An sprioc atá againn ná a bheith dearfach ó thaobh an nádúr de faoi 2030 agus déanaimid iarracht ghníomhach chun tacú le hathbhunú an nádúr inár ngníomhaíochtaí go léir. Léirítear roinnt dár bpríomhghníomhaíochtaí thíos.
- Pleananna gníomhaíochta pailneoirí a chur chun feidhme ar na láithreáin go léir atá againn.
- Gach láithreán tionscadail nua ar tír a fhorbairt ar mhaithe le glanghnóthachan bithéagsúlachta.
- Cur chuige a chur i bhfeidhm a chuireann leis an nádúr in 30 faoin gcéad de na cainéil abhann agus gnáthóga cois locha ar linne iad faoi 2030.
Preserving Fisheries
Tá freagracht reachtúil orainn as bainistíocht, oibriú agus caomhnú iascaigh i ngach ceann de dhobharcheantair na Sionainne, na hÉirne, na Laoi agus na Life. Táimid tiomanta acmhainní suntasacha a chaitheamh ar chaomhnú iascaigh lena chinntiú go mbeidh teacht orthu agus chun a luach taitneamhachtaí a mhéadú. Tá ról ESB i leith iascaigh mar chuid de sprioc straitéiseach níos mó na heagraíochta: ár dtiomantas do chomhshaol agus do thírdhreach nádúrtha na hÉireann, agus inbhuanaitheacht a bheith mar bhunluach againn, ag díriú go háirithe ar uiscebhealaí agus ar stoic éisc.