Skip to Content

Leictriú an Téimh agus an Iompair

Beidh ról suntasach ag leictriú an téimh agus an iompair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a laghdú agus ár spriocanna a bhaint amach maidir le dícharbónú gheilleagar na hÉireann i dtreo 2030 agus ina dhiaidh sin.

 
EV Charging
  

In 2021, bhí an téamh agus an t-iompar taobh thiar de thart ar 40 faoin gcéad de na hastaíochtaí in Éirinn, i gcomparáid le 20 faoin gcéad i gcás ghiniúint an leictreachais. Mar a leagtar amach i bPlean an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide (2021), caithfimid ár muinín a chur sa leictreachas glan ísealcharbóin chun ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 51% faoi 2030 agus chun an bealach a réiteach i dtreo an neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí.

Léiríonn ár straitéis féin - Tiomáinte chun Difríocht a Dhéanamh: Net Zero faoi 2040 - an uaillmhian seo agus tá sé beartaithe líon na bpointí luchtaithe leictreacha poiblí de chuid BSL a dhúbailt faoi 2030 go 3,000 agus 35,000 aisfheistiú domhain tí a sheachadadh trí Electric Ireland Superhomes.

 

 
Céard é ról ESB?

Tá ESB ag rá le fada an lá go mbeidh ról ríthábhachtach ag an leictreachas i gcóras fuinnimh ísealcharbóin na todhchaí.
Tá an leictreachas á dhícharbónú i bhfad níos sciobtha ná cineálacha eile fuinnimh agus, mar sin, meastar anois go bhféadfadh earnálacha eile leas a bhaint as sin lena spriocanna carbóin féin a bhaint amach, go háirithe na hearnálacha iompair agus téimh.

Trínár ngnólachtaí éagsúla – Electric Ireland, ESB Networks, Seirbhísí Fuinnimh Chliste ESB, ecars – agus comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí eile, táimid ag tacú go gníomhach leis an tír dul leis an leictreachas.

 

Cén chaoi a bhfuil ESB ag tacú le leictriú an téimh agus an iompair?

Réitigh Tíosach ar Fhuinneamh

Cuireann ár gcomhlacht miondíola, Electric Ireland, réimse réiteach atá tíosach ar fhuinneamh ar fáil, amhail luchtairí baile d’fheithiclí leictreacha agus taraifí gaolmhara, chomh maith le seirbhísí cothabhála teaschaidéil.

Tairiscintí Fuinnimh atá Sonrach don Tionscal

Comhoibríonn Seirbhísí Fuinnimh Chliste ESB le húsáideoirí móra fuinnimh le seirbhísí fuinnimh ar leith a chur ar fáil don tionscal arb aidhm leo costais agus astaíochtaí carbóin a laghdú, lena n-áirítear réitigh mhaoinithe téimh agus bonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha.

 
Líonra Dáilte na hÉireann a Bhunathrú

Tá gréasán dáileacháin na hÉireann á n-athrú ag ESB Networks chun freastal ar oll-ghlacadh le EVanna agus teicneolaíochtaí téimh tí.

Bonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha

Tá níos mó ná 1,350 pointe luchtaithe ag ESB ar fud oileán na hÉireann anois agus tá clár mór infheistíochta ar bun faoi láthair leis an líonra a fheabhsú tuilleadh agus le formhór na ndaoine a mhealladh chuig feithiclí leictreacha

Tuilleadh léitheoireachta