Skip to Content

An Ciste um Fhuinneamh do na Glúnta

Mar phríomheagraíocht Éireannach atá fadbhunaithe sa phobal ó 1927 i leith, gabhaimid orainn féin ár gcion féin a dhéanamh le dul i ngleic le cuid de na príomhdhúshláin shóisialta atá le sárú in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Is í an Freagracht Chorparáideach atá i gcroílár na físe sin. Sa Chiste um Fhuinneamh do na Glúnta, tá trí phríomhcholún fócais againn Féinmharú, Easpa dídine Rochtain agus Tacaíocht Oideachais

 
Tacaíonn ESB le Banóglaigh na hÉireann

Is é an misean atá ag Banóglaigh na hÉireann cur ar a gcumas do mhná óga lán a n‑acmhainneachta a bhaint amach mar shaoránaigh fhreagracha den domhan

Féach físeán
 
 
Aidhm an Chiste um Fhuinneamh do na Glúnta

Is é is aidhm linn leis an gCiste um Fhuinneamh do na Glúnta ná tionchar ár n-infheistíochta a uasmhéadú a oiread agus is féidir trí ghlacadh le cur chuige níos straitéisí d’fhonn athruithe a bhaint amach. Níl sa chistiú ach cuid den scéal – ba mhaith linn leas a bhaint as na scileanna agus as an eolas atá againn san eagraíocht le torthaí níos inbhuanaithe, níos dearfaí a bhaint amach chomh maith.

 
 

Tacaíocht d'Obair Dheonach Foirne

energy for generation kids project
 

Na baill foirne siúd a thugann suas 20 uair an chloig ar a laghad dá gcuid ama féin in aghaidh na bliana, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar chistiú suas le €250 dá rogha carthanas cláraithe.

 
 

Ceisteanna Coitianta Ciste um Fhuinneamh do na Glúnta

Is féidir le carthanais atá ag obair i réimsí an fhéinmharaithe, na heaspa dídine agus na rochtana agus tacaíochta oideachais iarratas a dhéanamh ar an gCiste le cistiú a fháil le haghaidh tionscadal ar leith.  

Gach ráithe, cuireann BSL méid ón gCiste ar leataobh i gcomhair a íoctha amach. Ní bhíonn an méid céanna i gceist gach uile ráithe toisc go mbraitheann sé ar líon na n-iarratas a fhaightear agus ar chúinsí séasúracha – d’fhéadfadh sé go mbeadh ní ba mhó cistiúcháin ag teastáil sa gheimhreadh nó in aimsir na Nollag ná sa samhradh. 

Déantar na hiarratais a fhaightear le linn na ráithe a mheas ag deireadh na ráithe agus leithdháiltear an cistiú dá réir sin. 

Seo a leanas na dátaí deiridh a nglacfar le hiarratais in 2022: 

Babhta 1 – an 15 Márta  
Babhta 2 – an 2 Meitheamh   
Babhta 3 – an 10 Lúnasa   
Babhta 4 – an 2 Samhain  

Is féidir iarratais a dhéanamh trínár bhfoirm iarratais ar líne 

Féinmharú a Chosc 
Cisteoimid seirbhísí agus tionscadail atá i bun oibre le meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn agus le cumas, scileanna agus oiliúint a fhorbairt d’fhonn idirghabhálacha éifeachtacha a dhéanamh le féinmharú a chosc.  

Tá spéis ar leith againn i gcistiú a thabhairt do chláir atá dírithe ar an bhféinmharú i measc na n-óg agus ar chur chun cinn na meabhairshláinte dearfaí do dhaoine óga.  

Easpa dídine 
Cisteoimid seirbhísí agus tionscadail a rachaidh chun tairbhe do dhaoine gan dídean agus dóibh siúd atá i mbaol a bheith gan dídean.  

Oideachas 
Cuirfear fáilte roimh thograí ó na heagraíochtaí seo a leanas: 

  • Tionscadail luathbhlianta agus luath-bhunscoile atá dírithe ar chúrsaí litearthachta agus uimhearthachta; 

  • Tograí meánscoile arb aidhm leo eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (STEM) a chur chun cinn; 

  • Cláir um fhilleadh ar oideachas d’aosaigh atá dírithe orthu siúd atá as obair go fadtéarmach. 

Ní bhronntar cistiú ar /as: 

  • Daoine aonair ná tiomsaitheoirí airgid aonair 

  • Costais riaracháin ná oibriúcháin 

  • Costais tuarastail 

  • Tiomsú airgid tríú páirtí (m.sh. imeachtaí tiomsaithe airgid) 

  • Fiontair ardriosca 

  • Cistiú cúlghabhálach 

  • Seirbhísí comhairleoireachta pobail 

  • Obair thar lear 

  • Iarratais ó scoileanna aonair ná tionscadail críochnaithe scoile 

Ní mór an cistiú ar fad a úsáid faoi chomhair an tionscadail a luadh ar an bhfoirm iarratais agus faoina chomhair sin amháin.  

Moltar cur isteach ar thart ar €15,000. Níl sa mhéid sin ach treoir, agus ní íosmhéid ná uasmhéid é ach an oiread. Níl ann i ndáiríre ach léiriú ar scála na n-acmhainní a mbíonn fáil orthu.  Tá idir €8,000 agus €12,000 á bhronnadh ar an meán le blianta beaga anuas. 

Is ceadmhach duit cur isteach air chomh minic agus is mian leat.  Mura n-éiríonn le d’iarratas arís is arís eile, ba chóir duit labhairt le duine de Riarthóirí an Chiste.  Más rud é gur éirigh leat cistiú a fháil go minic san am atá thart, b’fhéidir go mbeimis ag iarraidh an cistiú a chur chuig tionscadail eile agus nach gcuirfí d’iarratas san áireamh dá bhrí sin.  Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go ndéanfar gach tionscadal a mheas ar a thuillteanas féin agus nach gcuirfear san áireamh le haghaidh cistiúcháin é ach amháin más cúis fhiúntach é. 

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le duine de Riarthóirí an Chiste - 

Diane Fannin 
T: 01 702 7550 
 
R: efgfund@esb.ie 

Fergal Fitzgerald 
T: 01 702 7732 
 
R: efgfund@esb.ie 

Déantar iarratais a mheas de réir sraith critéar. I measc na nithe a dhéantar a mheas tá “Bonn fianaise”, “Dírithe ar thorthaí”, “Tionchar” agus “Deiseanna don fhoireann a bheith páirteach”, chomh maith le “Cúnamh áitiúil”. 

Is féidir, cinnte. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le duine de Riarthóirí an Chiste. Más rud é nár éirigh le d’iarratas, áfach, seans maith go raibh d’iarratas in iomaíocht le tograí maithe eile nó gur éirigh le tionscadail eile a measadh a mbeadh tionchar ní ba mhó ag baint leo. Beidh tú in ann cur isteach ar an gCiste arís an chéad bhabhta eile. 

Is féidir, cinnte.  Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le duine de Riarthóirí an Chiste - 

Diane Fannin 
T: 01 702 7550 
 
R: efgfund@esb.ie 

Fergal Fitzgerald 
T: 01 702 7732 
 
R: efgfund@esb.ie 

Is féidir, cinnte. 

Spreagtar d’eagraíochtaí cistiú neamhspleách áitiúil a bhaint amach i dteannta cur isteach ar an gCiste um Fhuinneamh do na Glúnta d’fhonn a oiread agus is féidir a fháil don tionscadal. Ba cheart d’eagraíochtaí a chur in iúl freisin cá mhéad dá gcuid acmhainní féin atá siad chun a infheistiú sa tionscadal.  

Is do charthanais chláraithe a thabharfar formhór an chistiúcháin.  

Ní mór do gach iarratasóir a n-éiríonn leis nó léi tuarascáil tionscadail a chur isteach chugainn tar éis an tionscadal a chur i gcrích nó tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis an cistiú a fháil. Is féidir a leithéid de thuarascálacha a chur isteach tríd an bhfoirm ar líne le haghaidh tuarascálacha tionscadail