidhme ón Aontas Eorpach. 

Soláthar Inbhuanaithe

Tá sé mar aidhm againn a chinntiú go bhfuil inbhuanaitheacht fite fuaite ar fud na bhfeidhmeanna go léir, soláthar san áireamh, mar chéim riachtanach i dtreo ár sprice cur le fís inbhuanaitheachta na heagraíochta agus leis an tsochaí ina hiomláine.

Táimid tiomanta do dhramhaíl a laghdú ar shlí inbhuanaithe inár n-oibríochtaí go léir. Cuirimid íoslaghdú dramhaíola san áireamh agus ábhar, trealamh agus pacáistiú gaolmhar á bhfáil againn. Tá sé beartaithe againn aistriú de réir a chéile chuig bealach leictreonach le gnó a dhéanamh lena soláthróirí.

Tuilleadh Eolais

Cás-Staidéar: Conas atá inbhuanaitheacht á leabú inár bhfeidhmeanna gnó go léir againn

Míníonn Conor O’Regan, ár bPríomhoifigeach Soláthair, na hathruithe atá á ndéanamh againn chun inbhuanaitheacht a leabú inár bhfeidhmeanna gnó go léir agus an tábhacht a bhaineann le bheith ar cheann de na 15 comhpháirtí bunaidh den Irish Supply Chain Sustainability School (Scoil Inbhuanaitheacht an tSlabhra Soláthair in Éirinn).

Tuilleadh Eolais

Úsáid Acmhainní agus an Geilleagar Ciorclach 

Táimid tiomanta d’fhoinsiú inbhuanaithe ábhar (lena n‑áirítear ábhair athchúrsáilte) agus do phleananna deireadh ré a chur i bhfeidhm i ngach réimse dár ngnó. I measc ár ngníomhartha tá: 

  • Measúnuithe ar chostas saolré a chur san áireamh i sonraíochtaí tairisceana gach tionscadail chaipitiúil.
  • Pleananna deireadh ré a bheith i bhfeidhm do thuirbíní gaoithe, grianphainéil agus ceallraí chun athúsáid nó athchúrsáil ábhar a uasmhéadú. 
  • A chinntiú go bhfuil critéir a bhaineann le hinbhuanaitheacht á n‑úsáid do gach tairiscint mhór. 

Úsáid úr a bhaint as lanna tuirbíní gaoithe i dtionscadal nuálach leictrea-shoghluaisteachta

Déanfar cuid dár bhfeirmeacha gaoithe a dhíchoimisiúnú sna blianta amach romhainn nuair a bheidh deireadh a saolré bainte amach ag na lanna tuirbíní gaoithe iontu. D’oibríomar i gcomhar le BladeBridge, cuideachta nuathionscanta atá lonnaithe i gCorcaigh agus ar cuireadh tús léi faoinár gclár gorlann ghnó inmheánach X_Potential, ar thionscadal chun moil leictrea-shoghluaisteachta a thógáil agus úsáid úr á baint as lanna tuirbíní.

Tuilleadh Eolais

Plean Ceannaireachta Inbhuanaitheachta

PDF | 1MB

Tuilleadh léitheoireachta