Skip to Content

Fuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta

Tá ról mór á imirt ag an bhfuinneamh gaoithe amach ón gcósta i gcomhrac an chine dhaonna in aghaidh an athraithe aeráide agus san aistriú chuig an ngeilleagar saor ó charbón. Táimid ag plé le giniúint fuinnimh amach ón gcósta ó bhí 2017 ann agus tá roinnt tionscadal nua beartaithe againn d’Éirinn agus don Ríocht Aontaithe.

I gcomhpháirtíocht le Ørsted chun deiseanna amach ón gcósta a fhorbairt

Táimid ag dul i gcomhpháirtíocht le Ørsted chun sraith tionscadal forbartha fuinnimh gaoithe a fhorbairt amach ó chósta na hÉireann, chomh maith le tionscadail hidrigin in-athnuaite chomhlántacha a fhorbairt.

Oibreoimid le chéile chun dícharbónú chóras leictreachais na hÉireann a chur chun cinn agus onnmhairí fuinnimh in-athnuaite chun na hEorpa a chumasú sa todhchaí.

Breathnaigh ar an bhFíseán

Tionscadail atá á dTógáil faoi láthair

Neart na Gaoithe

Táimid ag obair i gcomhar le EDF Renewables UK chun an tionscadal 450MW seo a fhorbairt amach ó Chósta Fife a mbeidh sé de chumas aige fuinneamh glan a chur ar fáil do 375,000 teach in Albain.

Tuilleadh Eolais

Inch Cape

I gcomhpháirtíocht le Red Rock Power Limited, táimid ag forbairt na feirme gaoithe seo atá suite 15km amach ó chósta Angus in Albain. A luaithe a bheidh an fheirm ghaoithe ag feidhmiú, cuirfidh sí 1.1GW de leictreachas glan ar fáil, a dhóthain fuinnimh chun cumhacht a sholáthar do níos mó ná 1.7 milliún teach.

Tuilleadh Eolais

Feirm Ghaoithe Galloper

Is cuid de chuibhreannas thionscadal Galloper muid, feirm ghaoithe atá suite 30km amach ó chósta Suffolk. Táirgeann a 56 tuirbín gaoithe 353MW de leictreachas glan agus cuireann an fheirm ghaoithe seo 60 post fadtéarmach ar fáil i réigiún an Chósta Thoir.

Tuilleadh Eolais

Tionscadail atá Beartaithe againn

Feirm Ghaoithe Amach ón gCósta Oriel

Tá an tionscadal seo, atá suite amach ó chósta Chontae Lú, á chomhfhorbairt ag Parkwind agus ESB.

Tuilleadh Eolais

Feirm Ghaoithe Amach ón gCósta Cheann Chlochair

Táimid ag obair i gcomhar le Parkwind chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil sé indéanta Feirm Ghaoithe Amach ón gCósta Cheann Chlochair a fhorbairt, timpeall 10km amach ó chósta Chontae Lú.

Tuilleadh Eolais

Tuilleadh léitheoireachta