Tá acmhainneacht táirgeachta chomhcheangailte 220MW ag an gcúig stáisiún hidrileictreach atá lonnaithe ar chúíg abhainn ar fud na hÉireann. Le chéile, cuireann siad go leor leictreachais in-athnuaite ar fáil chun soláthar a dhéanamh do thuairim agus 180,000 áit chónaithe, feirm agus gnólacht, agus cuidíonn siad lenár straitéis Tiomanta do Dhifríocht a Dhéanamh: Neodracht a bhaint amach faoi 2040.
Ár stáisiúin hidrileictreacha a ullmhú don gheimhreadh
Is stáisiún uathúil é gach ceann dár stáisiúin hidrileictreacha, agus ní mór dúinn leibhéil uisce ag a dtaiscumair a bhainistiú go cúramach le linn tuilte nó triomaigh. Déanaimid cláir chothabhála riachtanacha gach samhradh, chun ár dtuirbíní a sheirbhísiú agus a dheisiú, agus déanaimid cigireacht ar ár ndambaí agus ar ár struchtúir. Tá na taisc chothabhála deiridh á dtabhairt chun críche againn faoi láthair chun ullmhú don gheimhreadh atá ag druidim linn.
Tá ról reachtúil againn chun leictreachas a ghiniúint ag Ard na Croise mar a leagtar amach in Acht Leictreachais na Sionainne, 1925, san Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 agus san Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1934. Go ginearálta, ceadaíonn an reachtaíocht seo dúinn leictreachas a ghiniúint ag ár stáisiún giniúna ag Ard na Croise i gContae an Chláir agus chun na coraí, comhlaí agus oibreacha eile ar cuid de Scéim na Sionainne iad a bhainistiú.
Déanaimid na leibhéil uisce a thomhas go leanúnach agus cuirimid faisnéis hidriméadrachta ar fáil gach lá nó gach uair an chloig maidir le gach ceann de na stáisiúin hidrileictreacha a bhainistímid. Ní mór dúinn leibhéil uisce ag a dtaiscumair a bhainistiú go cúramach le linn tuilte nó triomaigh agus déanaimid monatóireacht ar an mbáisteach le linn na bliana chun oibreacha riachtanacha a phleanáil agus chun coinne a bheith againn le gníomhú mar fhreagra ar imeachtaí adhaimsire.
Bainistiú Tuilte
Nuair a thiteann báisteach mhór, déanaimid iarracht insreafaí móra uisce a stóráil nó a atreorú chun an riosca tuilte a íoslaghdú. Ós rud é go bhfuil gach ceann dár stáisiúin hidrileictreacha agus na córais abhainn ina bhfeidhmíonn siad uathúil, tá roghanna éagsúla ar fáil chun plé leis na cásanna sin nuair a tharlaíonn siad.
Cad a dhéanaimid ag Stáisiún Giniúna Ard na Croise le linn tuile?
Tá ról tábhachtach ag ár Stáisiún Giniúna ag Ard na Croise i gContae an Chláir chun uisce a atreorú ón tSionainn le linn tuile.
Cé mhéad uisce a scaoiltear as Cora an Phairtín i gcás tuile?
Déantar na leibhéil uisce ag Abhantrach an Phairtín a bhainistiú le linn tuile lena chinntiú go bhfanann siad laistigh den raon oibriúcháin sábháilte trí gan ach méid áirithe uisce, nach bhfuil iomarcach ná easnamhach, a scaoileadh amach as Cora an Phairtín.