Skip to Content

Séanadh

Séanadh ESB

Is i bhfoirm ghiorraithe agus le haghaidh eolas ginearálta amháin atá an t-eolas ar an suíomh gréasáin seo ar fáil.  Níor chóir braith air mar ráiteas críochnúil iomlán maidir le haon saincheist ar leith.

Is ar phriacal an úsáideora amháin a dhéantar rochtain ar an láithreán gréasáin seo agus a bhaintear leas as.  D'fhéadfadh sé nach bhfuil Sonraí Pearsanta (mar a shainmhínítear faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2003) a théann tríd an idirlíon á gcosaint ná sábháilte lasmuigh de láithreán gréasáin ESB. Ní bheidh ESB gcuid stiúrthóirí, fostaithe, seirbhíseach ná gníomhaithe ná ionadaithe eile, a máthairchuideachtaí ná a bhfochuideachtaí faoi seach (dá ngairfear "ESB anseo feasta) ábalta slándáil sonraí lasmuigh dá ríomhchóras féin a ráthú, más mian leat an modh cumarsáide seo a úsáid.

Ní dhéanann ESB aon ionadaíocht, uiríoll ná barúntacht (bíodh sé curtha in iúl nó intuigthe) maidir le cruinneas nó comhláine na faisnéise atá ar an láithreán gréasáin seo ná ní ghlacann sé aon fhreagracht as an bhfaisnéis sin (agus séanann dliteanas ina leith leis seo). Ní dhéanann BSL aon ionadaíocht ná barántas go bhfuil aon ábhar atá ar fáil le híoslódáil ón láithreán gréasáin seo saor ó ionfhabhtú, víreas nó cód a bhfuil airíonna éillitheacha nó scriosacha ag baint leis.

Ábhar an Láithreáin Ghréasáin

Ní ghlacann ESB freagracht as eolas anseo istigh sa láithreán gréasáin seo a nuashonrú agus dá réir sin ní chóir a mheas go bhfuil an t-eolas atá ann cruinn, iomlán nó cothrom le dáta ag aon am.  D'fhéadfadh an t-eolas anseo istigh a bheith faoi réir ag trasnaíocht ó thríú páirtithe. Ní mór d'úsáideoirí gach ráiteas sa láithreán gréasáin seo a bhailíochtú go neamhspleách.

Tá ábhar an láithreáin ghréasáin seo faoi chóipcheart, d'fhéadfadh aon úsáid neamhúdaraithe aon ábhair ar an láithreán gréasáin seo dlíthe cóipchirt, trádmhairc nó eile a shárú. Ní féidir ábhar ar an láithreán gréasáin seo a chóipeáil, a mhodhnú, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a uaslódáil, a phostáil, a tharchur, a chur ar taispeáint go poiblí, a thaibhléiriú, a leithdháileadh nó a úsáid chun críocha tráchtála ach amháin mura bhfuil sé údaraithe go sainráite i scríbhinn ag BSL agus ag cloí go docht leis an gcoinníoll go gcoinneofaí gach ábhar sa bhformáid chéanna inar fuarthas é.

Sa chás go n-íoslódálann úsáideoir aon ábhar ar an láithreán gréasáin le haghaidh úsáid phearsanta nó neamhtráchtála eile, ní mór d'úsáideoir gach cóipcheart, trádmharc nó fógra comhchosúil eile atá istigh san ábhar bunaidh nó aon chóipeanna den ábhar sin a choinneáil.

Úsáid an Láithreáin Ghréasáin

Níl BSL freagrach as aon chaillteanas, damáiste, costas nó speansais ar bith eile a tharlaíonn mar gheall ar úsáid an láithreáin ghréasáin seo, cibé ar úsáid dhíreach nó indíreach, airgeadais nó eile, a eascraíonn mar thoradh ar rochtain ar, nó spleáchas ar, an eolas ar an láithreán gréasáin seo nó aon ráiteas nó éileamh arna leagan amach anseo. Ní hionann an t-eolas sa láithreán gréasáin seo agus tairiscint, nó cuireadh ó ESB nó thar ceann ESB nó ó aon tríú pháirtí eile, aon seirbhís a leagtar amach nó a dtagraítear di ar an láithreán gréasáin a sholáthar, cibé an eolas díreach nó indíreach atá ann.

Déantar naisc chuig láithreáin ghréasáin faoi úinéireacht tríú páirtithe a sholáthar mar éascaíocht d'úsáideoirí eile.  Níl smacht ná ceannas ag ESB ar aon cheann de na suíomhanna sin ná ar an ábhar atá iontu. Tá oibleagáid ar ESB a cháil agus a thrádmharcanna a chosaint agus forchoimeádann BSL an ceart iarratas a dhéanamh aon nasc chuig ár láithreán gréasáin a bhaint. Tá cead díreach ag teastáil chun lógó ESB a úsáid.

Chun cead i scríbhinn a fháil, déan teagmháil leis an stiúrthóir gréasáin nó úsáid an ghné "Déan teagmháil linn". Tá na gníomhaíochtaí nasc ghréasáin seo a leanas á gcosc ag ESB agus d'fhéadfadh saincheisteanna sáraithe trádmhairc agus cóipchirt eascairt astu.

  • Naisc a mbaineann úsáid neamhúdaraithe lógó ESB leo
  • Frámú, naisc inlíne nó meitichlibeanna
  • Hipearnaisc nó cineál naisc a chuireann an URL faoi cheilt agus a sheachthreoraíonn an leathanach baile

D'fhéadfadh cosc a bheith ar rochtain ar eolas agus úsáid eolais sa láithreán gréasáin seo i ndlínsí ar leith agus níor chóir eolas sa láithreán gréasáin seo a úsáid in aon dlínse eile a bhfuil feidhm ag cosc den chineál sin. Níor chóir aon rud anseo istigh a fhorléiriú mar údarás an t-eolas anseo istigh a úsáid i ndlínsí a bhfuil feidhm ag cosc den chineál sin.

Ní féidir le ESB a ráthú go bhfeidhmeoidh an láithreán gréasáin seo go leanúnach nó gan idirbhristeacha nó go mbeidh siad saor ó earráidí nó ní ghlacfaidh sé dliteanas ar aon dóigh ar bith as a neamh-infhaighteacht . Forchoimeádann ESB an ceart ag aon am aon chuid den láithreán gréasáin a mhodhnú nó a scoir, go sealadach nó go buan, le fógra nó gan fógra.

Tá rochtain ar an láithreán gréasáin agus úsáid an láithreáin chomh maith le rochtain agus úsáid an eolais sa láithreáin gréasáin á rialú agus á fhorléiriú de réir dhlíthe Phoblacht na hÉireann. Beidh dlínse eisiatacht ag Cúirteanna Phoblacht na hÉireann maidir le réiteach díospóidí nó éileamh a eascraíonn as úsáid an láithreáin ghréasáin agus úsáid an eolais sa láithreán gréasáin. Tá ábhar an láithreáin ghréasáin seo Faoi Chóipcheart © ESB.

Arna fhoilsiú Márta 2022