Skip to Content

Infheistíu i mBonnegar Saor ó Charbón

 

I gcomhréir leis an Straitéis i dTreo na Neodrachta faoi 2040 atá againn, táimid ag forbairt an fhuinnimh in-athnuaite agus ag nascadh foinsí nua fuinnimh in-athnuaite chun an córas leictreachais a dhícharbónú.

Táimid ag infheistiú i bhforbairt córas giniúna inbhuanaithe nua, lena n-áirítear córais fuinnimh gaoithe agus gréine ar tír nó amach ón gcósta, agus táimid ag cur go mór leis an méid fuinneamh in-athnuaite atá nasctha lenár líonraí leictreachais.

 

Fuinneamh in-athnuaite a fhorbairt

Táimid tiomanta dár bpunann ghiniúna in-athnuaite a mhéadú faoi cúig agus níos mó go 5,000MW faoi 2040, rud a laghdóidh déine carbóin an fhlít giniúna ó 414 go 140gCO2/kWh faoi 2030.

Chomh maith leis sin, déanfaimid 63% dár n-aschur giniúna a dhícharbónú faoi 2030 agus 100% faoi 2040 (méadú ón 20% nó mar sin atá bainte amach againn go dtí seo).

€50m a infheistiú sa chéad mhórchobhsaitheoir eangaí in Éirinn video
€50m a infheistiú sa chéad mhórchobhsaitheoir eangaí in Éirinn

Mar chuid de chéim a haon den obair chun mol giniúna in-athnuaite a dhéanamh de Ghob na Muine, chuireamar isteach an chéad chúititheoir sioncronach in Éirinn agus roth lústair leis, an ceann is mó dá leithéid áit ar bith ar fud an domhain.
Cumasaíonn an teicneolaíocht seo méideanna níos airde d’fhuinneamh in-athnuaite ar an gcóras agus cuireann sé raon seirbhísí leictreacha ar fáil don eangach leictreachais ná mar a bheadh á soláthar ag giniúint breoslaí iontaise roimhe seo.

Féach ar an bhFíseán
Feirm Ghaoithe Abhainn Eimhnigh - Céim 2 video
Feirm Ghaoithe Abhainn Eimhnigh - Céim 2

I gcomhpháirtíocht le Bord na Móna, chuireamar céim a dó (83MW) d’Fheirm Ghaoithe Abhainn Eimhnigh i gCo. Mhaigh Eo i gcrích in 2023.
Agus é ag déanamh ionadaíochta ar infheistíocht de níos mó ná €160m ón dá eagraíocht, cuirfidh an tionscadal seo cumas giniúna suiteáilte breise de 192MW le todhchaí fuinnimh ghlais na hÉireann.

Féach ar an bhFíseán
Ár dTodhchaí Hidrigin a Fhorbairt

Tá sé beartaithe againn ár n-acmhainní reatha agus ár bhfás in-athnuaite sa todhchaí a úsáid chun a bheith ar thús cadhnaíochta i dtáirgeadh hidrigine in-athnuaite ar mhórscála, rud a chumasóidh leictreachas in-athnuaite, i bhfoirm leictreon nó modúl glasa, chun freastal ar riachtanais fuinnimh gheilleagar na hÉireann amach anseo agus é saor ó charbón.

Tuilleadh Eolais

Fuinneamh in-athnuaite a nascadh

Tá ESB Networks ag athrú ár ngréasán leictreachais chun freastal ar leibhéil níos airde de ghiniúint in-athnuaite agus chun leictriú méadaithe a chumasú, ionas gur féidir le leictreachas glan an carbón a dhíláithriú ó chúrsaí teasa, iompair agus geilleagair in Éirinn.

Mionghiniúint a Nascadh

Tá clár píolótach ar bun ag ESB Networks faoi láthair ina bhfuil próiseas níos simplí déanta iarratais ar Mhionghiniúint á thriail ionas go mbeidh níos mó fós dár gcuid custaiméirí in ann gineadóirí leictreachais suas le 50kW a nascadh go sábháilte éasca leis an líonra leictreachais.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag ESB Networks ar dhul chun cinn an chláir sin ar bhonn leanúnach, i gcomhar leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntas, chun a chinntiú go mbeidh an méid a foghlaimíodh mar thoradh air mar bhonn eolais faoi réiteach níos fadtéarmaí.

Read More
Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla

Mar chuid de chlár infheistíochta líonra ESB Networks go dtí 2025, ar fiú níos mó ná €4bn é, athróidh an clár nuálach seo ó bhonn an chaoi a ndéanann custaiméirí agus pobail ar fud na tíre fuinneamh ar líonra leictreachais na hÉireann a bhainistiú agus a úsáid ar leibhéal áitiúil, agus beidh sé ina phríomhchumasóir d’Éirinn maidir lena uaillmhianta an athraithe aeráide a bhaint amach.

Tuilleadh Eolais
1GW de PV gréine fuinnmhithe anois ar líonra leictreachais na hÉireann

Áirítear leis an 1GW seo 500 MW de naisc ghrianchumhachta ar scála fóntais, agus tagann 369 MW den mhéid sin ó thionscadail mhóra atá nasctha leis an gcóras tarchurtha, arna bhainistiú ag EirGrid chomh maith le 300 MW de mhicrighiniúint (grianfhuinneamh díon tí, go príomha) agus 200 MW de ghiniúint grianchumhachta neamh-onnmhairithe.

Tuilleadh Eolais