Dírítear inár Straitéis Maoinithe ar a chinntiú go bhfuil acmhainní airgeadais solúbtha agus costéifeachtúla ar fáil do Ghrúpa ESB chun tacú le fás agus le hinfheistíocht leanúnach ar aon dul leis an straitéis gnó trí chéile.
Lorgaíonn an eagraíocht cistiú fadtéarmach, faoi réir costais agus dálaí margaidh, de dheasca chineál fadtéarmach shócmhainní Ghrúpa ESB. Déanaimid dícheall freisin foinsí éagsúla airgeadais a bheith againn le héagsúlacht ár mboinn cistithe a uasmhéadú agus lena chinntiú gur féidir linn na foinsí is oiriúnaí agus is cost-éifeachtúla cistí a úsáid go solúbtha.
Lorgaímid cistí a thiomsú agus na téarmaí siúd i gceist a chinntíonn gur féidir ár bpróifíl aisíocaíochta a bhainistiú agus go mbaineann sí cothromaíocht mhaith amach, agus gan aibíocht a bheith á baint amach ag níos mó ná 25% den fhiachas in aon bhliain amháin. Dírímid freisin ar shaoráidí tiomanta (nó airgead tirim) atá ar fáil atá comhionann le riachtanais ghlanchistithe 12-18 mí a choimeád i gcúlchiste. Déantar formhór an tiomsaithe cistí ar leibhéal mháthairchuideachta ESB, nó trínár bhfochuideachta airgeadais, ESB Finance CGA, atá ráthaithe ag ESB.
Cumarsáid
Táimid tiomanta do chabhrú lenár n-infheisteoirí cinntí feasacha a dhéanamh faoin nGrúpa. Lorgaímid ardleibhéal trédhearcachta a bhaint amach agus fáiltímid roimh aiseolas agus ceisteanna ó infheisteoirí, anailísithe agus ó bhaill eile den phobal airgeadais maidir le conas is fearr is féidir linn freastal ar do riachtanais. Cuirimid glaonna comhdhála ar siúl freisin le hanailísithe fiachais agus le hinfheisteoirí ar a laghad faoi dhó sa bhliain agus déanaimid idirchaidreamh rialta leis na bainc a bhfuil croíchaidreamh againn leo.
Tá ESB faoi úinéireacht 96.9% ag Rialtas na hÉireann. Tá an fuílleach 3.1% faoi úinéireacht fhoireann ESB trí Iontaobhas Úinéireachta Scairshealbhóra Fostaí. Ní bhfuair ESB aon chistiú gnáthscaireanna óna scairshealbhóirí ó cuireadh tús leis in 1927 agus mhaoinigh sé a ghníomhaíochtaí trí mheascán d’airgead tirim a gineadh ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin agus de chistiú fiachais.