Skip to Content

ESB agus do chuid sonraí

Tá níos mó i gceist le gealltanas ESB maidir le príobháid do chuid faisnéise pearsanta ná comhlíonadh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí amháin. Is é fírinne an scéil go bhfuilimid dírithe ar chultúr a fhorbairt ina léirítear meas ar an bpríobháid sa chaoi go gcuirtear údar leis an muinín a chuireann ár gcuid custaiméirí agus fostaithe ionainn.

 

Déantar athbhreithniú agus nuashonrú ar ár bhfógraí príobháideachais go rialta lena chinntiú go dtugtar iontu léargas ar gach uile ghné den chaoi a ndéantar sonraí a phróiseáil agus a chosaint laistigh de ESB. 

Déantar monatóireacht agus iniúchadh ar mhéadrachtaí cosanta sonraí ar fud ESB, ár gcomhpháirtithe agus ár soláthraithe go rialta agus tugtar tuairiscí ina leith sin don fhoireann ardbhainistíochta. 

Tá smacht fónta ag ár gcuid custaiméirí agus fostaithe ar a gcuid sonraí pearsanta; rud a chuireann ar a gcumas rochtain ar shonraí atá á gcoinneáil ag ESB, iad a nuashonrú nó iad a scriosadh ach é sin a iarraidh. 

Tá na sonraí pearsanta go léir a dhéanann ESB a phróiseáil agus a stóráil faoi chosaint ag bonneagar úrscothach slándála. 

Déantar measúnú riosca agus taifeadadh ar gach croíghníomhaíocht phróiseála a dhéanann ESB d’fhonn príobháid trí dhearadh a chinntiú, lena n-áirítear gnéithe mar: - teorannú cuspóra, íoslaghdú sonraí, cruinneas, srl. 

Fógraí Príobháideachais 

Rialaítear leis na fógraí príobháideachais thíos an chaoi a mbailímid, a n-úsáidimid agus a mbainistímid faisnéis phearsanta sna gnólachtaí atá faoi úinéireacht ESB agus atá á n-oibriú aige.

Is éard atá i mBord Soláthair an Leictreachais  agus sna heintitis atá faoina úinéireacht iomlán agus thromlach (dá ngairtear “Grúpa BSL” i dteannta a chéile), ná fóntas ceannródaíoch Éireannach atá éagsúlaithe agus comhtháite go hingearach agus atá ag feidhmiú ar fud an mhargaidh leictreachais, idir ghiniúint, tharchur agus dáileadh, agus sholáthar do chustaiméirí. Tá sé ag fás go gasta i margadh giniúna na Breataine Móire, leis. 

 

Fostaímid breis agus 6,000 fostaí agus trínár bhfeidhmeanna inmheánacha gnó. Déanaimid faisnéis maidir leis an bhfoireann a phróiseáil d’fhonn ár gcaidreamh lenár gcuid fostaithe a bhainistiú go héifeachtach. Cosnaímid príobháid na faisnéise pearsanta a bhailímid maidir lenár bhfostaithe ionchais, fostaithe reatha agus iarfhostaithe chun críocha bainistíochta, acmhainní daonna agus párolla, agus chun críocha gaolmhara, leis. 

Brainse miondíola de chuid BSL é Electric Ireland, a sholáthraíonn seirbhísí leictreachais, gáis agus fuinnimh do na margaí gnó agus cónaithe i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann araon. 

Fochuideachta faoi lánúinéireacht ESB is ea ESB Networks CGA (ESBN), atá ceadúnaithe chun an córas dáileacháin leictreachais a oibriú i bPoblacht na hÉireann. Déanaimid freastal ar gach uile chustaiméir leictreachais agus ar gach uile rannpháirtí sa mhargadh leictreachais ó cheann ceann na tíre agus táimid freagrach as an líonra leictreachais a thógáil, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt. Déanann ESB Networks bainistiú ar oibríochtaí méadair leictreachais agus sonraí méadair ar fud na tíre, muid ag comhordú oibriú na margaí iomaíocha miondíola agus mórdhíola leictreachais agus ag tacú leo. 

Tabhair faoi deara: Tá sé tábhachtach a aibhsiú, i gcomhréir le treoir ón rialtas, gur fochuideachta imfhálaithe de chuid BSL é ESB Networks CGA, rud a fhágann go mbíonn aistrithe sonraí idir ESB Networks agus Electric Ireland, nó Grúpa BSL go ginearálta, teoranta don ghnáthchumarsáid a cheadaítear sa mhargadh leictreachais. 

Fógra Príobháideachta Custaiméirí

Tá meas againn ar do chuid príobháideachta

Baineann an fógra príobháideachta leis an úsáid a bhaineann cuideachtaí taobh istigh den Ghrúpa ESB as do chuid eolais, seachas Electric IrelandElectric Ireland Northern Ireland agus ESB Networks DAC.

Bailímid do chuid sonraí pearsanta ionas gur féidir linn ár gcaidreamh leat a bhainistiú. Áirítear ar na gníomhaíochtaí a dteastaíonn sonraí pearsanta uainn:

  • Freagraí a thabhairt ar iarrataí agus faisnéis a chur ar fáil.
  • Líonraí pointí luchtaithe feithiclí leictreacha a thógail, a phleanáil agus a fhorbairt.
  • Sócmhainní leictreachais a thógail, a phleanáil agus a fhorbairt.
  • Líonraí cumarsáide a thógail, a phleanáil agus a fhorbairt.
  • Bainistíocht a dhéanamh ar oibriú sócmhainní giniúna leictreachais in Éirinn atá slán, sábháilte agus iontaofa.
  • Chun ceisteanna, díospóidí agus éilimh dlí a bhainistiú.
  • Idirbhearta airgeadais a bhainistiú.
  • In earcú agus roghnú fostaithe nua.
  • Sonraisc agus íocaíochtaí a chur le chéile agus a phróiseáil.
  • Chun seirbhísí comhroinnte an Ghrúpa ESB a chur ar fáil.
  • Ceanglais dlí agus rialála a chomhlíonadh.
  • Réimse eile gníomhaíochtaí a bhfuil dualgas orainn tabhairt fúthu, nó a bhfuaireamar cead chun iad a chur i gcrích.

    Deanaimid cinnte gurb í an fhaisnéis a bhailímid an fhaisnéis chuí do na cuspóirí a bhfuarthas í.

Coinnímid ár gcórais ríomhaireachta, ár gcomhaid agus ár bhfoirgnimh slán trí riachtanais dlí agus trí threoir slándála idirnáisiúnta a leanúint. Déanaimid cinnte go mbíonn lánoiliúint ar ár bhfoireann, ar aon duine a bhfuilimid freagrach astu agus ar aon duine a bhfuil fáil acu ar shonraí pearsanta maidir le conas sonraí pearsanta a chosaint.  Déanaimid cinnte go n-aithnítear go soiléir trínár gcuid próiseas na riachtanais a bhaineann le sonraí pearsanta a bhainistiú agus go bhfuil siad cothrom le dáta. Déanaimid iniúchadh rialta ar ár bpróisis agus ar ár gcórais lena chinntiú gur féidir linn na beartais agus na hoibleagáidí dlí seo a chomhlíonadh.

Aithnímid in ESB an tábhacht atá leis na sonraí pearsanta atá faoinár gcúram. D'fhéadfaimis réimse faisnéise fút a choinneáil. Seo a leanas samplaí de na cineálacha faisnéise a d'fhéadfaimis a choinneáil:

  • Sonraí teagmhála agus faisnéis phearsanta slándála atá curtha ar fáil agat le gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leat, agus le cuidiú linn tú a aithint nuair a dhéanann tú teagmháil linn.
  • Cáipéisíocht phearsanta atá curtha ar fáil agat dúinn. D'fhéadfaí cáipéisíocht a chuir tú ar fáil mar chruthúnas ar sheoladh baile, chruthúnas ar stádas pósta, chruthúnas ar úinéireacht talún nó feithicle etc..a bheith san áireamh leis seo, srl...
  • Faisnéis teagmhála nó aitheantais a chuir tú ar fáil dúinn mar chuairteoir ar cheann dár n-oifigí nó suímh.
  • Eolas fút, agus faoin áit a bhfuil bonneagar leictreachais ar do chuid talún nó gar dó.
  • Faisnéis a chuir tú ar fáil dúinn le gur féidir linn tú a chur ar an eolas faoi shreabhadh ard aibhneacha.
  • Sonraí maidir le clárúchán talún maidir le maoin agus/nó talamh a mbeadh leas rialaithe agat ann, a chuir tú ar fáil dúinn nó a d'aithníomar sna taifid de chuid Chlárlann na Talún.
  • Faisnéis maidir le do chuid idirghníomhaíochtaí linne.
  • Sonraí faoi nithe dlí atá tú féin nó do chuid ionadaithe dlí tar éis a roinnt linn.
  • Sonraí faoi idirbhearta airgeadais idir tú féin agus ESB.
  • Sonraí airgeadais a roinn tú linn, nó a fuaireamar mar thoradh ar sheiceáil chreidmheasa a dhéanamh.
  • Sonraí pearsanta agus sonraí leighis atá tú nó do chuid ionadaithe dlí tar éis a roinnt linn maidir le héileamh dlí.
  • Faisnéis faoi do chuid idirbhearta reatha agus san am atá caite ag pointí luchtaithe feithiclí, lena n-áirítear sonraí faoin méid leictreachais a úsáideadh.
  • Taifid ar chomhráite teileafóin a bhí againn leat.
  • Íomhánna CCTV a tógadh chun críocha slándála
  • Faisnéis a chuir tú ar fáil i do Curriculum Vitae, nó in iarratas fostaíochta, lena n-áirítear sonraí faoi do stair fostaíochta. 
  • Faisnéis faoi do stair ghairme agus taithí a fhaighimid ó ghníomhaíochtaí earcaíochta nó ó mholtóirí mar chuid d'iarratas ar fhostaíocht.
  • Torthaí ó thástálacha siciméadracha inar ghlac tú páirt mar chuid den phróiseas roghnúcháin i dtaobh fostaíochta.
  • Eolas fút féin a nochtadh dúinn i bhfreagraí ar thairiscintí.
  • Eolas fút féin a nocht d'fhostóir dúinn nuair atá d'fhostóir ag cur seirbhísí ar fáil do ESB.

    Bailímid an chuid is mó den fhaisnéis seo ó dhaoine aonair a mbímid i mbun caidrimh leo, nuair a théann siad i dteagmháil linn i scríbhinn, ar an bhfón nó go leictreonach (trí ríomhphost agus úsáid á baint as ár suíomh gréasáin nó ar na meáin shóisialta). Bailítear roinnt faisnéise mar thoradh ar dhaoine aonair a bheith ag baint úsáide as ár seirbhísí, nó trí dhul i mbun caidrimh linn.  D'fhéadfadh freisin go dtiocfaimis ar fhaisnéis faoi dhaoine aonair ó pháirtithe seachtracha ar nós gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. 

Baineann úsáid as 'fianáin' ar ár suímh ghréasáin chun eispéireas níos fearr a chur ar fáil d'úsáideoirí gach uair dá dtugann siad cuairt orthu. Is giota beag téacs atá i bhfianán a chuirtear go díreach ar ghaireas nuair a úsáidtear é chun cuairt a thabhairt ar shuíomh. Cuidíonn sé le heispéireas níos fearr a thabhairt don úsáideoir le linn dóibh úsáid a bhaint as an suíomh. Fanann an fhaisnéis a thiomsaíonn an fianán ar ghaireas an úsáideora.

Bainimid úsáid as faisnéis a thiomsaíonn fianáin le go mbeidh eispéireas níos fearr ag cuairteoirí ar ár suíomh, ar mhaithe le slándáil, agus chun ábhar agus fógraíocht a chur in oiriúint. Cuidíonn fianáin linn a aithint gur thug an gaireas cuairt ar ár suíomh cheana, rud a chuireann deis ar fáil dúinn an t-eispéireas a chur in oiriúint bunaithe ar an stair bhrabhsála roimhe sin. Chomh maith leis sin cuidíonn sé linn cinneadh a dhéanamh ar na hábhair is gaolmhaire agus is ábhartha a thaispeáint don úsáideoir sin le linn dóibh bheith ag brabhsáil. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na cineálacha éagsúla fianán a mbainimid úsáid astu agus faoin bhfeidhm atá leo inár mBeartas maidir le Fianáin, atá le fáil i gcuid II den doiciméad seo.
 
Ní bhainimid úsáid as aon fhianán chun aon sonraí pearsanta a bhailiú le stóráil ar ár gcórais. Is féidir leis an úsáideoir an fianán agus an t-eolas a bhailíonn sé a scriosadh am ar bith trí úsáid a bhaint as na socruithe ar a mbrabhsálaí gréasáin idirlín.

Coinneoimid sonraí a bhailímid ar feadh an achair is gá d'fhonn an chríoch dár bailíodh iad a chomhlíonadh agus chun ár ngnó agus ár gcearta a chosaint. Ceanglaítear orainn sonraí de chineálacha áirithe a choinneáil ar feadh tréimhse ama faoi leith chun ceanglais dlí a chomhlíonadh & nbsp; Beidh an tréimhse ama a choinnímid aon chuid de do chuid faisnéise pearsanta ag brath ar an gcineál eolais atá i gceist agus an chríoch dá bhfuarthas í. 

Bainimid úsáid as sonraí pearsanta le go mbeimid in ann ár seirbhísí a chur ar fáil agus lenár bhfeidhm reachtúil a chomhlíonadh. Is iad seo a leanas na príomhbhealaí a mbainfimid úsáid as do chuid sonraí pearsanta:

  • Ag plé le d'iarrataí ar fhaisnéis agus á bhfreagairt.
  • Chun leictreachas a bhainistiú agus a sholáthar trínár mbonneagar agus trínár bpointí agus stáisiúin luchtaithe feithiclí leictreacha.
  • Cuntais nua agus socruithe nua billeála a chur ar bun.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar íocaíochtaí agus fiachas a bhainistiú.
  • Pleanáil chun forbairt a dhéanamh ar an mbonneagar giniúna leictreachais in Éirinn.
  • Chun ceisteanna, díospóidí agus éilimh dlí a fhreagairt agus a bhainistiú.
  • Idirbhearta a bhainistiú a bhaineann le talamh nó sócmhainní a cheannach, a dhíol nó a léasú.
  • Chun iarratais agus fógraí maidir le cead slí a phróiseáil agus a bhainistiú.
  • Bainistiú a dhéanamh ar rochtain agus slándáil ár n-oifigí, áiseanna eile agus córais IT.
  • Chun ceadúnas iascaireachta/bádóireachta a chur ar fáil nó bailíocht ceadúnais ar uiscí a bhfuilimid freagrach astu a fhíorú.
  • In earcú agus roghnú fostaithe nua.
  • Chun an bhaint atá againn le tionscadail agus/nó urraíochtaí pobail a éascú.
  • Chun teagmháil a dhéanamh leat faoi imeachtaí, foilseacháin agus ceisteanna eile a cheanglaítear orainn a insint duit fúthu, nó a bhfuil iarrtha agat orainn tú a chur ar an eolas fúthu.
  • Chun ár gcearta nó na cearta de chuid aon tríú páirtí eile a chosaint nó a fhorfheidhmiú.
  • Chun calaois nó coireacht de chineál eile a bhrath nó a chosc.
  • Ar mhaithe le leasanna bunúsacha duine a chosaint.
  • Freagra a thabhairt ar iarrataí ó na cúirteanna agus ó údaráis fhorfheidhmithe.
  • Chun a léiriú go bhfuiltear ag comhlíonadh ceanglais dlí agus rialála lena n-áirítear an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005.

D'fhéadfadh go mbeadh orainn do chead a fháil le go mbeimis in ann gníomhaíochtaí áirithe a chur i gcrích a mbaintear úsáid as do chuid sonraí pearsanta ina leith. Teastóidh do chead roimh ré uainn chun teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost nó trí SMS chun tú a chur ar an eolas faoi tháirgí nua a mbeadh suim agat iontu mar shampla.  

Nuair a iarrfar cead, cuirfimid roghanna ar fáil duit ar nós an ar an bhfón, tríd an bpost, trí ríomhphost nó trí théacsteachtaireacht nó trí mheáin dhigiteacha eile ba mhaith leat go ndéanfaimis teagmháil leat.

Tabharfaimid míniú ar gcúis a dteastaíonn cead uainn nuair a bheidh sé ag teastáil agus cuirfimid eolas dóthanach ar fáil ionas go mbeidh tú in ann cinneadh feasach a dhéanamh.

Is féidir an cead a thugtar dúinn chun gníomhaíochtaí dá leithéid a chur i gcrích a tharraingt siar am ar bith ach teagmháil a dhéanamh linn.

D'fheadfadh go ndéanfaimis do chuid sonraí pearsanta a chomhroinnt nó a nochtadh do na catagóirí tríú páirtí seo a leanas:

  • Gníomhairí nó soláthraithe:  is daoine nó comhlachtaí iad seo a bhfuil conarthaí againn leo chun seirbhísí nó táirgí a chur ar fáil a mbainimid úsáid astu i reáchtáil ár gcuid gnó, lena n-áirítear ár gcaidreamh lenár gcuid custaiméirí a bhainistiú. Is minic iad a bheith taobh istigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (EEA) ach d'fhéadfaidís a bheith taobh amuigh den EEA i gcásanna áirithe. Ní dhéanfaimid ach an fhaisnéis is gá a roinnt nó a nochtadh leis na páirtithe seo le go mbeifear in ann táirgí nó seirbhísí a chur ar fáil, agus beidh sé mar cheanglas orthu a chinntiú go ndéanfar an fhaisnéis a chosaint mar is cuí i gcónaí.
  • Comhairleoirí Dlí agus Gairmiúla:  d'fhéadfadh go ndéanfaimis sonraí pearsanta a roinnt nó a nochtadh le comhairleoirí dlí agus comhairleoirí gairmiúla a d'fhostóimis chun críocha réasúnta maidir lenár ngnó, lena n-áirítear cúnamh a fháil lenár gcearta a chosaint.
  • Údaráis Rialála: d'fhéadfadh go mbeadh sé mar riachtanas orainn sonraí pearsanta a nochtadh le húdaráis rialála na hÉireann nó na hEorpa lena n-áirítear rialálaithe fuinnimh, gníomhaireachtaí um chaomhnú comhshaoil, nó Údaráis Mhaoirseachta um chosaint sonraí.
  • Comhlachtaí seachtracha eile:  In imthosca áirithe, d'fhéadfadh go gceanglófaí orainn faoin dlí sonraí pearsanta a nochtadh le comhlachtaí seachtracha, ar nós údaráis áitiúla, ranna rialtais nó An Garda Síochána.  Sna cásanna seo, ní nochtfar ach an méid is lú faisnéise is ga lenár n-oibleagáidí dlí a chomhlíonadh. Nuair a dhéantar faisnéis a nochtadh, áfach, ní bheidh smacht againn ar an gcaoi a mbainfidh na comhlachtaí sin úsáid as an bhfaisnéis sin.

Déanann Oifigeach Cosanta Sonraí Ghrúpa ESB maoirsiú ar bhailiú agus úsáid do chuid sonraí ag an ESB. Más mian leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí (DPO), is féidir ríomhphost a sheoladh chuig dpo@esb.ie nó tríd an bpost chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí, ESB, Two Gateway, Bóthar an Phoirt Thoir,  D03 A995, Baile Átha Cliath 3.

Toisc go ndéanann an ESB do chuid faisnéise pearsanta a thógáil, a stóráil agus a phróiseáil ar mhaithe le réimse seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chur i gcrích, tá réimse cearta ar fáil duit le go mbeidh muinín agat go bhfuil do chuid faisnéis á bainistiú mar is cuí. 

Is iad na cearta atá ar fáil duit ná:

  • Rochtain a fháil ar chóipeanna de do chuid sonraí pearsanta: tá tú i dteideal cóip de do chuid sonraí pearsanta atá againn a fháil saor in aisce má iarrann tú é. Tá roinnt srianta ar an gceart seo.  Mar shampla, má bhaineann na sonraí le duine eile agus nach bhfuil comhthoiliú an duine sin againn, nó má tá na sonraí faoi réir pribhléid dlí. Nuair atá sonraí ann nach féidir a nochtadh, míneoimid an méid sin duit.
  • Cruinneas do chuid sonraí a áirithiú: is é an aidhm atá againn a chinntiú go mbeidh na sonraí atá againn ort cruinn agus cothrom le dáta.  D'fhéadfadh go ndéanfaimis teagmháil leat ó am go chéile chun na sonraí atá againn ort a fhíorú. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn chun aon earráidí a thugann tú faoi deara a cheartú.
  • Comhthoiliú a Dheonú nó a Tharraingt siar: nuair a theastóidh do chomhthoiliú uainn ar mhaithe le próiseáil, chun cumarsáidí margaíochta díreacha a chur ar fáil duit, mar shampla, míneoimid go soiléir cé le haghaidh a bhfuil an comhthoiliú, agus na hiarmhairtí a bhaineann le comhthoiliú a thabhairt nó a dhiúltú, agus déanfar foráil nach féidir comhthoiliú a thabhairt gan beart dearfach ó do thaobhsa. Cinnteoimid freisin go mbeidh tú in ann comhthoiliú dá leithéid a tharraingt siar am ar bith.
  • Próiseáil do chuid sonraí a theorannú: tá sé de cheart agat iarraidh orainn próiseáil do chuid sonraí a theorannú in imthosca áirithe, mar shampla, má bhíonn díospóid faoinár gcuid cearta gníomhaíochtaí próiseála faoi leith a chur i gcrích, nó nuair nach mian leat go scriosfaimis do chuid sonraí.   Tabharfaimid freagra ar d'iarraidh gan mhoill agus cuirfimid míniú ar fáil murar féidir linn é a chomhlíonadh go hiomlán.
  • Do chuid sonraí a scriosadh: D'fhéadfadh go mbeadh an ceart agat do chuid sonraí ar fad nó cuid díobh a scriosadh ó na taifid in imthosca áirithe. Tagraítear dó seo uaireanta mar “an ceart go ligfí i ndearmad”. D'fhéadfadh a leithéid tarlú má choinnímid sonraí nach bhfuil ag teastáil uainn níos mó, nó má dhéanann tú do chomhthoiliú a tharraingt siar, mar shampla.  Má choinníonn tú caidreamh linn, ní mór dúinn na sonraí a choinneáil chun an caidreamh a bhainistiú. Tabharfaimid freagra ar d'iarradh gan mhoill, agus cuirfimid fáthanna ar fáil má dhiúltaímid do do chuid sonraí nó d'aon chuid díobh a scriosadh.
  • Do chuid sonraí a athlonnú: Nuair is féidir linn é a sholáthar, tá an ceart agat cóip dhigiteach a fháil de na sonraí pearsanta a chuir tú ar fáil dúinn.

    Aistrithe Idirnáisiúnta Sonraí: in imthosca áirithe, d'fhéadfadh go n-aistreoimis do chuid sonraí pearsanta go hidirnáisiúnta, agus taobh amuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (EEA). Má dhéanaimid sin, cinnteoimid go ndéanfar gach aistriú i gcomhréir leis an dlí maidir le cosaint sonraí agus go dtabharfar an leibhéal céanna cosanta do do chuid sonraí is a dtabharfaí dóibh agus iad á mbainistiú in Éirinn. 

Má tá gearán agat ar chúis ar bith faoin úsáid a bhainimid as do chuid faisnéise pearsanta, nó má tá tú míshásta ar bhealach ar bith leis an bhfaisnéis a chuirimid ar fáil duit, ba mhaith linn go ndéanfá teagmháil díreach linn ionas go mbeimid in ann déileáil le do ghearán. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost ag dpo@esb.ie nó tríd an bpost ag An tOifigeach Cosanta Sonraí, ESB, Two Gateway, Bóthar an Phoirt Thoir,  D03 A995, Baile Átha Cliath 3. Is féidir teagmháil a dhéanamh freisin leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí in Éirinn ag 1890 252 231 trí ríomhphost  a sheoladh chuig info@dataprotection.ie nó tríd an bpost chuig An Coimisiún Cosanta Sonraí, Teacht na Canálach, Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSúdaire R32 AP23, Co. Laoise. 

Déanaimid uasdátú ar an bhfógra príobháideachta seo ó am go chéile. Cuirfimid fógra suas ar ár suíomh gréasáin faoi aon athruithe ábhartha sula gcuirfear i bhfeidhm iad, agus cuirfear ar an eolas tú, nuair is cuí, trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála atá againn duit chun na críche seo. Molaimid duit an fógra seo a athbhreithniú ó am go chéile le tú féin a chur ar an eolas faoin úsáid a bhainimid as do chuid faisnéise.

Tuilleadh léitheoireachta