Is tríd an nuálaíocht a fhorbróimid líonra leictreachais don am atá le teacht, a thabharfaidh cumhacht dár gcuid custaiméirí, a thabharfaidh luach a gcuid airgid dóibh agus a chuirfidh córas inbhuanaithe fuinnimh ar fáil dúinne go léir. Tá straitéis chuimsitheach nuálaíochta á cur i bhfeidhm ag ESB Networks agus tá sé ag obair as lámha a chéile leis an tionscal, le comhpháirtithe agus leis an rialtas le cláir agus réitigh cheannródaíocha a leathadh amach.
Foghlaim níos móLíonraí Cliste
Tá uair na cinniúna buailte le tionscal an leictreachais agus athrú ó bhonn ag teacht ar an gcaoi a dtáirgtear agus a dtomhlaítear leictreachas.
Tá córas leictreachais inbhuanaithe, inacmhainne, ar féidir brath air á chur ar fáil ag ESB Networks d'Éirinn, córas atá in ann do leibhéil giniúna in-athnuaite i bhfad níos airde agus a chumasaíonn an leictriú, ionas gur féidir leis an leictreachas glan an téamh, an t-iompar agus an geilleagar a dhícharbónú.
Clár Méadraithe Chliste
Bhunaigh an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) an Clár Náisiúnta um Méadrú Cliste agus is é an plean cur i bhfeidhm é chun méadair chliste a leathadh amach ar fud na hÉireann.
Tá sé leagtha de chúram ar ESB Networks an clár a chur i bhfeidhm, rud a mbeidh i gceist leis na méadair leictreachais uile in Éirinn a uasghrádú ina méadair chliste.
Tacóidh na méadair chliste linn aistriú chuig líonra leictreachais ísealcharbóin ach tacú le forbairt eangacha cliste, le leictriú córas téimh agus iompair, le giniúint in-athnuaite áitiúil, agus le micreaghiniúint.
Tá comhlachtaí soláthair leictreachais ag cur táirgí agus seirbhísí cliste nua ar fáil cheana, a ligfidh do chustaiméirí tí agus tráchtála araon níos mó leictreachais a úsáid ag na hamanna a mbíonn sé níos saoire.
Leictriú an Téimh agus an Iompair
Tá ról lárnach ag ESB Networks i leictriú an téimh agus an iompair, chomh maith le bheith in ann plé le cás ina mbeadh 80 faoin gcéad den leictreachas ag teacht ó fhoinsí giniúna in-athnuaite.
Áirítear leis sin:
- An líonra leictreachais a fhorbairt le go mbeidh sé in ann don éileamh méadaithe ar an líonra.
- Próisis a fhorbairt chun éileamh méadaithe ísealvoltais a thuar agus freagairt dó go tráthúil ionas go mbeifear in ann réitigh a chur i bhfeidhm gan cur isteach ar leanúnachas ná ar cháilíocht na cumhachta.
- Caighdeáin nua um dhearadh agus pleanáil a chur i bhfeidhm maidir le líonraí ísealvoltais chun tacú le teicneolaíochtaí ísealcharbóin, amhail teaschaidéil.
- Obair ar roinnt tionscadail nuálaíochta agus comhoibriú le páirtithe leasmhara chun na córais, na réitigh líonra agus an cumas a fhorbairt a bheidh ag teastáil chun an t-aistriú a chumasú
Athróidh an clár nuálach seo de chuid ESB Networks an chaoi a ndéanann custaiméirí agus pobail ar fud na tíre fuinneamh ar líonra leictreachais na hÉireann a bhainistiú agus a úsáid ar an leibhéal áitiúil agus beidh sé ar cheann de na príomhrudaí a chuirfidh ar chumas na hÉireann a spriocanna athraithe aeráide a bhaint amach.
Cuireann sé comhar chun cinn ar fud na hearnála fuinnimh d’fhonn deiseanna nua a thabhairt do chustaiméirí leictreachas a úsáid agus a stóráil go háitiúil ar bhealach a bhaineann an leas is fearr is féidir as foinsí fuinnimh in-athnuaite.